Do thuras a phleanáil

Pleanáil do thuras bus trí úsáid a bhaint as Pleanálaí Turais TFI. Breathnaigh ar na léarscáileanna bealaigh ar ár láithreán gréasáin agus, chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le táillí, is féidir leat cuairt a thabhairt ar ár leathanach faisnéise faoi tháillí. Is ionann Cárta Leap TFI agus modh tapa éasca chun íoc as seirbhísí bus ar bhealaí infheidhme ar fud líonra iompair phoiblí TFI. Tá costas Chárta Leap TFI suas le 30% níos saoire ná táillí singile a íoc in airgead tirim agus is féidir le daoine tairbhiú ó theorannú táillí agus ó lascaine Leap 90.

Trí úsáid a bhaint as ár láithreán gréasáin is féidir leat teacht ar amchlár freisin le haghaidh seirbhís bus ar leith, is féidir leat breathnú ar fhaisnéis uasdátaithe maidir le seirbhísí, agus is féidir leat a fháil amach cén uair a thiocfaidh an chéad bhus eile chuig do stad bus.

I measc na hoibreoirí seirbhísí bus is mó dá bhfuil in Éirinn áirítear Go-Ahead Ireland, Bus Átha Cliath, Nasc Áitiúil agus Bus Éireann. Is féidir leat seirbhísí oibreoirí eile a sheiceáil trí cuairt a thabhairt ar a gcuid láithreán gréasáin.

Bus Éireann

Oibríonn Bus Éireann seirbhísí cathrach bus agus seirbhísí baile bus i gCorcaigh, i nGaillimh, i Luimneach agus i bPort Láirge. Ina theannta sin, oibríonn sé seirbhísí bus comaitéireachta agus idirchathrach ar fud na hÉireann. Chuir Bus Éireann tús lena cuid oibríochtaí sa bhliain 1987 agus é mar aidhm acu díriú ar chustaiméirí agus ar sheirbhís chostéifeachtach. Rinneadh flít nua agus tugadh seirbhísí feabhsaithe isteach le déanaí le haghaidh Chathair Phort Láirge. Tugadh isteach 17 bus nua agus, i measc na dtairbhí a bhain leo, áirítear minicíocht mhéadaithe maidir le seirbhísí agus uaire leathnaithe oibriúcháin.

Bus Átha Cliath

Is é Bus Átha Cliath an soláthróir iompair phoiblí is mó i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath agus oibríonn sé 136 bealach. Oibrítear gnáthsheirbhísí ó 5.00am go meán oíche. Oibrítear an tseirbhís Nitelink ó mheán oíche go 4.00am oíche Aoine agus oíche Shathairn. I measc an raoin seirbhísí a oibríonn Bus Átha Cliath áirítear seirbhís Traschathrach (Cross City), seirbhís ghathach (Radial), seirbhís fhithiseach (Orbital), Friothálach DART (Feeder), aernasc (Airlink), mearsheirbhísí comaitéireachta lena ngabhann líon teoranta stadanna, Nitelink agus turais chuairteora. Is é atá i bpríomhaidhm Bhus Átha Cliath ná seirbhís shábháilte a sholáthar agus saol pobail inbhuanaithe a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath.

Go-Ahead Ireland

Oibríonn Go-Ahead Ireland 23 bealach bus i mBaile Átha Cliath thar ceann Transport for Ireland.

Sa bhliain 2017, bhronn an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) conradh ar Go-Ahead Ireland chun tuairim is 10% den líonra reatha bus i mBaile Átha Cliath a oibriú, agus bealaí bus Oibleagáide Seirbhíse Poiblí ODMA (Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath Lasmuigh) san áireamh.

I measc na mbealaí sin áirítear bealaí 17, 17a, 18, 33a, 33b, 45a, 45b, 59, 63, 63a, 75, 75a, 76, 76a, 102, 104, 111, 114, 161, 175, 184, 185, 220, 236, 238, 239 agus 270. Is iad NTA/Transport for Ireland a shocraíonn agus a cheadaíonn gach táille bus.

Nasc Áitiúil

Soláthraíonn Nasc Áitiúil seirbhísí bus tuaithe i mbailte, i sráidbhailte agus i suíomhanna iargúlta ar fud na tíre.

I gcás inar féidir, déanann Nasc Áitiúil ceangal le seirbhísí Bhus Éireann agus Iarnród Éireann d’fhonn aghaidh a thabhairt ar eisiamh sóisialta tuaithe. Déantar na seirbhísí a oibriú agus a bhainistiú trí 15  d’oifigí áitiúla ar fud na tíre. Bíonn na hoifigí áitiúla sin ar oscailt ó Luan go hAoine, idir 9am agus 5pm, agus oibrítear ar fud na bliana iad, gan Laethanta Saoire Poiblí san áireamh. Bainistíonn gach oifig ar leith iarrataí ó chustaiméirí agus bainistíonn siad soláthar seirbhísí bus sna ceantair lena mbaineann.

Is iad an dá chineál seirbhíse bus a sholáthraíonn Nasc Áitiúil Bealaí ‘Ó Dhoras go Doras’ agus Bealaí Sceidealta.

Bealaí ‘Ó Dhoras go Doras’

Bealaí ‘Ó Dhoras go Doras’ is ea iad tromlach na seirbhísí Bus Nasc Áitiúil, ar seirbhísí iad a oibríonn seirbhís bailithe agus tuirlingthe ag doras theach na bpaisinéirí. Oibrítear iad ‘ar éileamh’ agus freagraíonn siad ar iarrataí ar sheirbhís ó phaisinéirí a bheartaíonn an tseirbhís a úsáid. Is gá áirithint a dhéanamh le Nasc Áitiúil roimh ré.

Bealaí Sceidealta

Is é atá i mBealaí Sceidealta ná seirbhísí bus a oibrítear de réir amchlár seasta ar bhonn laethúil nó ar bhonn seachtainiúil. Ní bhíonn bus ‘Ó Dhoras go Doras’ ar fáil ar na seirbhísí seo.