Laghdaíonn carr-roinnt an líon carranna a bhíonn ar an mbóthar. Is féidir leis sin brú tráchta agus fad ama do thurais a laghdú. Trí thaisteal a dhéanamh i ngrúpaí seachas i d’aonar, laghdaíonn carr-roinnt an líon feithiclí ar na bóithre nach bhfuil ach duine amháin iontu agus, sa tslí sin, is féidir le carr‑roinnt laghdú a dhéanamh ar an truailliú agus ar astaíochtaí CO2 a ghabhann le húsáid feithiclí. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le haer níos glaine, le timpeallacht níos glaine agus le líon níos lú tionchar diúltach a bhfuil baint acu le hathrú aeráide.

B’fhéidir gur mhaith leat breithniú a dhéanamh i dtaobh do shaintionscnamh carr-roinnte féin a chur ar bun. Sin rud a dhéanann Northern Trust i Luimneach agus ghnóthaigh siad Gradam Taistil Níos Cliste maidir le Carr-Roinnt ina leith sin sa bhliain 2017. Is féidir leat léamh faoina gcur chuige i leith a dtionscnaimh carr-roinnte.

Leideanna maidir le Scéim Carr-Roinnte a lainseáil

Marcaíocht Abhaile Ráthaithe

Is é atá i Scéim na Marcaíochta Ráthaithe Abhaile (GRH) ná dreasacht d’fhostaithe maidir le carr‑roinnt a dhéanamh. Tugann sé dearbhú d’fhostaithe gur féidir leo marcaíocht a fháil abhaile agus nach bhfágfar san ionad oibre iad má tharlaíonn teagmhas gan choinne. Ráthaíonn an eagraíocht ráthaíocht i leith marcaíocht abhaile saor in aisce i dtacsaí a chur ar fáil do rannpháirtithe sa scéim a dtarlaíonn teagmhas éigeandála ina leith ar lá a ndéanann siad carr-roinnt de ghnáth.

Tús a chur leis an Tionscnamh

  1. Chun tacaíocht a fháil, labhair leis an lucht bainistíochta sinsearaí faoi charr-roinnt a thabhairt isteach.
    • Tarraing aird ar na tairbhí a bhaineann leis amhail laghdú a dhéanamh ar an mbrú i leith spásanna páirceála, brú tráchta a laghdú, talamh a ndéantar páirceáil air a shaoradh ar mhaithe le críocha níos táirgiúla agus cabhrú le fostaithe an t-ualach tiomána a chomhroinnt.
  2. Déan comhaontú i leith sain-chomhordaitheoir carr-roinnte – sin duine den fhoireann ag a mbeidh ról ceannasach maidir le cur chun cinn na scéime agus maidir le faireachán a dhéanamh ar an líon daoine a úsáideann í.
  3. Déan forbairt ar bheartas d’eagraíochta maidir le carr-roinnt e.g. an bhfuil gá le ceadanna, ceadanna a chur i bhfeidhm.
  4. Labhair leis an Rannán Saoráidí maidir le páirceáil a chur ar fáil do dhaoine a ghlacann páirt i gcarr-roinnt. Is ceart an pháirceáil sin a bheith ar fáil i limistéir thosaíochta, e.g. gar do bhealaí isteach, ionas gurb í an áit pháirceála inmhianaithe í agus go bhfuil sí infheicthe ag tiománaithe eile/ag cuairteoirí.
  5. Labhair leis an lucht slándála faoi do scéim carr-roinnte agus faoi fhaireachán a dhéanamh ar pháirceáil charr-roinnte.
  6. Labhair leis an Rannán Saoráidí faoi chartaí rochtana foirne – an gá aon ní a dhéanamh le gur féidir leo faireachán a dhéanamh/rochtain a chur ar fáil etc?
  7. Déan brandáil i leith do scéime e.g. bain úsáid as íocóin nó as mana – “Suíocháin le líonadh, carr le roinnt”, “Tabhair síob do dhaoine”. etc
  8. Dear ceadanna le haghaidh gaothscáthanna cairr.
  9. Cuir an beartas maidir le carr-roinnt, Ceisteanna a Chuirtear go Minic faoi charr-roinnt agus faisnéis eile ar fáil ar leathanach de chuid inlíon d’eagraíochta a bhfuil teacht air go héasca.
  10. Tabhair faisnéis uasdátaithe don fhoireann faoi charr-roinnt a thabhairt isteach agus faoi na cúiseanna a bhaineann lena tabhairt isteach (chomh maith leis na tairbhí don fhoireann a lua!) e.g. laghdú a dhéanamh ar an mbrú i leith spásanna páirceála, páirceáil éasca a chur chun cinn, laghdú a dhéanamh ar chostais bhreosla do thiománaithe, éiceachairdiúlacht a chothú, an t-ualach tiomána a chomhroinnt. Is féidir an fhaisnéis uasdátaithe sin a cur ar fáil ar líne, le ríomhphost, i nuachtlitir nó i cibé modh ina gcuireann d’eagraíocht faisnéis in iúl d’fhostaithe de ghnáth. Cuir in iúl do dhaoine cén uair a bheidh tús á chur leis an scéim agus cé na daoine ar ceart teagmháil a dhéanamh leo má bhíonn ceisteanna agat. Cuir nasc ar fáil ar do láithreán inlín le haghaidh tuilleadh faisnéise.

