Ráiteas Príobháideachais

Tá an Fógra Príobháideachais seo eisithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair, Dún Scéine Cúirt Uíbh Eachach Lána Fhearchair Baile Átha Cliath 2 (“UNI” “muid” “sinn” “ár”).

Tá sé mar aidhm ag an bhfógra seo eolas a thabhairt duit maidir leis na sonraí a bhaineann leat a bhailímid agus a úsáidimid i ndáil leis an suíomh gréasáin seo agus an úsáid (lena n-áirítear nochtadh do thríú páirtithe) a bhainimid as na sonraí céanna. Níl an UNI freagrach as an inneachar ná cleachtais príobháideachais aon suíomh gaolmhar.

Má tá ceist ar bith agat maidir leis an úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn, le do thoil, ag info@nationaltransport.ie nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag privacy@nationaltransport.ie.

Sonraí Pearsanta a Bhailímid agus a Phróiseálaimid

Bailímid agus próiseálaimid sonraí pearsanta a bhaineann leat maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin seo agus ár gcaidreamh leat. I measc na sonraí pearsanta seo, tá:

  • D’ainm agus do shonraí teagmhála, lena n-áirítear do sheoladh baile, d’uimhir ghutháin agus do sheoladh ríomhphoist;
  • Eolas a thugann tú ar aon fhoirm iarratais ar líne lena n-áirítear iarratais ar Shaoráil Faisnéise;
  • Eolas a thugann tú dúinn i rith próisis chomhairliúcháin linn;
  • Eolas a thugann tú dúinn ar ríomhphost nó i scríbhinn;
  • Aon eolas pearsanta eile a bhaineann leat a thugann tú dúinn nó a ghinimid fút maidir leis an úsáid a bhaineann tú as suíomh gréasáin Transport for Ireland, an suíomh gréasáin Pleanálaí Turais, an aip Pleanálaí Turais, an aip Fíor-Am, an aip Pleanálaí Rothaíochta agus an aip Seiceáil do Thiománaí.

Sonraí Úsáide an tSuímh Ghréasáin

Úsáidimid feidhmchlár monatóireachta le heolas staidrimh ar leith a thiomsú agus le hanailís a dhéanamh air maidir le húsáid an tsuímh ghréasáin seo. Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin, coinnítear an t-eolas seo a leanas maidir leis an gcuairt sin:

  • Seoladh IP (Prótacal Idirlín);
  • Líon na n-uaireanta in aghaidh na cuairte a fuarthas iarratas ar shonraí ó gach seoladh IP;
  • An leathanach isteach chuig ár suíomh gréasáin;
  • An t-am caite ar ár suíomh gréasáin;
  • An leathanach amach ónár suíomh gréasáin;
  • An seoladh IP ag nasc, má úsáideadh é le rochtain a fháil ar ár suíomh gréasáin;
    aitheantas aon inneall cuardaigh a úsáideadh le rochtain a fháil ar ár suíomh gréasáin;
  • Liosta na leathanach ar fad a tugadh cuairt orthu agus tú ar ár suíomh gréasáin; agus
    ainm an bhrabhsálaí úsáidte m.sh. Firefox Chrome Internet Explorer.

Ní dhéantar iarracht ar bith úsáideoirí aonair a aithint nó na sonraí teicniúla luaite thuas a nascadh le haon duine.

Cúiseanna na hÚsáide agus Bunús Dlí

Bainfimid úsáid as sonraí pearsanta a bhaineann leat ar na cúiseanna seo a leanas:

  • An suíomh gréasáin agus ár n-aipeanna a fheabhsú agus a fhorbairt;
  • Foirmeacha iarratais a phróiseáil, iarratais ar Shaoráil Faisnéise san áireamh;
    plé le próiseas comhairliúcháin;
  • Taighde a dhéanamh agus suirbhéanna ar shásamh custaiméirí;
  • Freagra a thabhairt ar cheisteanna agus aiseolas curtha faoinár mbráid agat;
  • Ábhair bholscaireachta agus mhargaíochta a sheoladh chugat, faoi réir aon roghanna a chuireann tú faoinár mbráid nuair a bhailímid do shonraí teagmhála nó ina dhiaidh. Is féidir leat diúltú a bheith páirteach in aon ábhair bholscaireachta agus mhargaíochta a fháil uainn in am ar bith ach teagmháil a dhéanamh le info@nationaltransport.ie;
  • Staitisticí a ghiniúint agus a anailísiú maidir le húsáid an tsuímh ghréasáin seo, lena n-áirítear cé chomh minic is a úsáidtear leathanaigh aonair (nuair is féidir, déanfar sonraí pearsanta anaithnid sula n-úsáidtear chun na críche seo é);
  • Cosaint, imscrúdú agus aimsiú calaoise;
  • Bunú, cur i gcrích nó cosaint éilimh dhlíthiúla;
  • Ár bhfeidhmeanna mar údarás poiblí a chur i gcrích agus cloígh lenár ndualgais dlíthiúla.

