Tá faisnéis ghinearálta ar fáil ar láithreán gréasáin TFI i dtaobh conas is féidir le daoine a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu taisteal go sábháilte go hÉirinn, ó Éirinn agus laistigh d’Éirinn. Tá naisc ann freisin chuig láithreáin ghréasáin eile ar a dtugtar faisnéis de chineál níos mionsonraithe.

Tá iarrachtaí á ndéanamh de shíor i ndáil le taisteal inrochtana lena chinntiú go soláthraíonn gach oibreoir rochtain shábháilte, éasca, chairdiúil dá gcuid paisinéirí go léir beag beann ar a gcuid deacrachtaí soghluaisteachta, ar a n-aois nó ar a gcuid míchumas. Is féidir do thuras a leagan amach anois sula gcuireann tú tús leis. Is é Pleanálaí Turais TFI an t-aon pleanálaí bealaigh ‘ó dhoras go doras’ atá ar fáil in Éirinn agus, ina theannta sin, má bhíonn rochtain ar fáil do chathaoireacha rothaí ar an tseirbhís tarraingítear aird air sin.

An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

Tá freagracht ar an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt i ndáil leis an mbeartas a bhaineann le hiompar poiblí agus i ndáil le maoiniú foriomlán réimse an iompair phoiblí. Is féidir breathnú ar bheartas an Aire i ndáil le hiompar poiblí, lena n-áirítear iompair poiblí inrochtana, ar láithreán gréasáin na Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Naisc le faisnéis maidir le rochtain ar láithreáin ghréasáin Oibreoirí Iompair:

aisteal go hÉirinn agus ó Éirinn – Bád Farantóireachta

Tháinig Rialachán 1177/2010 an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta Paisinéirí agus iad ag Taisteal ar Muir agus ar Uiscebhealaí Intíre i bhfeidhm ar an 18 Nollaig 2012.

Tá feidhm ag an Rialachán maidir le soithí atá deimhnithe chun níos mó ná 12 phaisinéir a iompar agus atá á n-oibriú ag Iompróir de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá forálacha ann maidir le neamh‑idirdhealú agus maidir le cúnamh i gcás daoine atá faoi mhíchumas agus a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Áiríonn sé sin oibleagáid maidir leis an méid seo a leanas:

  • Cúnamh a thabhairt ag calafoirt agus ar bord long;
  • Madraí cúnaimh aitheanta a iompar (ach sin faoi réir rialacháin náisiúnta);
  • Trealamh soghluaisteachta a iompar (amhail cathaoireacha rothaí) gan muirear a ghearradh ina leith; agus
  • Faisnéis a sholáthar i bhformáid inrochtana.

In Ionstraim Reachtúil Uimh. 394 de 2012, ainmnítear an tÚdarás Náisiúnta Iompair mar an comhlacht forfheidhmiúcháin náisiúnta in Éirinn chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010.

Báid Farantóireachta agus Calafoirt Farantóireachta

Baineann cuideachtaí farantóireachta a oibríonn go hÉirinn agus as Éirinn úsáid as longa a thugann rochtain do dhaoine ag a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu. Má tá cabhair uait maidir le dul ar bord nó maidir le dul i dtír, is ceart duit an oiread fógra agus is féidir a thabhairt don chuideachta farantóireachta le go mbeidh sí in ann socruithe a dhéanamh chuige sin.

Cuideachtaí Farantóireachta

Soláthraíonn roinnt oibreoirí príobháideacha soithigh seirbhísí iompair phoiblí agus seirbhísí turasóireachta in Éirinn ach níl rochtain ar fáil ar gach ceann de na seirbhísí sin i gcás daoine a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil trí chliceáil ar na naisc seo a leanas:

In Éirinn, tá sé de cheangal ar bháid phaisinéara (12 phaisinéir nó níos lú) nó ar longa (níos mó ná 12 phaisinéir) ceadúnas nó deimhniú reatha bailí atá eisithe ag  Oifig Suirbhéireachta Muirí na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt a shealbhú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach láithreán gréasáin NTA le do thoil.