An Lá Lainseála

  1. Cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig gach ball foirne nó tabhair faisnéis uasdátaithe dóibh ar an inlín/ar chláir fógraí maidir leis an lá lainseála (agus sin a dhéanamh roimh ré agus ar mhaidin an lae lainseála). Luaigh na tairbhí a bhaineann le carr-roinnt, suíomh na mbánna carr-roinnte agus ainm teagmhála don scéim agus do cheisteanna a thagann chun cinn sa chéad mhí.
  2. Bíodh dreasachtaí ann chun daoine a tharraingt chuig an áit ina bhfuil cur chun cinn á dhéanamh ar an lá lainseála e.g. T-léinte, crannchur do gach duine a chláraíonn sa chéad mhí. Is dreasachtaí ísealchostais iad cuimilteoirí gaothscátha, scríobáin oighir nó níochán cairr.
  3. Cuir t-léinte ar fáil don fhoireann a chuireann an scéim chun cinn.
  4. Eagraigh seisiún grianghrafadóireachta le haghaidh an lucht bainistíochta sinsearaí agus iad ag teach chuig an obair trí charr-roinnt nó ag clárú don scéim.

Iar-Lainseáil

  1. Bain úsáid as grianghraif a tógadh le linn an tseisiúin grianghrafadóireachta i dteachtaireacht ríomhphoist chuig an bhfoireann maidir leis an lainseáil.
  2. Reáchtáil crannchur do gach duine a chláraíonn don scéim faoi dheireadh na chéad mhíosa. Déan poiblíocht faoin mbuaiteoir agus faigh teachtaireacht ghairid le húsáid ar an inlíon/i nuachtlitreacha.
  3. Reáchtáil dreasachtaí go tráthrialta do dhaoine atá páirteach i gcarr-roinnt – e.g. crannchur le haghaidh seirbhísiú carr, málaí siopadóireachta in-athúsáidte agus mar sin de. Mura bhfuiltear in ann duaiseanna eile a aimsiú, déan breithniú i dtaobh dreasachtaí a thairiscint amhail saoire leathlae.
  4. Piara-phróifíl – ‘Glacaim páirt i gcarr-roinnt agus sábhálaim airgead agus am’ – cuir an méid sin in iúl ar an inlíon/i nuachtlitreacha.
  5. Cuir faisnéis ar fáil i bpaca ionduchtúcháin d’eagraíochta.
  6. De réir mar a thagann fás ar úsáid na scéime, cuir faisnéis uasdátaithe faoin líon daoine a úsáideann carr-roinnt ar fáil ar bhonn leanúnach san inlíon/i nuachtlitreacha.
  7. Reáchtáil maidin chaife carr-roinnte do dhaoine a bhfuil spéis ach san ábhar agus dóibh siúd atá páirteach sa scéim cheana féin, ach acmhainní a bheith ar fáil chuige sin.
  8. Lorg aiseolas ó dhaoine a dhéanann carr-roinnt chun a fháil amach conas feabhas a chur ar an scéim.

Saoráidí

  1. Cuir spásanna nua carr-roinnte ar fáil sna príomhshuíomhanna de réir mar a thagann méadú ar an líon daoine a chláraíonn nó de réir mar a thuairiscítear éileamh ar an scéim.
  2. Socruithe slándála chun faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar bhánna carr-roinnte lena chinntiú nach bhfuil siad á n-úsáid ach amháin ag daoine atá páirteach sa scéim carr-roinnte.
  3. Smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine a úsáideann bánna carr-roinnte gan chead.
  4. De réir mar a thagann méadú ar an líon daoine a úsáideann carr-roinnt, cuir spásanna páirceála ar fáil nó athainmnigh spásanna páirceála e.g. le haghaidh páirceáil rothar.

