Is é an t-iompar poiblí an bealach is saoire agus is inbhuanaithe chun dul thart le linn fhéile na Nollag! Chun cabhrú leat an leas is mó a bhaint as, tá seirbhísí go mall san oíche á n-eagrú ag a lán oibritheoirí. Mar sin de, faigh greim ar Chárta TFI Leap agus úsáid an fhaisnéis iompair thíos chun do thuras a phleanáil, is cuma cé acu atá tú ag déanamh siopadóireachta, ag sóisialú nó ag obair.

Is féidir leat táille 90 nóiméad TFI a úsáid chun taisteal ar sheirbhísí Bhus Átha Cliath, Luas agus Go-Ahead Ireland i gCathair Bhaile Átha Cliath agus ar an gcuid is mó de sheirbhísí DART agus de sheirbhísí iarnróid comaitéireachta. Ní chosnaíonn an táille ach €2.00 d’aosaigh, €1.00 d’aosaigh óga (idir 19 mbliana d’aois agus 23 bliana d’aois) agus do mhic léinn, agus 65 cent do leanaí nuair a úsáidtear Cárta TFI Leap! Níl le déanamh agat ach do thuras deiridh a thosú laistigh de 90 nóiméad ón gcéad cheann.

An mbeidh tú ag taisteal de thacsaí le linn shéasúr na Nollag? Déan cinnte de go n-íoslódálfaidh tú Aip Seiceála Tiománaí TFI

Beidh Oibríocht na Cathrach Oscailte 2022 i mbun oibre i mBaile Átha Cliath ón 1 Nollaig go dtí an 24 Nollaig 2022.

Féach thíos na mionsonraí faoi sheirbhísí a oibreoidh oibritheoirí iompair go mall san oíche agus faoi athruithe ar amchláir, mar aon le sonraí teagmhála. Tabhair faoi deara gur féidir go mbeidh na seirbhísí sin faoi réir athruithe. Mar sin de, seiceáil anseo go tráthrialta chun an fhaisnéis is deireanaí a fháil.

Socruithe Seirbhísí Iompair Phoiblí

Oibreoidh na seirbhísí seo a leanas de chuid Bhus Éireann thar thréimhse na Nollag agus na Bliana Nua.

  • Oíche Nollag, an Satharn an 24 Nollaig: Críochnaíonn seirbhísí ag 21:00
  • Lá Nollag, an Domhnach an 25 Nollaig: Gan aon Seirbhís
  • Lá Fhéile Stiofáin, an Luan an 26 Nollaig: Seirbhís Dhomhnaigh
  • An Mháirt an 27 Nollaig: Seirbhís Dhomhnaigh
  • An Chéadaoin an 28 Nollaig go dtí an Aoine an 30 Nollaig: Seirbhís Shathairn
  • Oíche Chinn Bliana, an Satharn an 31 Nollaig: Seirbhís Shathairn
  • Lá na Bliana Nua, an Domhnach an 1 Eanáir: Seirbhís Dhomhnaigh
  • An Luan an 2 Eanáir: Seirbhís Rialta Lá Saoire Bainc

Chun an fhaisnéis is cothroime le dáta faoi sheirbhísí a fheiceáil, téigh chuig: www.buseireann.ie

Faisnéis Teagmhála

Ríomhphost: info@buseireann.ie
Suíomh Gréasáin: www.buseireann.ie
Teileafón: 01 8366111 (09:00 go 17:30 ó Luan go Domhnach)

Na Meáin Shóisialta

Twitter
Facebook
Instagram

Oibreoidh seirbhís iomlán Bus Oíche ar Bhealaí 7n, 29n, 31n, 33n, 42n, 46n, 49n, 69n, 70n, 77n, 84n agus 88n ar na dátaí seo a leanas:

  • An Chéadaoin an 14 Nollaig go dtí an Satharn an 17 Nollaig 2022
  • An Chéadaoin an 21 Nollaig go dtí an Aoine an 23 Nollaig 2022
  • An Aoine an 30 Nollaig agus an Satharn an 31 Nollaig 2022

Oibreoidh seirbhís shealadach Bus Oíche ar Bhealach 40n ar na dátaí thuas gach 30 nóiméad ó 00:00 go 04:00

De bhreis air sin, leanfaidh na seirbhísí seo a leanas is seirbhísí 24 huaire an chloig ar aghaidh ag oibriú le linn na tréimhse sin