Is iad seo a leanas na bunúis dlíthiúla a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil orthu:

  • Go bhfuil sé riachtanach d’fheidhmíocht tascanna a dhéanaimid do leas an phobail nó i gcur i bhfeidhm údarás oifigiúil a dhílsíonn an dlí ionainn;
  • Go bhfuil sé riachtanach le dualgas dlíthiúil a bhaineann linn a chomhlíonadh; nó
  • Gur thug tú do chead le haghaidh próiseála.

Faighteoirí Sonraí

Seans go nochtfaimid do shonraí pearsanta d’eagraíochtaí eile maidir leis na cúiseanna thuas, lena n-áirítear:

  • D’oibritheoirí sheirbhísí iompair phoiblí;
  • Do thríú páirtithe a earcaímid le seirbhísí a bhaineann leis an suíomh gréasáin seo a chur ar fáil dúinn, amhail soláthraithe seachfhoinsithe seirbhíse, soláthraithe seirbhíse TF, comhairleoirí gairmiúla agus iniúchóirí;
  • D’údaráis agus do chomhlachtaí poiblí eile má tá ceangal dlí nó cead ón dlí orainn, amhail na Gardaí nó gníomhaireachtaí an dlí ar mhaithe le cosc, imscrúdú nó aimsiú coire.

Coinneáil

Ní choinneoimid do shonraí pearsanta níos faide ná mar a theastaíonn. Coinneoimid do shonraí pearsanta fad is a theastaíonn sé uainn agus ar na cúiseanna a ndéantar cur síos orthu san Fhórgra seo, nó le cloígh lenár ndualgais faoin dlí infheidhmithe agus le déileáil le haon éileamh nó aighneas a d’fhéadfadh teacht aníos eadrainn araon, más ann dó. Coinnítear aiseolas, ceisteanna, gearáin agus aon chomhfhreagras eile a chuirtear isteach trínár suíomh gréasáin nó ar ríomhphost ar feadh 7 mbliana. Is éiginnte an tréimhse choinneála d’iarratais, d’fhreagraí agus d’aiseolas Shaoráil Faisnéise.

Do chearta

Tá na cearta seo a leanas agat i gcúinsí ar leith agus faoi réir srianta ar leith maidir le do shonraí pearsanta:

  • An ceart rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta;
  • An ceart iarratas a dhéanamh do shonraí pearsanta a cheartú/scriosadh;
    an ceart srian a chur le húsáid do shonraí pearsanta;
  • An ceart diúltú d’úsáid do shonraí pearsanta;
  • An ceart do shonraí pearsanta a thug tú dúinn a fháil i bhformaid struchtúrtha, a úsáidtear go minic agus inléite ag meaisín nó éiligh orainn na sonraí sin a chur ar aghaidh go dtí rialtóir eile; agus
  • Sa chás go mbraitheann ár bpróiseáil ar do shonraí pearsanta ar do chead a thabhairt, an ceart do chead ar phróiseáil a tharraingt siar ag am ar bith ach ríomhphost a sheoladh chuig info@nationaltransport.ie

Más maith leat aon cheann de na cearta a rinneadh cur síos orthu thuas a fheidhmiú, déan teagmháil linn, le do thoil, ag privacy@nationaltransport.ie

Cookies

COOKIE TYPE DURATION DESCRIPTION
_ga third party 2 years This cookie is used by Google Analytics to distinguish unique users by assigning a randomly generated number as a client identifier.
_gat_gtag_* third party 1 minute Tracking data for Google Analytics. Helps calculate visitor session length.
_gid third party 24 hours This cookie is used by Google Analytics to distinguish users
_icl_visitor_lang_js persistent 1 day WordPress multilingual plugin uses this cookie to identify the user’s preferred language.
AWSALB Persistent 7 days Used by Amazon Web Services to ensure that the user is routed to the same application server on subsequent requests.
cookielawinfo-checkbox-necessary persistent 1 year Cookie that keeps track of which cookies you approved.
cookielawinfo-checkbox-non-necessary persistent 1 year Cookie that keeps track of which cookies you approved.
viewed_cookie_policy persistent 1 year Set to “yes” when the Cookie law info bar has been viewed and accepted.
wpml_browser_redirect_test session 1 session Tests if cookies are enabled.

Nuashonruithe

Seans go ndéanfaimid nuashonrú ar an mbeartas seo ó am go ham. Molaimid duit athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeartas seo ó am go chéile don eolas is déanaí ar ár gcleachtais príobháideachais.

Gearáin

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a mbainimid úsáid as do shonraí pearsanta nó an chaoi a n-éascaímid do chearta nó cloígh lenár ndualgais faoin dlí infheidhmithe cosanta sonraí, tá an ceart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí trí ríomhphost a sheoladh chuig info@dataprotection.ie.