Aipeanna ar Fáil

real_time_app2

Aip Breisithe Creidmheasa Leap

Gnéithe:
Is Aip saor in aisce í an Aip Breisithe Creidmheasa Leap d'fhóin Android NFC-chumasaithe. Cuireann sé ar do chumas agat do Chárta Leap a Bhreisiú ar an toirt, d'iarmhéid a sheiceáil agus ticéid a bhailiú. Nuair a bheidh sé íoslódáilte ní gá ach do Chárta Leap a chur i gcoinne chúl d’fhóin chliste Android atá NFC-chumasaithe chun d’iarmhéid a sheiceáil, ticéad réamhíoctha a bhailiú nó do Chárta Leap a bhreisiú – áit ar bith, am ar bith.

ÍOSLÓDÁIL ANOIS – SAOR IN AISCE

icon_googleplay_big

 

iPhone-JourneyPlanner1

Ceisteanna Coitianta faoin Aip Pleanálaí Turais

Ar an aip Pleanálaí Náisiúnta Turais tá eolas faoi phleanáil turais agus chláramanna ó gach soláthraí iompair phoiblí ceadúnaithe ar fud na hÉireann. Soláthraíonn an aip eolas faoi sheirbhísí bus, tram, farantóireachta agus tacsaí. Soláthraíonn an aip Pleanálaí Turais pleananna bealaigh ó thús deireadh agus é ag tógáil san áireamh imeachtaí sceidealaithe in aice le d’ionad reatha nó le hionad sonrach ar bith. Is féidir le húsáideoirí an aip a íoslódáil ón Aipmhargadh nó Google Play store. Ní thacaítear leis an leagan windows den aip níos mó.

Gnéithe breise:
– Clúdach in Éirinn go léir, ceantair iarghúlta agus cathracha amhail Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Corcaigh, Gaillimh, Luimneach & Port Láirge san áireamh.
– Gach modh iompair phoiblí lena n-áirítear traenacha, busanna agus tramanna ó sholáthraithe iompair amhail Bus Átha Cliath, Luas, Bus Éireann, DART, Iarnród Comaitéireachta, Air Coach, GoBe, Matthews Coaches, srl.
– Léarscáiliú dinimiciúil zúmáil agus scrollaigh.
– GPS ag úsáid ‘my location’.
– Sábháiltear na hionaid is fearr agus turais deireanacha.
– Feidhmeanna ríomhphoist agus féilire.

ÍOSLÓDÁIL ANOIS – SAOR IN AISCE

icon_appstore_big icon_googleplay_big

 

iPhone-Realtime3-530x1024

Aip Fíor-ama in Éirinn

Comhtháthaíonn an Aip Fíor-am na hÉireann gach eolas faoi sheirbhísí teachta fíor-ama ó Bhus Átha Cliath, Bhus Éireann, Dart, Iarnród Éireann agus Luas. Ní thacaítear leis an leagan windows den aip níos mó.

Gnéithe:
– Ceadaíonn sé duit foláirimh a shocrú le cur in iúl duit nuair atá do bhus 10 20 nó 30 nóiméad ó stad bus ar leith ionas gur féidir leat pleanáil cén uair do bhaile nó an obair a fhágáil.
– Is féidir leis an aip a chur in iúl duit nuair atá tú ag teacht chuig stad bus ar leith (spléach ar GPS).
– Taispeánann an Aip comhnuashonraithe iompair ó Bhus Átha Cliath, Bhus Éireann, Luas, Dart agus Iarnród Éireann.

ÍOSLÓDÁIL ANOIS – SAOR IN AISCE

icon_appstore_big icon_googleplay_big
 

 

iPhone-5sDriverCheck

Aip Seiceáil do Thiománaí Tacsaí

Cuireann aip tiománaithe tacsaí na hÉireann ar do chumas agat sonraí ceadúnais na feithicle agus an tiománaí a sheiceáil agus grianghraf den tiománaí údaraithe a fheiceáil. Is féidir leat, ansin, na sonraí seo (gan an grianghraf) a sheoladh ar aghaidh chuig cara leat – tugann sé seo suaimhneas do chustaiméirí tacsaí go bhfuil siad ag taisteal go sábháilte agus go bhfuil taifead ann dá dturas. Clúdaíonn an aip tacsaithe, hacnaithe, limisíní agus FSPanna ceadúnaithe ar fud na hÉireann. Tá cuid staire ina bhfuil do chuardaigh go léir stóráilte.

Tá an Aip éasca le húsáid; níl le déanamh agat ach é a oscailt ar d'fhón agus ansin ceann de na nithe seo a leanas a chur isteach:
– Gnáthuimhir chlárúcháin an chairr;
– Uimhir cheadúnais na feithicle (taispeánta ar an bhfógra dín nó na fógraí dorais);
– Uimhir cheadúnais an tiománaí (taispeánta ar an gcárta ID ar dhais na feithicle); nó
– Scan cód QR na feithicle atá le fáil ar na gaothscáthanna chun tosaigh agus ar chúl
na feithicle araon.

ÍOSLÓDÁIL ANOIS – SAOR IN AISCE

icon_appstore_big icon_googleplay_big

 

Cycle Planner App

Aip Pleanálaí Rothaíochta Átha Cliath

Cuireann Pleanálaí Rothaíochta Bhaile Átha Cliath eolas ar fáil maidir leis na bealaí rothaíochta is fearr i mBaile Átha Cliath, ag brath ar chumas rothaíochta an duine aonair. Is féidir leat Pleanálaí Rothaíochta Bhaile Átha a úsáid ar líne nó an Aip a íoslódáil saor in aisce ón Aipmhargadh d'iPhone agus iPad nó Google Play store do ghléasanna Android. Mura bhfuil cur amach agat ar an rothaíocht nó má tá tú ag dul ar an rothar arís tar éis sos fada aimseoidh an Pleanálaí Rothaíochta bealach a sheachnaíonn bóithre a bhfuil go leor tráchta orthu agus freisin seachnaíonn sé castaí deacra ag acomhail ghnóthacha le cuidiú leat dul i dtaithí ar dhul timpeall an bhaile ar do rothar.

Le haghaidh na rothaithe níos cumasaí inseoidh an cycle planner duit faoin mbealach is dírí le tógáil agus raonta rothaíochta á moladh áit a bhfuil siad ann. Clúdaíonn an pleanálaí rothaíochta Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus na bailte móra timpeall Chontae Bhaile Átha Cliath.

I measc na ngnéithe úsáideacha eile, tá:
– Aimsigh bealach rothaíochta trí roinnt agastad
– Tóg mo rothar liom ar an traein
– Úsáid Rothair Átha Cliath
– Seachain cnoic
– Áiritheoir Co2 agus calraí
– Áiteanna spéise in aice le mo bhealach
– Bealaí téamacha ar taispeáint
– Próifíl cnoic
– Comhtháthaíonn leis an bPleanálaí Náisiúnta Turais

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an aip pleanálaí rothaíochta féach anseo

ÍOSLÓDÁIL ANOIS – SAOR IN AISCE

icon_appstore_big icon_googleplay_big