  • 15 ó Chluain Ghrífín i dtreo Bhóthar Bhaile Uí Chuilinn
  • 39a ó COBÁC, Belfield, i dtreo Ongar
  • 41 ó Shráid na Mainistreach Íochtarach i dtreo Mhainéar Shoird
  • C1 ó Stáisiún Bhaile Adaim i dtreo Dhumhach Thrá
  • C2 ó Stáisiún Bhaile Adaim i dtreo Dhumhach Thrá
  • C5 ó Mhaigh Nuad i dtreo Bhóthar na Rinne
  • C6 ó Mhaigh Nuad i dtreo Bhóthar na Rinne
  • G1 ó Dhuga Spencer i dtreo Luas na Bó Deirge
  • G2 ó Dhuga Spencer i dtreo Ionad Siopadóireachta Ghleann na Life
  • N4 ó Shráidbhaile an Iosta i dtreo Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir

Chun an fhaisnéis is cothroime le dáta faoi sheirbhísí a fheiceáil, téigh chuig leathach Bhus Átha Cliath ar Sheirbhísí Oíche um Nollaig 2022

Faisnéis Teagmhála

Ríomhphost: customercomment@dublinbus.ie
Suíomh Gréasáin: www.dublinbus.ie
Teileafón: 01 8734222 (08:30 go 18:00 ó Luan go Satharn, gan Laethanta Saoire Poiblí a áireamh.)

Na Meáin Shóisialta

Twitter
Facebook
Instagram

Oibreoidh na seirbhísí seo a leanas de chuid Go-Ahead Ireland thar thréimhse na Nollag agus na Bliana Nua.

  • Oíche Nollag, an Satharn an 24 Nollaig: Críochnaíonn seirbhísí ag 21:00
  • Lá Nollag, an Domhnach an 25 Nollaig: Gan aon Seirbhís
  • Lá Fhéile Stiofáin, an Luan an 26 Nollaig: Tosaíonn Seirbhís Dhomhnaigh ag 09:00
  • An Mháirt an 27 Nollaig go dtí an Aoine an 30 Nollaig: Seirbhís Rialta
  • Oíche Chinn Bliana, an Satharn an 31 Nollaig: Seirbhís Shathairn
  • Lá na Bliana Nua, an Domhnach an 1 Eanáir: Seirbhís Dhomhnaigh
  • An Luan an 2 Eanáir: Seirbhís Dhomhnaigh

Chun an fhaisnéis is cothroime le dáta faoi sheirbhísí a fheiceáil, téigh chuig: www.goaheadireland.ie

Faisnéis Teagmhála

Ríomhphost: customercomment@goaheadireland.ie
Suíomh Gréasáin: www.goaheadireland.ie
Teileafón: Príomhoifig Go-Ahead +353 (1) 564 1000 / Tuairimí agus Ceisteanna ó Chustaiméirí 0818 804071

Na Meáin Shóisialta

Twitter
Facebook
Instagram

Moltar go mór áit a chur in áirithe roimh ré le haghaidh gach seirbhíse Idirchathrach

Seirbhísí go mall san Oíche: Oibreoidh Iarnród Éireann seirbhísí breise ar oícheanta Aoine agus Shathairn ar fud mhí na Nollag:

  • Stáisiún na bPiarsach go Cill Dara: 23:50 agus 01:50
    • Ag freastal ar Stáisiún Shráid na Teamhrach, ar Stáisiún Uí Chonghaile agus ar gach stáisiún go Cill Dara
  • Stáisiún na bPiarsach go Maigh Nuad: 00:20 agus 02:00
    • Ag freastal ar Stáisiún Shráid na Teamhrach, ar Stáisiún Uí Chonghaile agus ar gach stáisiún go Maigh Nuad
  • Stáisiún na bPiarsach go DART, Binn Éadair: 00:30 agus 01:30
    • Ag freastal ar Stáisiún Shráid na Teamhrach, ar Stáisiún Uí Chonghaile agus ar gach stáisiún go Binn Éadair
  • Stáisiún Uí Chonghaile go DART, na Clocha Liatha: 00:30 agus 01:30
    • Ag freastal ar Stáisiún Shráid na Teamhrach, ar Stáisiún na bPiarsach agus ar gach stáisiún go dtí na Clocha Liatha
  • Stáisiún na bPiarsach go Dún Dealgan: 00:40 agus 01:40
    • Ag freastal ar Stáisiún Shráid na Teamhrach, ar Stáisiún Uí Chonghaile agus ar gach stáisiún idir Gabhal Bhinn Éadair agus Dún Dealgan

Oíche Chinn Bliana: Beidh amchlár a mbeidh dornán athruithe air i bhfeidhm, agus eagrófar seirbhísí breise mar a leanas:

