Moltaí & gearáin maidir le tacsaithe
Moltaí & gearáin maidir le tacsaithe
Fáilte chuig an bhfoirm aiseolais do Thacsaithe. Ceapadh an córas seo a leanas chun cabhrú leat aiseolas a thabhairt don Údarás Náisiúnta Iompair.
Sula leanann tú ar aghaidh, tabhair do d’aire nach féidir leis an Údarás Náisiúnta Iompair imscrúdú a dhéanamh ach ar nithe faoina dhlínse. Mura raibh tú i do phaisinéir nó mura raibh sé i gceist agat bheith i do phaisinéir san fheithicil nó murar féidir an tiománaí ná an fheithicil a aithint bunaithe ar an eolas tugtha, d’fhéadfaí nach féidir imscrúdú a dhéanamh ar do ghearán.
Leagann Alt 64 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2013 amach na catagóirí gearáin gur féidir leis an Údarás déileáil leo. Ina measc, tá gearáin a bhaineann le:
- Cuma, ródacmhainneacht agus glaineacht na feithicle;
- Iompar, iompraíocht agus aitheantas tiománaí FBSP;
- Rótháille a ghearradh agus nithe eile a bhaineann le táillí;
- An FBSP a fháil ar cíos agus a chur in áirithe; agus
- Aitheantas agus cuma ghinearálta an FBSP.
Má bhaineann do ghearán le hábhar de nádúr coiriúil nó má chonaic tú cion i gcoinne na rialachán um thrácht ar bhóithre ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána. I gcás éigeandála glaoigh ar 112 nó 999.
Más ball den earnáil thú agus más maith leat gearán a dhéanamh maidir le ceisteanna oibríochtúla nó polasaí, úsáid, le do thoil, an fhoirm Déan teagmháil linn.