Taisteal go hÉirinn agus ó Éirinn – Aerthaisteal

Aerlínte & Aerfoirt

De réir na reachtaíochta Eorpaí (Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006), ní ceart diúltú daoine ag a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a iompar d’aer ar fhoras a míchumais nó a n-easpa soghluaisteachta, ach amháin ar chúiseanna a bhfuil bonn maith leo ar fhorais sábháilteachta agus atá forordaithe leis an dlí.

Tá daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i dteideal an cúnamh atá sonraithe sa Rialachán a fháil saor in aisce ag an aerfort agus, chomh maith leis sin, ar bord an aerárthaigh.

In Éirinn, is é an Coimisiún um Rialáil Eitlíochta an Comhlacht Náisiúnta Forfheidhmiúcháin faoin Rialachán. Tá láithreán gréasáin ar a dtugtar Flightrights curtha ar bun ag an gCoimisiún agus áiríonn an láithreán gréasáin sin mionsonraí do dhaoine atá faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal d’aer.

Le linn eitiltí a chur in áirithe, is ceart do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe fógra 48 n-uaire an chloig ar a laghad a thabhairt d’aerlínte maidir lena riachtanais ar leith chun a chumasú do na haerlínte agus do na haerfoirt na socruithe riachtanacha a dhéanamh.

Taisteal in Éirinn – Iarnród

Le Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid, tugtar na cearta seo a leanas do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

  • Tá an ceart ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe rochtain neamh-idirdhealaitheach a fháil ar iompar, gan aon mhuirear breise, nuair a bhíonn ticéad á cheannach acu nó nuair a bhíonn áirithint á déanamh acu;
  • Má iarrann siad amhlaidh, tabharfar faisnéis faoi inrochtaineacht seirbhísí iarnróid agus traenacha do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;
  • Déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin gach iarracht réasúnach lena chinntiú go bhfuil traenacha agus gach seirbhís iarnróid eile inrochtana;
  • Déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin gach iarracht réasúnach chun cúnamh a sholáthar saor in aisce ar bord traenacha agus ag stáisiúin ina mbíonn baill foirne i láthair; chun cúnamh a ráthú faoi dhálaí maithe, iarrtar ar phaisinéirí forálacha áirithe a chomhlíonadh (e.g. fógra 48 n-uaire an chloig ar a laghad a thabhairt roimh an turas);
  • Tá an ceart ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe cúiteamh a fháil má bhíonn an gnóthas iarnróid freagrach as cailleadh trealaimh soghluaisteachta nó as damáiste do threalamh soghluaisteachta.

In Éirinn, is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair an Comhlacht Náisiúnta Forfheidhmiúcháin faoin Rialachán.

Iarnród Éireann/Irish Rail

Oibríonn Iarnród Éireann/Irish Rail seirbhísí cathrach agus comaitéireachta i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh agus, chomh maith leis sin, oibríonn sé seirbhísí idirchathrach ar fud na hÉireann.

Is féidir glaoch a chur ar Iarnród Éireann/Irish Rail ar (01) 8366 222 (Luan 0 Aoine, 08.30 – 18-00, gan laethanta saoire poiblí a áireamh) nó is féidir teagmháil a dhéanamh le do stáisiún áitiúil má bhíonn cúnamh ag teastáil uait ar sheirbhísí Iarnród Éireann/Irish Rail. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar láithreán gréasáin Iarnród Éireann/Irish Rail.

LUAS – Córas Tramanna Iarnróid Éadroim Bhaile Átha Cliath

Déantar clos-fhógairtí  ar gach tram agus tá scáileáin leictreonacha taispeána iontu le gur féidir le daoine a bheith ar an eolas faoin áit ina bhfuil siad i dtaca lena dturas de.

Tá gach tram agus gach stad de chuid LUAS inrochtana ag cathaoireacha rothaí agus tá spásanna páirceála ainmnithe ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas. Tá ardaitheoirí ann ag aon stadanna a tógadh i gclais nó ar rian ardaithe.

