Tá líon mór oibreoirí éagsúla bus ag oibriú laistigh de líonra iompair phoiblí TFI.

De bhreis air sin, tá roinnt seirbhísí bus á n-oibriú ag oibreoirí tráchtála thar ceann Transport for Ireland:

Oibríonn Bus Átha Cliath agus Go-Ahead Ireland laistigh de Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath mar chuid de líonra iompair phoiblí TFI. Seolann Bus Éireann seirbhísí lasmuigh de Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath agus oibríonn cuid acu bealaí idir Baile Átha Cliath agus áiteanna eile.

Is é JJ Kavanagh and Sons a oibríonn Bealach 139 ón Nás go Baile Bhlainséir. M&A Coaches a oibríonn Bealach 828 agus oibríonn Andrew Wharton Coach Hire Bealach 975.

Soláthraíonn Nasc Áitiúil seirbhís bus i ngach ceantar tuaithe ar fud na hÉireann. Déantar na seirbhísí a oibriú agus a bhainistiú trí 15 cinn d’oifigí áitiúla ar fud na hÉireann.

Chun teacht ar thuilleadh faisnéise faoi amchláir agus ar léarscáileanna na mbealaí, féach leathanaigh na n-oibreoirí thuas le do thoil.

Is féidir le sealbhóirí Chárta Leap TFI leas a bhaint as lascainí, lena n-áirítear teorannú táillí agus lascaine Leap TFI 90.