  • Stáisiún na bPiarsach go Cill Dara: 00.50 agus 02.50
    • Ag freastal ar Stáisiún Shráid na Teamhrach, ar Stáisiún Uí Chonghaile agus ar gach stáisiún go Cill Dara
  • Stáisiún na bPiarsach go Maigh Nuad: 01.20 agus 03.00
    • Ag freastal ar Stáisiún Shráid na Teamhrach, ar Stáisiún Uí Chonghaile agus ar gach stáisiún go Maigh Nuad
  • Stáisiún na bPiarsach go DART, Binn Éadair: 01.30 agus 02.30
    • Ag freastal ar Stáisiún Shráid na Teamhrach, ar Stáisiún Uí Chonghaile agus ar gach stáisiún go Binn Éadair
  • Stáisiún Uí Chonghaile go DART, na Clocha Liatha: 01.30 agus 02.30
    • Ag freastal ar Stáisiún Shráid na Teamhrach, ar Stáisiún na bPiarsach agus ar gach stáisiún go dtí na Clocha Liatha
  • Stáisiún na bPiarsach go Dún Dealgan: 01.40 agus 02.40
    • Ag freastal ar Stáisiún Shráid na Teamhrach, ar Stáisiún Uí Chonghaile agus ar gach stáisiún idir Gabhal Bhinn Éadair agus Dún Dealgan

Chun an fhaisnéis is cothroime le dáta faoi sheirbhísí a fheiceáil, téigh chuig an leathanach ar sheirbhísí Oíche DART agus Comaitéirí um Nollaig 2022

Faisnéis Teagmhála

Ríomhphost: info@irishrail.ie
Suíomh Gréasáin: https://www.irishrail.ie/
Teileafón: 01 8366222 (07:00 go 19:00 ó Luan go hAoine, gan laethanta saoire bainc a áireamh. 08:00 go 18:00 ar an Satharn, ar an Domhnach agus ar Laethanta Saoire Bainc.)

Na Meáin Shóisialta
Twitter
Facebook
Instagram

Oibreoidh na seirbhísí Luas seo a leanas thar thréimhse na Nollag agus na Bliana Nua.

  • An Aoine an 23 Nollaig: Seirbhís Rialta
  • Oíche Nollag, an Satharn an 24 Nollaig: Amchlár speisialta – le deimhniú
  • Lá Nollag, an Domhnach an 25 Nollaig: Gan aon Seirbhís
  • Lá Fhéile Stiofáin, an Luan an 26 Nollaig: Amchlár leasaithe Dhomhnaigh, a thosaíonn ag 09:00, gan líne dhearg lár na cathrach a bheith ag obair sa tráthnóna
  • An Mháirt an 27 Nollaig: Seirbhís Dhomhnaigh
  • An Chéadaoin an 28 Nollaig: Seirbhís Shathairn
  • An Déardaoin an 29 Nollaig: Seirbhís Shathairn
  • An Aoine an 30 Nollaig: Seirbhís Shathairn
  • Oíche Chinn Bliana, an Satharn an 31 Nollaig: Seirbhís Shathairn móide Luas Oíche
  • Lá na Bliana Nua, an Domhnach an 1 Eanáir: Seirbhís Dhomhnaigh
  • An Luan an 2 Eanáir: Seirbhís Dhomhnaigh
  • An Mháirt an 3 Eanáir: Seirbhísí Rialta ar Laethanta le linn na Seachtaine

Oibreoidh Luas tramanna breise am lae ar an 3ú lá, an 4ú lá, an 10ú lá, an 11ú lá, an 17ú lá agus an 18ú lá de mhí na Nollag, de bhreis ar sheirbhísí Luas Oíche Dé hAoine an 9 Nollaig, Dé Sathairn an 10 Nollaig, Dé hAoine an 16 Nollaig, Dé Sathairn an 17 Nollaig agus Dé Sathairn an 31 Nollaig

Chun an tseirbhís a úsáid, teastaíonn ticéad bailí Luas, Cárta Seirbhísí Poiblí bailí lena ngabhann Saorthaisteal, nó Cárta TFI Leap atá bailíochtaithe ag stad Luas. Ná déan dearmad tadhall air agus tadhall as tar éis gach turais.

Faisnéis Teagmhála

Ríomhphost: info@luas.ie
Suíomh Gréasáin: www.luas.ie
Teileafón: 1800 300 604 (07:00 go 19:00 ó Luan go hAoine, 10:00 go 14:00 ar an Satharn. Dúnta ar an Domhnach agus ar Laethanta Saoire Bainc.)