Chun rochtain a éascú, tá urlár íseal agus tairseach chothrom ann i ngach tram, mar aon le bearna fhíorbheag idir urlár an traim agus imeall an ardáin.

Tá dhá spás ainmnithe ann in aghaidh an traim agus is féidir leo sin freastal ar 4 úsáideoir cathaoireach rothaí ar a mhéad. Tá comharthaí ann á chur in iúl go bhfuil na spásanna sin ann d’úsáideoirí cathaoireach rothaí. Tá dóthain spáis ann ag na doirse iontrála agus tuirlingthe chun freastal ar úsáideoirí breise cathaoireach rothaí.

Taisteal in Éirinn – Taisteal ar an mBus

Tháinig Rialachán Eorpach 181/2011 maidir le cearta paisinéirí sa réimse iompair bus agus cóiste i bhfeidhm ar an 1 Márta 2013. Tá forálacha ann maidir le neamh-idirdhealú agus maidir le cúnamh i gcás daoine atá faoi mhíchumas agus a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

In Éirinn, tá seirbhísí bus iompair phoiblí á soláthar ag oibreoirí iompair faoi úinéireacht an Stáit agus ag oibreoirí príobháideacha araon.

Cuideachtaí Bus

Cuireann Bus Átha Cliath agus Go-Ahead Ireland seirbhísí bus ar fáil laistigh de chathair Bhaile Átha Cliath agus, chomh maith leis sin, chuig na ceantair thart ar chathair Bhaile Átha Cliath agus uathu. Oibríonn Bus Éireann seirbhísí cóiste idirchathrach mar aon le seirbhísí comaitéireachta i gcathracha Chorcaí, Phort Láirge, Luimnigh agus na Gaillimhe. Ina theannta sin soláthraíonn sé seirbhísí ar líonra bealaí ar fud na hÉireann agus, chomh maith leis sin, soláthraíonn sé seirbhísí comaitéireachta i roinnt bailte móra. Tá oibleagáid ar gach ceann ar leith de na trí chuideachta sin seirbhísí a sholáthar do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Cuideachtaí Eile Bus

Soláthraíonn roinnt oibreoirí príobháideacha seirbhísí bus iompair phoiblí in Éirinn freisin ach níl rochtain ar fáil ar gach ceann de na seirbhísí sin i gcás daoine a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu.

Nasc Áitiúi

Soláthraíonn Nasc Áitiúil seirbhís bus i ngach ceantar tuaithe ar fud na hÉireann.

Tá sé mar aidhm ag Nasc Áitiúil aghaidh a thabhairt ar eisiamh sóisialta i gceantair thuaithe agus seirbhísí bus a chomhtháthú le líonraí Bhus Éireann agus Iarnród Éireann más féidir sin a dhéanamh.

Is é is príomhaidhm do Nasc Áitiúil, de réir mar atá leagtha amach ina bPlean Straitéiseach 2018‑2022, ná a chinntiú go bhfuil seirbhísí iompair lán-inrochtana a chur ar fáil ar gach seirbhís agus tá sprioc ann ar dá réir a bheidh 95% ar a laghad de na turais faoin gClár Iompair Tuaithe lán‑inrochtana faoin mbliain 2020.

Sa bhliain 2019, tá 80% de bhusanna Nasc Áitiúil lán-inrochtana.

Seirbhísí Speisialaithe Iompair Inrochtana

Soláthraíonn na cuideachtaí seo a leanas seirbhísí ‘Bus ar Ghlaoch’ do dhaoine atá faoi mhíchumas agus, chomh maith leis sin, do dhaoine atá ag dul in aois agus do dhaoine scothaosta ar a bhfuil máchailí soghluaisteachta agus nach bhfuil in ann rochtain a fháil ar iompar poiblí mar gheall ar dhéine a máchailí:

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach láithreán gréasáin NTA le do thoil.

Taisteal in Éirinn – Taisteal i dTacsaí

Na Cineálacha Feithiclí atá Inrochtana ag Cathaoireacha Rothaí

Tá dhá chineál feithicle ann – Tacsaithe agus Hacnaithe.

