Bain úsáid as ár gcuid Aipeanna chun do thuras thart ar Éirinn a phleanáil

Cinntigh go mbeidh sé éasca agat taisteal a dhéanamh thart ar Éirinn trí Aip Phleanálaí Turais TFI a íoslódáil d’fhonn an bealach is áisiúla chun dul chuig an ceann scríbe atá uait a oibriú amach. Tugann an Aip na roghanna ar fad duit agus is féidir leat an modh iompair is fearr leat a roghnú, is é sin le rá, traein, bus, tram, bád farantóireachta agus tacsaí. Cuirfidh an Pleanálaí Turais turas ‘ó dhoras go doras’ ar fáil duit. Íoslódáil an Aip agus pleanáil do thuras anois.

Nuair a chinneann tú cén bealach is fearr leat, is féidir leat úsáid a bhaint as Aip Fhaisnéis Fíorama TFI le go mbeidh a fhios agat cén uair a bheidh do bhus, do thram nó do thraein ag imeacht. Is féidir leat foláirimh a shocrú chun meabhrúcháin a fháil ionas nach gcaillfidh tú ceangal riamh agus tabharfaidh an Aip fógra duit nuair a bhíonn tú ag druidim le do cheann scríbe. Tugann sí faisnéis fíorama duit faoi amanna imeachta i gcás sheirbhísí Bhus Átha Cliath, Bhus Éireann, Go-Ahead Ireland, DART, Iarnród Éireann agus LUAS.

Is é Cárta Cuairteora Leap TFI an ticéad iompair phoiblí is áisiúla atá ar fáil do thurasóirí agus do chuairteoirí i mBaile Átha Cliath.  Gheobhaidh tú taisteal gan teorainn le haghaidh na tréimhse a roghnaíonn tú agus is féidir leat dul aon áit is mian leat i gcathair agus i bhfobhailte Bhaile Átha Cliath ar aon mhodh iompair phoiblí a roghnaíonn tú. Agus is féidir leat taisteal ón Aerfort, agus chuig an Aerfort, ag tús agus ag deireadh do thurais gan aon mhuirear breise.

Seirbhísí iompair i mBaile Átha Cliath

  • Is seirbhísí díreacha bus iad Airlink 747 & 757 agus taistealaíonn siad go minic ó Aerfort Bhaile Átha Cliath (Críochfoirt 1 agus 2) go Lár na Cathrach agus na príomh-mhoil iompair.
  • Is é Bus Átha Cliath an soláthróir iompair phoiblí is mó i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath agus oibríonn sé 136 bhealach. Oibrítear gnáthsheirbhísí ó 5.00am go meán oíche.
  • Oibríonn Go-Ahead Ireland 23 bhealach i mBaile Átha Cliath thar ceann Transport for Ireland. Chun teacht ar liosta iomlán bealaí agus ar chláir ama, tabhair cuairt ar láithreáin ghréasáin na seirbhísí sin.
  • Is é LUAS seirbhís tramanna Bhaile Átha Cliath agus oibríonn sé dhá líne. Nascann Líne Dhearg LUAS Tamhlacht/Teach Sagard le Stáisiún Uí Chonghaile/Iosta na Rinne. Nascann Líne Ghlas LUAS Gleann Bhríde/Áth an Ghainimh le Faiche Stiabhna.
  • Is ionann DART agus líne iarnróid a oibrítear ar bhonn tráthrialta feadh an chósta ó Mhullach Íde nó ó Bhinn Éadair trí lár na cathrach chomh fada ó dheas leis na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin.
  • Oibrítear Iarnród Comaitéireachta ar dhá líne. Oibrítear ceann amháin díobh ó Stáisiún Uí Chonghaile, sa chathair, go Cill Choca. Síneann an líne eile ó Stáisiún Heuston go dtí na Solláin.
  • Oibríonn Oibreoirí Bus Tráchtála roinnt seirbhísí i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath; féach an liosta agus na naisc anseo thíos.

Seirbhísí iompair in áiteanna eile in Éirinn

  • Iarnród Éireann/Irish Rail: Oibríonn oibreoir traenach náisiúnta na hÉireann seirbhísí cathrach agus comaitéireachta i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh agus, chomh maith leis sin, oibríonn sé seirbhísí idirchathrach ar fud na hÉireann.
  • Bus Éireann: Oibríonn oibreoir bus náisiúnta na hÉireann seirbhísí baile mhóir agus comaitéireachta agus, chomh maith leis sin, oibríonn sé seirbhísí idirchathrach ar fud na hÉireann.
  • Oibreoirí Bus Tráchtála: Ina theannta sin, tá líon mór seirbhísí bus ceadúnaithe príobháideacha ann agus oibríonn siad sin seirbhísí cathrach agus idirchathrach araon ar fud oileán na hÉireann.

Tá cuid de na hoibreoirí bus tráchtála is mó dá bhfuil ann le fáil sa liosta anseo thíos ach ní liosta iomlán atá ann:

Aircoach    JJ Kavanagh & Sons    Swords Express    Finnegan Bray    Matthews    Collins Coaches    Wexford Bus    City Direct    City Link

Má tá ceadúnas agat le haghaidh bus príobháideach agus gur mhaith leat faisnéis fút a chur san áireamh anseo déan teagmháil linn le do thoil.