Seirbhísí Carr-Roinnte

Cuireann na seirbhísí carr-roinnt thíos rochtain riaracháin agus faisnéis tuairiscithe ar fáil ach d’fhéadfadh costais ghaolmhara a bheith ag baint leo:

  • Déantar Grúpaí FAXI a chur ar bun d’fhostóirí aonair – ní bhíonn siad ar oscailt don phobal i gcoitinne. Cuireann FAXI grúpaí dúnta cuideachta ar fáil mar aon le rochtain do bhaill an ghrúpa agus déanann riarthóir an ghrúpa rialú orthu.
  • Liftshare i measc na soláthróirí carr-roinnte is mó de chuid na Ríochta Aontaithe agus tá Aip agus tairiscintí ar líne acu. Ní oibríonn siad in Éirinn faoi láthair ach tá sé beartaithe acu teacht isteach sa mhargadh.

Leideanna maidir le Sábháilteacht nuair a bhítear páirteach i gCarr-Roinnt

Nuair a bhítear páirteach i dturas carr-roinnte, tá freagracht ar gach duine ar leith i ndáil lena shábháilteacht/sábháilteacht phearsanta. Ach molaimid go dtugann tú aird ar roinnt beart simplí sábháilteachta mar atá leagtha amach anseo thíos:

  • Dean socrú bualadh leis an tiománaí in áit phoiblí an chéad uair a úsáideann tú an tseirbhís.
  • Ná malartaigh seoltaí baile leis an gcompánach taistil roimh bhualadh leis/léi.
  • Cuir in iúl do chara nó do dhuine de do theaghlach cé leis/léi a mbeidh tú ag taisteal, cén uair a bheidh tú ag taisteal agus cén ceann scríbe atá ann.
  • Bíodh cárta aitheantais ann lena thaispeáint dá chéile e.g. Pasanna, cártaí mic léinn nó ceadúnais tiomána, ionas go mbeidh a fhios agat go bhfuil tú ag taisteal leis an duine ceart.
  • Tabhair aird ar do bhraistint; níl aon oibleagáid ort leanúint ar aghaidh agus a bheith páirteach i socrú maidir le carr-roinnt. Má bhíonn tú in amhras faoi do chompánach taistil, is cuma cén chúis atá leis sin, ní gá duit taisteal leis an duine sin.
  • Déan seiceáil i dtaobh an bhfuil na doiciméid tiomána dhlíthiúla go léir ag an duine a bhfuil tú i mbun carr-roinnt leis/léi, amhail ceadúnas tiomána, árachas cairr, NCT agus mótar-cháin.

Leideanna Sóisialta – Bunrialacha

D’fhéadfadh sé nach n-oirfidh carr-roinnt duit agus tá sé ceart go leor an méid sin a rá leis an gcompánach taistil – ní gá duit gealltanas a thabhairt páirt a ghlacadh i gcarr-roinnt go deo. Déan comhaontú gur féidir le ceachtar páirtí stop a chur leis an socrú aon tráth agus nach ionann sin agus a rá go bhfuil cúis phearsanta leis.

  • Tá dea-bhéasa ag teastáil i leith gach uile rannpháirtí, lena n-áirítear iompar béasach cairdiúil, agus tá gá le poncúlacht i leith coinní comhaontaithe.
  • Comhaontaíonn na rannpháirtithe go léir go dtabharfaidh siad fógra dá gcomh-rannpháirtithe sách fada roimh ré faoi chealú marcaíochta, faoi éagumas maidir le marcaíocht a chur ar fáil nó maidir le freastal le haghaidh marcaíochta, nó faoi aon suaitheadh eile i leith na socruithe atá comhaontaithe idir na rannpháirtithe.
  • Leag amach na rialacha don socrú i dtosach báire.
  • I do cháil mar thiománaí, cá fhad a fhanfaidh tú le paisinéirí (5 nóiméad?).
  • Cuir téacs teachtaireacht chuig a chéile 30 nóiméad roimh ré mar mheabhrúchán agus chun daingniú a dhéanamh.
  • An gceadaítear bia a ithe sa charr?
  • An roghnaíonn an tiománaí an stáisiún raidió nó an nglacfar le stáisiúin raidió a chéile?
  • Conas a thaifeadtar costais bhreosla agus cá a íocfaidh tusa as breosla?
  • Déan comhaontú agus labhair leis an tiománaí má thagann saincheisteanna chun cinn.
  • Is é atá sa bhealach is éifeachtaí chun daoine a mhealladh páirt a ghlacadh i gcarr-roinnt ná spásanna páirceála a leithroinnt le haghaidh carr-roinnt.

Ní féidir leis an Údarás Náisiúnta Iompair, ná lena chuid sannaithe, glacadh le dliteanas d’aon chineál, nó is cuma conas a éiríonn sé, cibé acu a bhaineann sé le daoine nó le maoin, ar dliteanas é a tharlaíonn mar thoradh ar scéim carr-roinnte nó mar thoradh ar scéim den sórt sin a bheith ag rannpháirtithe sa scéim lena mbaineann.