Fáilte chuig an bhfoirm aiseolais maidir le Tacsaithe. Ceapadh an córas seo a leanas chun cabhrú leat aiseolas a thabhairt don Údarás Náisiúnta Iompair.

Roimh thosú, is ceart duit a bheith ar an eolas nach féidir déileáil le haon ábhair seachas ábhair a thagann faoi dhlínse an Údaráis Náisiúnta Iompair. Más rud é nár phaisinéir tú san fheithicil, nó nach duine tú a raibh sé i gceist aige/aici taisteal san fheithicil, nó más rud é nach féidir an tiománaí ná an fheithicil a shainaithint ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn tú, d’fhéadfadh sé nach mbeifear in ann an gearán a imscrúdú.

Tá na catagóirí gearán ar féidir leis an Údarás Náisiúnta Iompair déileáil leo leagtha amach in Alt 64 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2013. Áiríonn siad sin gearáin a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

  1. Riocht, ródacmhainneacht agus glaineacht na feithicle;
  2. Iompar, iompraíocht agus aitheantas tiománaí thiománaí SPSV;
  3. Ró-mhuirearú agus nithe eile a bhaineann le táillí;
  4. Nithe a bhaineann le fruiliú agus áirithint SPSV; agus
  5. Sainaitheantas agus cuma ghinearálta an SPSV.

Má bhaineann ábhar do ghearáin le rud éigin de chineál coiriúil nó má chonaic tú cion tráchta á dhéanamh, is ceart duit teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána. I gcás éigeandála glaoigh ar 112 nó ar 999.

Más ball den tionscal tú agus gur mian leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le nithe a bhaineann le cúrsaí oibríochta nó beartais, iarrtar ort úsáid a bhaint as an bhfoirm ‘Déan Teagmháil Linn’.

Más tomhaltóir tú, lean na céimeanna anseo thíos chun aiseolas a thabhairt.