Maoin a Chailltear ar sheirbhísí Iompair Phoiblí

Fágfar earraí a faightear ar fheithiclí Bus Éireann ag an stáisiún is gaire.

Gearrfar táille láimhseála ar gach aon earra nuair a thugtar earraí atá imithe amú ar ais. Mura ndéantar earraí atá imithe amú ar feadh tréimhse níos faide ná dhá mhí a iarraidh ar ais, díolfar na hearraí sin agus úsáidfear an t-airgead a fhaightear chun íoc as aon chostas a bhí ar Bus Éireann chun na hearraí sin a chur i dtaisce.

Ní ghlacann Bus Éireann aon fhreagracht as caillteanas ná damáiste a dhéantar d’earraí paisinéirí ar áitreabh Bus Éireann nó ar fheithiclí Bus Éireann.

Féach anseo chun sonraí teagmhála Bus Éireann a fháil.

Má fhágann tú ítimí ar bhus de chuid Bhus Átha Cliath, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lena Rannóg Maoine Caillte.

Uaire oscailte:
Luan go hAoine [gan Laethanta Saoire Poiblí] a áireamh, ó 08:45 agus 17:00.
Satharn agus Domhnach – Dúnta

Seoladh:
An Oifig Mhaoine Caillte,
Bus Átha Cliath,
Plás an Iarla,
Baile Átha Cliath 1
D01P7K8

Ríomhphost: baclostproperty@dublinbus.ie

Uimhir theagmhála: (01) 703 1321

Nuair a dhéanann tú teagmháil leis an rannóg maoine caillte, luaigh an t-eolas seo a leanas i do theachtaireacht ríomhphoist, le do thoil, nó bíodh an t-eolas sin agat lena cur ar fáil nuair a chuireann tú glaoch teileafóin orainn nó nuair a thugann tú cuairt orainn.

  • Ainm, uimhir theagmhála agus seoladh ríomhphoist
  • Cur síos mion ar an ítim a cailleadh
  • An dáta ar cailleadh an ítim
  • Uimhir an bhus a raibh tú ag taisteal air
  • An treo ina raibh tú ag taisteal
  • An stad ag a ndeachaigh tú ar bord an bhus
  • An stad ag ar thuirling tú den bhus
  • An t-am a ndeachaigh tú ar bord an bhus agus an t-am ar thuirling tú den bhus

Luan – Déardaoin: déanfar aon ítim a fhaightear a sheachadadh ar an rannóg Maoine Caillte laistigh d’aon lá oibre amháin idir 14:30 – 17:00.

Aoine – Domhnach: ní shroichfidh ítimí a dtagtar orthu an oifig mhaoine caillte go dtí an Luan dár gcionn ar 14:30

Gearrfar táille €2.00 ar gach ítim a éilíonn tú. Nuair atá do mhaoin chaillte á bailiú agat, d’fhéadfadh sé go mbeidh gá le cárta aitheantais de chineál éigin a thaispeáint, go háirithe más ítim ardluacha atá i gceist, amhail sparán/mála láimhe/ fón póca/ríomhaire glúine etc.

Más mian leat teagmháil a dhéanamh le Go-Ahead Ireland faoi mhaoin chaillte ar bhus dá gcuid, is féidir glaoch a chur ar 1850 80 40 71 nó teachtaireacht ríomhphoist a chur chuig customercomment@goaheadireland.ie

Má chailleann tú maoin ar Thram de chuid LUAS, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Cúram Custaiméara LUAS chun a fháil amach ar thángthas uirthi agus ar tugadh suas í agus, más amhlaidh atá an cás, is féidir í a bhailiú ansin.

Le haghaidh Cúram Custaiméara LUAS, cuir glaoch ar an uimhir Locall seo a leanas: 1850 300 604
Má tá tú ag glaoch as áit lasmuigh d’Éirinn cuir glaoch ar an uimhir seo a leanas: 00353 1 4614911
Uaire oibriúcháin: Ó Luan go hAoine idir 07:00 – 19:00 agus Dé Sathairn, 10:00 – 14:00.

Is féidir leat socrú a dhéanamh chun an mhaoin chaillte a bhailiú ó iostaí LUAS i rith na tréimhsí seo a leanas:

An Bhó Dhearg
Luan go hAoine: 09:00-17:00.
Dúnta ó 13:00 – 14:00

Áth an Ghainimh
Luan go Déardaoin: 09:00 – 17:00.
Dé hAoine: 09:00 – 16:00.
Dúnta ó 13:00 – 14:00.

