Is féidir le paisinéirí a úsáideann líonra iompair phoiblí TFI leas a bhaint as modhanna éagsúla iompair chun taisteal a dhéanamh in Éirinn.

Cé acu bus, traein, tram nó tacsaí, fiú amháin, atá uait tá gach rud againn a bheith ag teastáil nuair atá do thuras á phleanáil agat.

Is pleanálaí turais ‘ó dhoras go doras’ é Pleanálaí Turais TFI agus soláthraíonn sé faisnéis faoi sheirbhísí, treoracha agus meastacháin ama a bhaineann le turas a dhéanamh le gach soláthróir ceadúnaithe iompair phoiblí ar fud na hÉireann.

Tá líon mór oibreoirí éagsúla bus ag oibriú laistigh de líonra iompair phoiblí TFI.

Déanann Iarnród Éireann/Irish Rail an córas iarnróid throm a oibriú thar ceann Transport for Ireland ar fud líonra iompair phoiblí TFI.

Is é atá sa Luas ná córas iarnróid éadroim nó córas tramanna atá á oibriú ag Bonneagar Iompair Éireann.

Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair a cheadaíonn gach beagfheithicil seirbhíse poiblí (SPSV – tacsaithe, hacnaithe agus limisíní) i bPoblacht na hÉireann.

Tá stáisiúin Just Eat dublinbikes ann faoi láthair i mBaile Átha Cliath agus tá stáisiúin Coca-Cola Zero Bikes ann i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh. Áirítear iad i bPleanálaí Rothaíochta TFI agus i bPleanálaí Turais TFI.