Na Príomhghnéithe

  • Féach faisnéis atá cothrom le dáta le go bheidh a fhios agat cén uair a bheidh bus/tram/traein ag stad nó ag stáisiún ar leith.
  • Faisnéis fíor-ama faoi imeachtaí agus faisnéis uasdátaithe faoi chúrsaí taistil ó Bhus Éireann, ó Bhus Átha Cliath, ó Go-Ahead Ireland, ó Iarnród Éireann agus ó LUAS.
  • Socraigh do chuid ceanán le gur féidir leat rochtain thapa a fháil ar fhaisnéis fíor-ama maidir le busanna/tramanna LUAS/traenacha ag na stadanna is minice a n-úsáideann tú iad.
  • Is féidir breathnú ar stadanna agus ar bhealaí agus is féidir nascleanúint a dhéanamh tríothu.

Tá Aip Fíor-Ama TFI ar fáil saor in aisce i stóras Apple App agus i stóras Google Play.

Cumascann Aip Fíor-Ama TFI na seirbhísí faisnéise fíor-ama go léir ag ar fáil ó Bhus Éireann, ó Bhus Átha Cliath, ó Go-Ahead Ireland, ó Iarnród Éireann agus ó LUAS. Soláthraíonn an aip faisnéis uasdátaithe, rud a chabhróidh leat do thuras a phleanáil go héifeachtúil.

Is féidir cuardach a dhéanamh de réir bealaigh nó uimhir stad. Níl le déanamh ach cliceáil ar an roghchlár agus an rogha iomchuí a roghnú. Tá léarscáil idirghníomhach ar fáil freisin agus tá lipéad ag gabháil le gach uile stad. Nuair atá do stad aimsithe agat, tapáil ar shiombail an bhus agus seolfaidh an aip chuig leathanach na n-imeachtaí thú.

Is ceart a bheith ar an eolas go mbíonn rudaí ann a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chruinneas faisnéise fíor-ama mar a leanas: d’fhéadfadh an trácht, timpistí bóthair, dúnadh bóithre gan choinne, suaitheadh oibríochtúil nó fadhbanna teicniúla difear a dhéanamh do sheirbhísí bus uaireanta. Dá bharr sin, bíonn ar oibreoirí athruithe a dhéanamh ar an sceideal ag an nóiméad deiridh agus ní bhíonn sé indéanta i gcónaí athruithe den sórt sin a léiriú in Aip Fíor-Ama TFI.

Is é a dhéanann faisnéis fíor-ama ná am teachta iarbhír a réamhthuar trí eolas a bheith ar fáil faoin áit a bhfuil an bus aon tráth áirithe. D’fhéadfadh do bhus teacht ag an am a thaispeántar nó d’fhéadfadh dálaí tráchta tionchar a imirt air agus, dá bhrí sin, is féidir athrú teacht ar an am teachta a thaispeántar ar an aip. Is é is aidhm d’fhaisnéis fíor-ama ná an fhaisnéis is déanaí agus is cruinne atá ann a chur ar fáil aon tráth áirithe don phaisinéir atá ag fanacht.

Fáiltíonn Transport for Ireland roimh aon aiseolas atá agat faoi Aip Fíor-Ama Transport for Ireland. Chun aiseolas a chur ar fáil, iarrtar ort an fhoirm a chomhlánú.