An Aip Seiceáil do Thiománaí

Cuireann an Aip Éireannach Seiceáil do Thiománaí ar chumas úsáideoirí a chinntiú go bhfuil an fheithicil a bhfuil siad ar tí a fháil ar cíos cláraithe i gceart agus go bhfuil an ceadúnas cuí ag an tiománaí leis an bhfheithicil a thiomáint. Freisin tá áis ann chun sonraí turais a sheoladh trí ríomhphost chuig cara.

Nuair a dhéanfaidh tú an aip a íoslódáil iarrfar ort d’ainm, do sheoladh ríomhphoist agus seoladh ríomhphoist do charad a thabhairt chun clárú. Cuireann an Aip Seiceáil do Thiománaí ar chumas úsáideoirí uimhir chlárúcháin an chairr, uimhir chlárúcháin na feithicle nó uimhir cheadúnais an tiománaí a chuardach. Má tá an chosúlacht air go bhfuil an t-eolas mícheart, is féidir tuairisc a chur isteach.

Clúdaíonn an Aip Seiceáil do Thiománaí tacsaithe, hacnaithe agus limisíní ceadúnaithe. Is uirlis úsáideach í a chinntíonn go bhfuil tú sábháilte agus compordach agus tiománaí nó feithicil á bhfruiliú.

Is féidir leat an aip a íoslódáil saor in aisce ó shiopa App Apple don iPhone agus iPad nó ó shiopa Google Play le haghaidh ghléasraí Android.

iPhone-5sDriverCheck

Deimhnigh go bhfuil do thacsaí cláraithe i gceart agus seol sonraí chuig cara.

Is féidir leat an aip Seiceáil do Thiománaí a íoslódáil saor in aisce ó Aipmhargadh Apple d’iPhone agus iPad nó ó Google Play store do ghléasanna Android.

ÍOSLÓDÁIL ANOIS – SAOR IN AISCE

icon_appstore_big icon_googleplay_big