Droichead Broome
Luan go hAoine: 08:00 – 16:00.
Dúnta ó 13:00 – 14:00.

Maidir le maoin a chailltear ar sheirbhísí Iarnród Éireann, déan teagmháil le stáisiún chríochfort na seirbhíse ar thaisteal tú uirthi. Is féidir leat na mionsonraí teagmhála do gach stáisiún a fháil ar láithreán gréasáin Iarnród Éireann.

Maidir le gach seirbhís isteach i Stáisiún Heuston, cuir glaoch ar an uimhir seo a leanas: (01) 703 3299 (Luan go hAoine, 09:00 – 17:00).
Maidir le gach seirbhís isteach i Stáisiún Uí Chonghaile, cuir glaoch ar an uimhir seo a leanas: (01) 703 2358 (Luan go hAoine, 10:00 – 13:00).

Cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig lostproperty@irishrail.ie agus scríobh ‘Maoin Chaillte’ isteach i líne an ábhair. Tabhair an oiread mionsonraí agus is féidir, le do thoil, chun cabhrú linn do chuid ítimí caillte a aimsiú agus a thabhairt ar ais duit.

I gcás maoin a chailltear ar sheirbhísí Nasc Áitiúil, déan teagmháil dhíreach leis an oifig Nasc Áitiúil i do cheantar féin.

Má chailleann tú ítimí ar sheirbhísí aon oibreoirí príobháideacha iompair, déan teagmháil dhíreach leis an oibreoir atá i gceist.

Eolas maidir le Maoin Chaillte i dtaca le Tacsaithe

Ní rud neamhghnách é do phaisinéirí ítimí amhail scáthanna báistí, miotóga nó fóin phóca a fhágáil ina ndiaidh i dtacsaí nó i hacnaí. Má tharlaíonn sé sin duitse is ceart duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Má chuir tú an tacsaí in áirithe trí Oibreoir Áirithinte, déan teagmháil leis an oibreoir áirithinte a luaithe is féidir. D’fhéadfadh sé go mbeidh an t-oibreoir sin in ann do mhaoin a fháil ar ais duit.
  • Má chuir tú an tacsaí in áirithe trí aip amhail Free Now nó Lynk, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do thiománaí agus d’fhéadfadh sé go mbeidh sé/sí in ann cabhrú leat do mhaoin a fháil ar ais.
  • Más rud é nach féidir leis an tiománaí an ítim a thabhairt ar ais duit go díreach, is iondúil go dtabharfaidh sé/sí don stáisiún Garda Síochána is gaire dó/di í nó, i gcás Bhaile Átha Cliath, do cheann de na stáisiúin Gharda ainmnithe anseo thíos:

Cliceáil anseo chun breathnú ar mhionsonraí faoi na stáisiúin Ghardaí ar fud na tíre.

Tá freagracht ar an nGarda Síochána i ndáil le maoin chaillte a sheachadann oibreoirí Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí (SPSV) orthu. Nuair a sheachadtar maoin ar an nGarda Síochána, coinnítear í ar feadh 31 lá ar a laghad agus, de rogha an Gharda Síochána, ar feadh tréimhse suas go 366 lá, ach sin ag brath ar chineál nó ar luach na hítime, agus déantar amhlaidh chun deis a thabhairt don úinéir í a éileamh.

Is ceart duit teagmháil a dhéanamh leis an stáisiún Gardaí i do cheantar agus beidh siad in ann a rá leat ar seachadadh an mhaoin ar aon stáisiún Gardaí.

Is mó an seans go mbeidh na Gardaí in ann do mhaoin a aisghabháil más féidir leat uimhir cheadúnais an tacsaí a d’úsáid tú a thabhairt dóibh agus bíonn an uimhir sin ar taispeáint ar d’admháil.

Más rud é nach mbíonn teacht ar an ítim nuair a dhéanann tú fiosrú ar dtús, d’fhéadfadh sé gurbh fhiú fiosrú eile a dhéanamh seachtain nó mar sin ina dhiaidh sin ó tharla go mb’fhéidir nach dtabharfaidh an tiománaí don Gharda Síochána í láithreach i ndiaidh teacht uirthi.

Iarrfaidh na Gardaí cruthúnas ar chéannacht ort sula dtabharfaidh siad aon mhaoin ar ais duit.