Tacsaithe agus Tacsaithe atá Inrochtana ag Cathaoireacha Rothaí

Is feithiclí fruilithe phoiblí iad tacsaithe agus tacsaithe atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí. De réir cheanglais a gceadúnais agus de réir na gceanglas ceadúnúcháin a bhaineann leo, is féidir leo fanacht lena bhfruiliú ag stad tacsaithe (ag aerfoirt agus ag stáisiúin traenach agus bus) agus is féidir glaoch orthu ar an tsráid. Bíonn tacsaímhéadar feistithe san fheithicil lena chinntiú go mbíonn an táille uasta a mhuirearaítear de réir na rialachán.  Ar ndóigh, d’fhéadfadh táillí atá níos lú ná an luach méadraithe a bheith ann.

Hacnaithe agus Hacnaithe atá Inrochtana ag Cathaoireacha Rothaí

Ní hionann hacnaithe agus hacnaithe atá inrochtana ag Cathaoireacha Rothaí sa mhéid gur feithiclí fruilithe phríobháidigh iad. Ní bhíonn tascaímhéadar iontu agus is é atá sa phríomhdhifríocht idir iad agus tacsaithe ná nach mór an turas iontu a chur in áirithe roimh ré i.e. an táille agus an turas a chomhaontú roimh ré agus, dá bhrí sin, níl aon ghá le tacsaímhéadar. Ní cheadaítear dóibh seasamh lena bhfruiliú ag stad in aon áit ná ní cheadaítear dóibh fruiliú a lorg i.e. Ní cheadaítear dóibh táillí a ghlacadh ó dhaoine den phobal ar an tsráid.

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair tar éis clár na dTacsaithe go léir atá Inrochtana ag Cathaoireacha Rothaí, ar fud na tíre, a chruthú. Rinneadh amhlaidh le go mbeidh rochtain níos fearr ag daoine atá faoi mhíchumas ar an tseirbhís speisialaithe seo.

Is féidir leat glaoch a chur ar an Líne Faisnéise ag 0818 064 000 agus faisnéis teagmhála a lorg i leith seirbhís Feithicle atá Inrochtana ag Cathaoireacha Rothaí a oibríonn sa cheantar ina bhfuil tú. Má bhíonn tú ag glaoch ó áit lasmuigh d’Éirinn, glaoigh ar + 353 761 064000 le do thoil.

Is féidir leat teachtaireacht ríomhphoist a chur chuig an Údarás freisin ag taxis@nationaltransport.ie

Amhail mí na Samhna 2019, is féidir Cárta JAM a úsáid ar sheirbhísí Transport for Ireland agus, chomh maith leis sin, ar sheirbhísí Bhus Éireann, Bhus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland, Iarnród Éireann, Nasc Áitiúil agus LUAS. Cabhraíonn Cárta JAM le custaiméirí a úsáideann an córas iompair phoiblí agus cinntíonn sé go mbíonn eispéireas na gcustaiméirí chomh saor ó strus agus is féidir.

Ligean Cárta JAM do dhaoine a bhfuil bac ar a gcumas cumarsáide a insint do dhaoine eile, ar bhealach discréideach agus go héasca, go bhfuil gá acu le ‘Nóiméad Cabhrach’.

Ba é Grúpa NOW a chruthaigh JAM Card©; is fiontar sóisialta é Grúpa NOW a thacaíonn le daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama acu agus a bhfuil uathachas orthu chun fostaíocht a bhfuil gealladh fúithi a fháil agus d’inis úsáideoirí a gcuid seirbhísí dóibh gur mhaith leo bealach a bheith acu lena chur in iúl do dhaoine go mbíonn gá acu le ham breise nó le tuilleadh foighne.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Cárta JAM le do thoil.

