Faigh táillí níos saoire trí úsáid a bhaint as Cárta Leap TFI ar sheirbhísí bus, traenach agus traim. Is féidir an pas saorthaistil a úsáid ar na seirbhísí go léir agus taistealaíonn leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois saor in aisce ar fud líonra iompair phoiblí TFI.

Tá difríochtaí ann maidir le táillí traenach agus sin ag brath ar an gcineál seirbhíse atá i gceist agus tá táillí traim ar an líne dhearg agus ar an líne ghlas bunaithe ar chriosanna laistigh den líonra.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo thíos faoin ábhar seo, faoi struchtúir táillí, faoi lascainí Leap TFI agus faoin bPas Saorthaistil.