Tugadh custaiméirí Bhus Chathair Chill Chainnigh ar aird go bhfuil Ceann Aistir Inse an Phuirséalaigh ar Bhealach KK2 as seirbhís go sealadach agus go bhfuil gach seirbhís KK2 ag críochnú / ag tosú ag Ráth an Leigéadaigh.

Chuir City Direct tús le dhá bhealach nua i gCathair Chill Chainnigh thar ceann Transport for Ireland an 18 Nollaig.  Téann Bealach KK1 ó Pháirc Mhiondíola an Locha Bhuí go Timpeallán an N77 agus déanann freastal ar Shráid Phádraig Uachtarach, Acomhal Mhic Dhonncha, agus Bóthar Chaisleán an Chomair. Téann KK2 ó Inse an Phuirséalaigh go Ospidéal Naomh Lúcás agus stopann sí ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath, Ionad Siopadóireachta na Páirce Nua, Stáisiún Mhic Dhonncha, Páirc Uí Nualláin agus Loreto.

Téann an dá bhealach an tslí chéanna trí lár na cathrach, ag freastal ar Shráid na Parlaiminte, ar Chlós an Mhargaidh agus ar Shráid Eoin Uachtarach. Cuirtear gach aon bhealach ar fáil gach 30 nóiméad ó Luan go Satharn. Cuirtear an tseirbhís ar fáil gach uair a chloig ar an Domhnach agus bíonn seirbhís ar fáil gach leathuair i rith phríomhuaireanta an lae. Cuirtear seirbhís dhéanach san oíche ar fáil oíche Dé hAoine agus oíche Dé Sathairn.

Is féidir mapaí bealaigh a fháil anseo.

Glactar le Cárta Leap TFI ar na seirbhísí seo, a thugann lascaine 30% ar thaisteal. Déan cuardach inár aimsitheoir gníomhaire chun an áit is féidir leat do Chárta Leap TFI a cheannach agus a bhreisiú sa chathair a fháil amach.

Sonraí Amchláir

KK1 (Páirc Mhiondíola an Locha Bhuí  – Timpeallán an N77)

KK2 (Inse an Phuirséalaigh – Ospidéal Naomh Lúcás)

Eolas ar Tháillí

Táille shingil Leap TFI Táille shingil in airgead tirim
Duine Fásta/Mac Léinn €1.40 €2.00
Leanbh €0.84 €1.20

Glactar le Pas Saorthaistil.

Cuirfear táille promóisin Leap €1 i bhfeidhm ar feadh an chéad 3 mhí. Mar sin, ní íocfaidh tú ach €1 an turas le do Chárta Leap TFI do dhuine fásta nó do mhic léinn go dtí an 17 Márta.

Íoslódáil ár mapa le léaráidí anois!