Cuireann JJ Kavanagh and Sons Bealach 139 ar fáil thar ceann Transport for Ireland.

Bunaíodh JJ Kavanagh in 1919 agus is é an comhlacht príomháideach bus is mó in Éirinn é.

Bíonn 9 seirbhís ar an gcuarbhealach seo gach lá a ghiorraíonn an bóthar chuig an Nás, na Solláin, Claonadh, Ráth Chofaigh, Maigh Nuad, Léim an Bhradáin agus Baile Bhlainséir.

Ceadaítear daoine a bhailiú agus a fhágáil idir an Nás agus Claonadh ar sheirbhísí 7:00pm, 9:00pm agus 10:35pm ó Luan go Satharn, agus ar na seirbhísí ar fad Dé Domhnaigh agus le linn Saoirí Poiblí.

Tá Bealach 139 (arna chur ar fáil ag JJ Kavanagh and Sons) comhtháite go hiomlán i bPleanálaí Turas TFI. Pleanálaí ó dhoras go doras is ea Pleanálaí Turas TFI ina gcuirtear eolas faoi sheirbhísí, treoracha agus meastacháin ama ar fáil chun turas a dhéanamh le gach soláthróir iompair phoiblí ceadúnaithe ar fud na hÉireann.

Ceann Aistir: Oispidéal an Náis, I.T. Baile Bhlainséir

Táillí

Is féidir táillí agus eolas faoi amchláir a fháil ag an nasc seo a leanas – Seirbhís Bus TFI an Nás go Baile Bhlainséir.

Tabhair ar aird go bhfuil athrú tagtha ar tháillí bhealach 139 ón 1 Eanáir 2019.

Cuireann JJ Kavanagh and Sons ticéid Taxsaver ar bhonn míosúil, ar bhonn ráithe agus ar bhonn bliantúil ar fáil chomh maith. D’fhonn daoine a spreagadh úsáid a bhaint as iompar poiblí chuig an obair agus ar ais an dreasacht seo agus is féidir idir 29% agus 52% a shábháil ar tháille do thicéid. Chun tuilleadh a léamh faoi Thicéid Taxsaver, téigh chuig an láithreán gréasáin oifigiúil.

Inrochtanacht

Tugann JJ Kavanagh and Sons cead do dhaoine a gcuid madraí treorach a thabhairt ar a gcuid busanna. Cuimhnigh le do thoil go gcaithfidh cóta nó úim a bheith ar do mhadra treorach chun go mbeidh an tiománaí ábalta é a aithint.