Déan cinnte, le do thoil, go léann tú (tugtar an tÚsáideoir, tú nó do ort anseo) na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE le cúram ór rialaíonn siad d’úsáid agus do rochtain ar Shuíomh Gréasáin an Údaráis Náisiúnta Iompair de chuid an Ghréasáin Dhomhanda ag www.nationaltransport.ie (an Suíomh ). Mura nglacann tú leis na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo, ná húsáid an Suíomh seo, le do thoil.

1. ÚINÉIREACHT AN tSUÍMH

Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ar a dtugtar Údarás Náisiúnta Iompair, UNI, muid, sinn nó ár air) úinéir agus oibritheoir an tSuímh, a chuimsíonn freisin, de réir mar a theastaíonn sé ón gcomhthéacs, ár soláthraithe tríú páirtí agus aon pháirtí eile bainteach le soláthar nó le cothabháil an tSuímh seo.

Is comhlacht reachtúil an tÚdarás Náisiúnta Iompair, arna bunaíodh ar an 1 Nollaig. 2009.

2. FEIDHMIÚ AN tSUÍMH

Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair a rialaíonn agus a fheidhmíonn an Suíomh seo ónár n-oifig i mBaile Átha Cliath, Éire. Soláthraítear an t-ábhar atá le feiceáil ar leathanaigh an tSuímh seo (ar a dtugtar eolas nó ábhair) de réir, agus faoi réir dhlíthe na hÉireann.  Má tá aon ábhar ar an Suíomh seo, nó an úsáid a bhaineann tú as an Suíomh seo, in aghaidh dhlíthe na dlínse ina bhfuil tú, sa chás sin, níl an Suíomh seo beartaithe le bheith úsáidte agat agus iarraimid ort gan an Suíomh seo a úsáid. Is tusa atá freagrach as géilleadh le dlíthe na dlínse ina bhfuil tú.

Coimeádann an tÚdarás Náisiúnta Iompair an ceart aige féin do rochtain ar agus d’úsáid as an Suíomh seo a chur ar crochadh nó a chríochnú in am ar bith, rud a d’fhéadfadh tarlú le nó gan fógra. Má tharlaíonn a leithéid, seolfar fógra chuig do sheoladh ríomhphoist de réir mar a chuirtear in iúl é don Údarás Náisiúnta Iompair, agus glacfar leis go bhfuil sé seirbheáilte dhá (2) uair an chloig tar éis dúinn é a tharchur.

3. EOLAS MAIDIR LEIS AN SUÍOMH FEIDHM AGUS NUASHONRUITHE

Feidhmítear an Suíomh seo d’fhonn eolas ginearálta a chur ar fáil faoin Údarás Náisiúnta Iompair agus a oibriúcháin. Níl sé i gceist go dtabharfaidh an t-eolas atá ar fáil ar an Suíomh seo aghaidh ar do riachtanais ar leith ná bheith ina tairiscint, promóisean nó sirtheoireacht d’Úsáideoirí aon táirge nó seirbhís de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair a cheannach nó a dhíol. Ní dhíoltar táirgí agus seirbhísí ach i gcomhlíonadh na ndlíthe ar leith den dlínse ina ndíoltar iad.

D’fhéadfadh an Suíomh seo, an t-eolas soláthraithe ar na leathanaigh agus na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo athrú nó bheith leasaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair ó am go ham gan fhógra. Ba cheart duit athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil ar na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE reatha ag an am mar is iad an leagan leasaithe a bheidh ábhartha do gach úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo ina dhiaidh.

4. SÉANADH

CÉ GUR THÓG AN tÚDARÁS NÁISIÚNTA IOMPAIR GACH CÉIM RÉASÚNACH LE BEACHTAS BAILÍOCHT INÚSÁIDTEACHT SLÁNDÁIL CRUINNEAS AGUS IOMLÁINE AN EOLAIS AR FÁIL AR AN SUÍOMH SEO A CHINNTIÚ, CUIRTEAR AN tEOLAS AR FÁIL MAR ATÁ SÉ, LENA BHOTÚIN AR FAD AGUS DE RÉIR MAR ATÁ SÉ AR FÁIL. DON MHÉID IS MÓ A CHEADTAÍTEAR FAOIN DLÍ ÁBHARTHA SÉANANN AN tÚDARÁS NÁISIÚNTA IOMPAIR GACH BARÁNTA COINNÍOLL AGUS TÉARMA DE GACH SÓRT (SEACHAS DUALGAS MACÁNTACHTA) MÁS NOCHTAITHE NÓ TUGTHA LE FIOS LENA nÁIRÍTEAR BARÁNTAÍ GAN SRIAN TUGTHA LE FIOS NÓ COINNÍOLLACHA CÁILÍOCHTA OIRIÚNACH DON FHEIDHM AR LEITH TEIDLÍOCHT SÁSAMH PEARSANTA NÓ GAN CEARTA MAOINE INTLEACHTÚLA A SHÁRÚ.