Na Meáin Shóisialta
Twitter
Facebook

Oibreoidh na seirbhísí seo a leanas i gCathair Chill Chainnigh thar thréimhse na Nollag agus na Bliana Nua.

  • Oíche Nollag, an Satharn an 24 Nollaig: Críochnaíonn seirbhísí rialta ag 21:00
  • Lá Nollag, an Domhnach an 25 Nollaig: Gan aon Seirbhís
  • Lá Fhéile Stiofáin, an Luan an 26 Nollaig: Tosaíonn Seirbhís Dhomhnaigh ag 09:00
  • An Mháirt an 27 Nollaig go dtí an Aoine an 30 Nollaig: Seirbhís Rialta
  • Oíche Chinn Bliana, an Satharn an 31 Nollaig: Seirbhís Shathairn
  • Lá na Bliana Nua, an Domhnach an 1 Eanáir: Seirbhís Dhomhnaigh
  • An Luan an 2 Eanáir: Seirbhís Dhomhnaigh

Chun an fhaisnéis is cothroime le dáta faoi sheirbhísí a fheiceáil, téigh chuig: https://citydirectkilkenny.ie/

Faisnéis Teagmhála

Ríomhphost: customercomment@citydirect.ie
Suíomh Gréasáin: www.CityDirectkilkenny.ie
Teileafón: 056 779 5929 nó 056 780 0039

Na Meáin Shóisialta

Twitter
Facebook

  • Oíche Nollag, an Satharn an 24 Nollaig: Críochnaíonn seirbhísí ag 21:00
  • Lá Nollag, an Domhnach an 25 Nollaig: Gan aon Seirbhís
  • Lá Fhéile Stiofáin, an Luan an 26 Nollaig: Tosaíonn Seirbhís ag 09:00
  • An Mháirt an 27 Nollaig: Seirbhís Rialta

Chun an fhaisnéis is cothroime le dáta faoi sheirbhísí a fheiceáil, téigh chuig: JJ Kavanagh & Sons

Faisnéis Teagmhála

Na Meáin Shóisialta

Twitter
Facebook
Instagram

  • Oíche Nollag, an Satharn an 24 Nollaig: Seirbhísí rialta
  • Lá Nollag, an Domhnach an 25 Nollaig: Gan aon Seirbhís
  • Lá Fhéile Stiofáin, an Luan an 26 Nollaig: Seirbhís Rialta Lá Saoire Bainc
  • An Mháirt an 27 Nollaig go dtí an Aoine an 30 Nollaig: Seirbhísí Rialta ar Laethanta le linn na Seachtaine
  • Oíche Chinn Bliana, an Satharn an 31 Nollaig: Seirbhís Shathairn
  • Lá na Bliana Nua, an Domhnach an 1 Eanáir: Seirbhís Dhomhnaigh
  • An Luan an 2 Eanáir: Seirbhís Rialta Lá Saoire Bainc

Chun an fhaisnéis is cothroime le dáta faoi sheirbhísí a fheiceáil, téigh chuig: DublinCoach.ie

Faisnéis Teagmhála

Ríomhphost: info@dublincoach.ie
Suíomh Gréasáin: https://www.dublincoach.ie/
Teileafón: (0)1 465 99722

Na Meáin Shóisialta
Twitter
Facebook
Instagram

  • Oíche Nollag, an Satharn an 24 Nollaig: Seirbhísí rialta
  • Lá Nollag, an Domhnach an 25 Nollaig: Gan aon Seirbhís
  • Lá Fhéile Stiofáin, an Luan an 26 Nollaig: Seirbhís Rialta Lá Saoire Bainc
  • An Chéadaoin an 27 Nollaig go dtí an Aoine an 30 Nollaig: Seirbhísí Rialta ar Laethanta le linn na Seachtaine
  • Oíche Chinn Bliana, an Satharn an 31 Nollaig: Seirbhís Shathairn
  • Lá na Bliana Nua, an Domhnach an 1 Eanáir: Seirbhís Dhomhnaigh
  • An Luan an 2 Eanáir: Seirbhís Rialta Lá Saoire Bainc

Chun an fhaisnéis is cothroime le dáta faoi sheirbhísí a fheiceáil, téigh chuig: http://www.andrewwhartoncoachhire.com/

Faisnéis Teagmhála

Ríomhphost: awwharton@gmail.com
Suíomh Gréasáin: www.andrewwhartoncoachhire.com
Teileafón: +353 868181435

Na Meáin Shóisialta
Facebook