Scéim an tSuaitheantais Ghoirm/Cead Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas

Más rud é gur eisíodh cead páirceála do dhuine faoi mhíchumas chugat (dá ngairtear an Cárta Páirceála Gorm nó an Suaitheantas Gorm de ghnáth), is féidir leat é a úsáid anseo ar choinníoll go bhfuil an tsiombail aitheanta ann, is é sin, duine ina shuí/suí i gcathaoir rothaí. Ligeann sé sin duit na spásanna páirceála ar leith do dhaoine atá faoi mhíchumas atá ann ar an tsráid. Ní gá clog ama a chur ar taispeáint nuair a úsáidtear an Suaitheantas Gorm in Éirinn.

Cuimhnigh nach ionann Suaitheantas Gorm agus cead chun páirceáil aon áit is mian leat.

Ní mór duit rialacha an bhóthair a urramú i gcónaí agus ní ceart duit páirceáil a dhéanamh in áit ina gcuirfí coisithe nó úsáideoirí eile bóthair i mbaol, nó ina ndéanfaí ceataí dóibh nó ina gcuirfí bac orthu.

Tá feidhm ag scéim an chárta páirceála do thiománaithe agus do phaisinéirí atá faoi mhíchumas maidir le limistéir phoiblí páirceála gluaisteán agus le limistéir den sórt sin amháin. Ach cuireann cuid mhór sármhargaí agus ionad siopadóireachta bánna sonracha ar fáil le haghaidh páirceáil ag daoine atá faoi mhíchumas.

In Éirinn, is féidir le húdaráis áitiúla, le Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann agus le Cumann na dTiománaithe Míchumasaithe ceadanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas (an Suaitheantas Gorm) a eisiúint. Gabhann feidhm náisiúnta leis na ceadanna. Deonaítear ceadanna do dhaoine cáilithe atá faoi mhíchumas agus is féidir iad a eisiúint chuig duine faoi mhíchumas ar tiománaí é/í nó chuig duine faoi mhíchumas ar paisinéir é/í. Is féidir aitheantas a fháil don chead i mballstáit AE eile.

Feithiclí Oiriúnaithe a Fhruiliú

Chun faisnéis a fháil maidir le fruiliú feithiclí atá oiriúnaithe do thiománaithe/phaisinéirí atá faoi mhíchumas/, déan teagmháil le Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann nó le Mobility Ireland.

Tuilleadh Faisnéise

Is é Bus Átha Cliath a reáchtálann an Scéim Cúnaimh Taistil laistigh de Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath. Is é is aidhm don scéim cabhrú le paisinéirí úsáid a bhaint as iompar poiblí as a gconlán féin, go háirithe cabhrú le daoine atá faoi mhíchumas agus le daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Tá an scéim ar oscailt do gach duine os cionn ocht mbliana déag d’aois.

Is féidir le cúntóir taistil a bheith in éineacht leat an chéad chúpla uair a thaistealaíonn tú agus comhairle chuiditheach a thairiscint i dtaobh conas do thuras a phleanáil trí úsáid a bhaint as seirbhísí Bhus Átha Cliath, LUAS agus DART. Tá Go-Ahead Ireland ina bhall den Scéim Cúnaimh Taistil freisin. Cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig customercomment@dublinbus.ie nó chuig customercomment@goaheadireland.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil i dtaobh conas an scéim a úsáid.

Má tá pas lamháltais táille agat a eisíodh i dtír eile ní bheidh feidhm aige anseo. Is é atá san aon eisceacht amháin ina leith sin ná an scéim saorthaistil uile-Éireann do dhaoine os cionn 65 bliana d’aois a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann. Tá saorthaisteal ar fáil go gach duine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus atá 65 bliana d’aois agus os a chionn. Tá daoine áirithe nach bhfuil an aois sin sroichte acu i dteideal taisteal a dhéanamh saor in aisce freisin.

Tá saorthaisteal ar fáil ar gach seirbhís iompair phoiblí de chuid an Stáit (busanna, traenacha agus seirbhís LUAS i mBaile Átha Cliath) ach tá roinnt eisceachtaí ann agus tá sé ar fáil freisin ar roinnt seirbhísí atá á n-oibriú ag oibreoirí príobháideacha iompair bus.