NÍ BHEIDH AN tÚDARÁS NÁISIÚNTA IOMPAIR FAOI DHLITEANAS AON CHAILLTEANAS NÓ DAMÁISTE INDÍREACH NÓ IARMHARTHACH A EASCRAÍONN AS D’ÚSÁID NÓ TUILLEAMAÍ AR AN EOLAS SEO BÍODH SÉ ÚDARAITHE NÓ NACH MBÍODH DON MÉID IS MÓ A CHEADAÍTEAR FAOIN DLÍ ÁBHARTHA FIÚ DÁ gCUIREADH COMHAIRLE AR AN ÚDARÁS NÁISIÚNTA IOMPAIR MAIDIR LE CAILLTEANAS NÓ DAMÁISTE FÉIDEARTHA DEN CHINEÁL SEO. BEIDH DLITEANAS AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA IOMPAIR I LEITH CAILLTEANAS NÓ DAMÁISTE DÍREACH CIBÉ CÉN CHAOI A dTAGANN ANN DÓ DE THORADH D’ÚSÁID NÓ TUILLEAMAÍ AR AN EOLAS SEO BÍODH SÉ CEADAITHE NÓ NACH mBÍODH SRIANTA DO CHEARTÚCHÁN NÓ ATHCHUR AN EOLAIS.

MÁ ÍOSLÓDÁLANN TÚ AON ÁBHAR ÓN SUÍOMH SEO, DÉANANN TÚ É AR DO BHREITHIÚNAS AGUS PHRIACAL FÉIN. IS TUSA AMHÁIN A BHEIDH FREAGRACH AS AON SONRAÍ A CHAILLTEAR NÓ DAMÁISTE A DHÉANTAR DO DO CHÓRAS RÍOMHAIREACHTA DE THORADH AON ÍOSLÓDÁIL DEN CHINEÁL SEO.

NÍ CHEADAÍONN DLÍNSÍ AR LEITH DÍBIRT ROINN BARÁNTAÍ NÓ SRIAN NÓ DÍBIRT DLITEANAIS DO BHÁS NÁ DÍOBHÁIL PHEARSANTA. SEANS NACH MBAINFIDH CUID DE NA SRIANTA LEAT. NÍ BHEIDH TIONCHAR AR BITH AG NA TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE SEO AR CHEARTA REACHTÚLA ÚSÁIDEOIRÍ A PHLÉANN LEIS AN ÚDARÁS NÁISIÚNTA IOMPAIR MAR THOMHALTÓIRÍ.

5. NAISC LE SUÍOMHANNA EILE

Leanann naisc áirithe ar an suíomh seo ar aghaidh go dtí suíomhanna gréasáin ar an nGréasán Domhanda coinnithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus tríú páirtithe. Cuirtear na naisc seo ar fáil le bheith áisiúil duit. Níl athbhreithniú déanta againn ar an eolas ar fad atá ar fáil ar na suíomhanna seo agus nílimid freagrach as fáil nó a bhfuil le fáil ar aon suíomhanna eile (nó suíomhanna nasctha le suíomhanna mar seo) ná aon táirgí nó seirbhísí a chuirtear ar fáil trí aon suíomh eile. D’fhéadfadh eolas bheith ar suíomhanna tríú páirtí a aontaíonn nó nach n-aontaíonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair leis agus níor cheart glacadh le naisc go dtí suíomhanna mar seo mar formhuiniú ar an méid atá ar na suíomhanna nasctha. D’fhéadfadh téarmaí agus coinníollacha éagsúla bheith bainteach leis an úsáid a bhaineann tú as aon suíomhanna nasctha.

Níl cead agat frámú ná nascadh leis an Suíomh seo gan cead i scríbhinn ón Údarás Náisiúnta Iompair roimh ré.

6. SLÁNDÁIL AGUS PRÍOBHÁIDEACHAS RÍOMHPHOIST

Tá céimeanna réasúnta tráchtála tógtha ag an Údarás Náisiúnta Iompair le slándáil do chumarsáide leis an Suíomh seo a chinntiú. Tá sonraí maidir leo seo le fáil i ráiteas príobháideachais agus slándála an Údaráis Náisiúnta Iompair, atá le fáil ar iarratas. Ní baineann an ráiteas príobháideachais agus slándála le suíomhanna tríú páirtí.

Tríd an rochtain aige ar an Suíomh seo, glacann an tÚsáideoir leis go bhféadfadh nach bhfuil ríomhphoist seolta ar an Idirlíon saor ó thrasnaíocht ag tríú páirtithe. De thoradh air seo, ní féidir leis an Údarás Náisiúnta Iompair príobháideachas nó rúndacht aon eolas a bhaineann leis an Úsáideoir a théann thar an Idirlíon a chinntiú. Is é an tÚsáideoir a bheidh freagrach as do chumarsáid leis an Suíomh seo, go háirithe a dhlíthiúlacht, ionraiceas agus chruinneas. Go háirithe ach gan srian, níor cheart duit aon ábhar mídhleathach, bagrach, clúmhillteach nó gáirsiúil a phostáil chuig an Suíomh seo, ná aon ábhar a d’fhéadfadh bheith ina chúis le cion choiriúil agus/nó ina dhliteanas sibhialta in aon dlínse ábhartha. Is faoi do bhreithiúnas féin amháin é aon eolas a sheoladh chuig an Údarás Náisiúnta Iompair, aighneachtaí ar chomhairliúcháin phoiblí nó iarratais ar fholúntais a d’fhéadfadh bheith póstáilte ar an Suíomh san áireamh.

Cé go bhfuil an tÚdarás Náisiúnta Iompair faoi cheangal ag reachtaíocht ábhartha cosanta sonraí, d’fhéadfadh an tÚdarás Náisiúnta Iompair úsáid a bhaint as aon eolas nach eolas pearsanta é, de réir mar is cuí, d’fhonn feabhas a chur ar ár n-oibríochtaí. Tá ár ráiteas príobháideachais agus slándála le fáil ar iarratas.

7. FÓGRAÍOCHT

D’fhéadfadh amach anseo go mbeidh fógraíocht agus urraíocht mar chuid den Suíomh nó Suíomhanna eile faoi scáth an Údaráis Náisiúnta Iompair. Is iad na fógróirí agus na hurraitheoirí atá freagrach as a chinntiú go gcloíonn an t-ábhar a chuirtear faoinár mbráid le cur ar an Suíomh leis an dlí idirnáisiúnta agus náisiúnta. Ní bheidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair freagrach as aon earráid nó míchruinneas in ábhar fógraíochta.

8. FÓGRA AGUS CEADÚNAS CÓIPCHIRT

Is faoi úinéireacht an tÚdarás Náisiúnta Iompair nó a cheadúnóirí an t-eolas atá ar fáil ar an Suíomh seo, roinnt agus leagan amach an ábhair, na bpictiúr, na ngraificí, na bhfíseán, an cheoil, na bhfuaimeanna agus aon ábhar eile san áireamh ach ní gan srian, agus tá siad faoi chosaint dlíthe náisiúnta agus idirnáisiúnta cóipchirt, trádmhairc agus eile. Is féidir leat brabhsáil tríd an Suíomh seo agus cóipeanna den ábhar a chur i gcló nó a íoslódáil d’aon ríomhaire amháin le haghaidh úsáid neamhthráchtála taobh istigh do do [or work] thimpeallacht bhaile a fhad is go gcoinníonn aon chóipeanna, bíodh siad meicniúil nó leictreonach, aon fhógra nó séanadh cóipchirt nó dílsithe. Ní thugtar aon chead aon athrú a dhéanamh ar an eolas ar an Suíomh seo agus tá gach cead, nach dtugaimid cead sonrach dó sna TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo, ar cosaint.

Ní cheadaíonn an ceadúnas teoranta ábhair an tSuímh seo a chóipeáil, mar a ndéantar cur síos air thuas, nó aon chuid dó a ionchorprú in aon saothar nó foilseachán eile, bíodh sé i bhfoirm chrua, leictreonach nó aon fhoirm eile. Go háirithe ach gan srian, ní cheadaítear aon ábhar ar an Suíomh seo a chóipeáil nó a roinnt ar chúinsí tráchtála ar bith. Ní féidir aon ábhar ar an Suíomh seo a atáirgeadh nó a tharchur ar nó chuig nó stóráilte in aon suíomh gréasáin eile nó aon chóras aisghabhála leictreonaí de chineál ar bith eile.

9. FÓGRA TRÁDMHAIRC

Is marcanna seirbhíse trádmhairc nó ainmneacha trádála de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair nó a chomhpháirtithe mar is cuí gach ainmneacha táirge, ainmneacha leagain, sluáin, lógónna agus suaitheantais a ndéantar trácht orthu ar an Suíomh seo, is cuma má tá siad i gcló mór nó nach bhfuil, nó leis an TM nó siombail trádmhairc (na Marcanna). Tá gach ceart sna Marcanna ar cosaint agus ní cheadaítear aon cheadúnas ná ceart le húsáid ag Úsáideoirí. Anuas air sin, tá úsáid nó mí-úsáid na Marcanna coiscithe go sainiúil.

10. DLÍ CEANNAIS

Dearadh an Suíomh seo le bheith in oiriúint le dlíthe na hÉireann. Tá úsáid an tSuímh seo faoi réir dhlíthe na hÉireann (gan Tuaisceart Éireann san áireamh) a rialóidh go heisiach ciall, cur i bhfeidhm agus tionchar na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo. Beidh dlínse eisiach ag cúirteanna na hÉireann ar gach éileamh nó aighneas a n-eascraíonn maidir le nó as nó bainteach leis an Suíomh seo agus a úsáid.

Má ghlactar leis go bhfuil aon fhoráil de na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo mídhleathach, ar neamhní nó neamh-in-fheidhmithe ar fáth ar bith, glacfar leis go bhfuil an fhoráil sin bainte agus ní bheidh tionchar aici ar bhailíocht agus in-fhorfheidhmitheacht na bhforálacha fágtha.

11. COMHAONTÚ IOMLÁN

Cuimsíonn na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo an comhaontú iomlán idir na páirtithe maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an Suíomh seo.

2012 Údarás Náisiúnta Iompair Gach ceart ar cosaint · Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide ·