Ó Dé Domhnaigh an 24 Samhain is é Go-Ahead Ireland atá ag cur bealach 197 ar fáil thar ceann Transport for Ireland (TFI).

Téann an 197 ó Sord go Cill Dhéagláin agus stopann ag na Príomhstadanna a liostaítear thíos:

Sord
Bóthar Ráth Béil
Baile an Rólaigh (nuair a bheidh 2 stad tógtha)
Nine Milestone
Cill Dhéagláin

Tá eolas clár-ama agus bealaigh ar fáil anseo.

Cuireann an tseirbhís bus 17 seirbhís fillte laethúla ar fáil ó Luan go Satharn agus 14 sheirbhís fillte laethúla ar siúl ar an Domhnach, saoirí poiblí san áireamh, seachas Lá Nollag.

Gach uair an chloig a bheidh na seirbhísí ar siúl go príomha seachas le linn buaicamanna sa tráthnóna a bheidh á gcur ar fáil gach uair agus cúig nóiméad déag. Tabhair ar aird go mbeidh an tseirbhís le linn buaicamanna sa tráthnóna á gcur ar fáil gach uair agus deich nóiméad go sealadach fad is a bheidh oibreacha bóthair ar siúl ar Bhóthar Ráth Béil.

Tá Bealach 197 (arna chur ar fáil ag Go-Ahead Ireland) comhtháite go hiomlán ar Phleanálaí Turas TFI. Pleanálaí ó dhoras go doras is ea Pleanálaí Turas TFI ina gcuirtear eolas faoi sheirbhísí, treoracha agus meastacháin ama ar fáil chun turas a dhéanamh le gach soláthróir iompair phoiblí ceadúnaithe ar fud na hÉireann.

Ceann Aistir: Airside Tesco (le tógáil), Páirc Mhiondíola Chill Dhéagláin

Táillí

Is féidir eolas táillí ar Sheirbhís Shoird go Cill Dhéagláin TFI a fháil anseo.

Glactar le Cárta Leap TFI agus le Pas Saorthaistil

Inrochtaineacht

Glacann Go-Ahead Ireland le paisinéirí a bhfuil madraí cuidithe acu. Ní mór aitheantais de chineál éigin a bheith á chaitheamh ag na madraí cuidithe chun go mbeidh a fhios ag an tiománaí gur madraí cuidithe iad agus níor cheart dóibh an pasáiste ná na suíocháin a bhlocáil. Ní leagtar teorann ar bith ar líon na madraí cuidithe atá tiománaí ábalta a ghlacadh ar bord, chomh fada is go bhfuil spás ann dóibh. Is faoin tiománaí atá sé cinneadh a dhéanamh bunaithe ar chomh pacáilte is atá an bus. Déanfaidh an tiománaí gach uile ní is féidir chun a chinntiú go bhfuil custaiméirí le madraí cuidithe ábalta bordáil go sábháilte.

Tá urlár íseal ar bhusanna an 197 agus tá teacht ag cathaoireacha rothaí orthu agus tá áit amháin orthu atá leagtha amach do chathaoireacha rothaí amháin.

Tá rampaí ar gach bus ag na doirse ag ceann an bhus. Nuair atá tú ag dul isteach agus amach den bhus, fan go mbeidh an rampa tagtha anuas ar fad agus ar an gcosán sula ndéanann tú iarracht dul isteach nó amach den bhus. Nuair atá tú ar an mbus ní mór na cathaoireacha rothaí a bheith san áit atá leagtha amach dóibh agus na coscáin a bheith i bhfeidhm.

Tabhair ar aird go dteastóidh cead uait má úsáideann tú scútar. Is chun a chinntiú go bhfuil an scútar sábháilte le tabhairt ar thuras taistil é seo agus de bharr nach féidir gach scútar a thabhairt ar bord mar gheall ar chomh mór is atá cuid acu. Chun ceist a chur maidir le cead, téigh i dteagmháil le le foireann chúram custaiméirí Go-Ahead Ireland.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hinrochtaineacht, téigh chuig láithreán gréasáin Go-Ahead Ireland.

Chun an t-eolas is deireanaí maidir le seirbhísí agus oibríochtaí a fháil molann muid duit @GoAheadIreland a leanúint ar Twitter.