I gcásanna áirithe, tá Cárta Compánaigh Saorthaistil ar fáil rud a ligeann do dhuine eile taisteal le sealbhóir an chárta (mura mbíonn siad in ann taisteal ina n-aonar). Má cháilíonn tú le haghaidh saorthaistil, eiseofar pas chugat agus ní mór duit é a iompar leat le linn iompar poiblí a úsáid. Ní féidir ach an duine atá ainmnithe ar an bpas saorthaistil an pas sin a úsáid agus is í an Roinn Coimirce Sóisialaí a eisíonn an pas.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoin Scéim Saorthaistil a fháil anseo.

Taisteal le Madra Treorach

Ceadaítear madraí treorach agus madraí cúnaimh a bhfuil paisinéirí á dtionlacan a bheith ar gach seirbhís iompair phoiblí ar fud líonra TFI, agus ceadaítear sin saor ó mhuirear agus gan srian. Ní mór madra cúnaimh a bheith in-sainaitheanta go soiléir trí chóta nó úim a bheith air chun é a idirdhealú mar mhadra oibre seachas peata.

Tá faisnéis ar fáil ó Mhadraí Treorach do na Daill in Éirinn.

Is féidir suaitheantas ‘Baby on Board’ Transport for Ireland (TFI) a úsáid ar sheirbhísí na n-oibreoirí iompair phoiblí seo a leanas:

  • Bus Éireann;
  • Bus Átha Cliath;
  • Go-Ahead Ireland;
  • LUAS; agus
  • Iarnród Éireann/Irish Rail.

Tá sé seo dírithe ar mhná atá ag iompar clainne agus cuireann sé bealach discréideach, áisiúil, uilíoch ar fáil do mhná a chur in iúl go bhféadfadh sé gur mó a ngá le suíochán le linn an turais ná mar is fíor i gcás daoine eile. Is féidir suaitheantas a ordú saor in aisce trí theachtaireacht ríomhphoist a chur chuig info@nationaltransport.ie, ach seoladh seachadta a chur ar fáil, agus cuirfear suaitheantas chugat leis an bpost. Ní gá aon fhaisnéise phearsanta eile a thabhairt.

Mar mhalairt air sin, tá an suaitheantas saor in aisce ar fáil saor in aisce sna suíomhanna iompair phoiblí seo a leanas:

Baile Átha Cliath

  • Bus Átha Cliath, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath
  • Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath
  • Stáisiún Heuston, Baile Átha Cliath
  • LUAS, Iosta na Bó Deirge, Baile Átha Cliath
  • LUAS, Iosta Dhroichead Broome, Baile Átha Cliath
  • LUAS, Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath
  • Stáisiún na bPiarsach, Baile Átha Cliath

Deisiúcháin ar Chathaoireacha Rothaí

Chun faisnéis a fháil faoi chuideachtaí a sholáthraíonn deisiúcháin ar chathaoireacha rothaí, déan teagmháil le Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, le do thoil.

Taisteal Idirnáisiúnta

Tá sé tábhachtach ullmhúchán maith a dhéanamh le linn turas thar lear a phleanáil. Bí cinnte go bhfuil an fhaisnéis riachtanach ar fad agat maidir le do thuras (agus maidir le gach cuid de do thuras) sula gcuireann tú do thicéad in áirithe. Tá cuid mhór foinsí faisnéise ar fáil trí do ghníomhaire taistil, trí d’oibreoir iompair nó trí do stáisiún, trí d’aerfort nó trí do chalafort. Tá faisnéis do Shaoránaigh Éireannacha ar mian leo taisteal thar lear ar fáil anseo.

Comhlachtaí Comhairleacha

Chun tuilleadh faisnéise faoi iompar inrochtana in Éirinn a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí seo a leanas:

Tuairimí

Tá súil againn go mbeidh an t-am a chaithfidh tú ag taisteal go hÉirinn, ó Éirinn nó laistigh d’Éirinn saor ó fhadhbanna.

Má bhíonn aon fhadhbanna agat is ceart duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an oibreoir iompair lena mbaineann. Más rud é nach mbíonn tú sásta le toradh do ghearáin is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman.