Oibríonn Iarnród Éireann/Irish Rail seirbhísí cathrach agus comaitéireachta i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh agus, chomh maith leis sin, oibríonn sé seirbhísí idirchathrach ar fud na hÉireann.

Áiríonn Pleanálaí Turais TFI gach seirbhís de chuid Iarnród Éireann/Irish Rail agus DART.

Ligeann Aip Real Time Ireland TFI duit seiceáil a dhéanamh i dtaobh cén uair atá do chéad seirbhís Iarnród Éireann/Irish Rail agus DART le bheith ann. Déan seiceáil anseo chun teacht ar fhaisnéis bheo faoi imeacht traenacha ó stáisiúin traenach.

Chun ticéid a chur in áirithe nó chun faisnéis mhionsonraithe a fháil, tabhair cuairt ar laithreán gréasáin Iarnród Éireann/Irish Rail, le do thoil.

Roghanna i ndáil le Ticéid

Is ceart do thaistealaithe iarnróid a thabhairt dá n-aire go mbíonn ticéid a cheannaítear ar líne trí láithreán gréasáin Iarnród Éireann/Irish Rail am-shonrach agus dáta-shonrach. D’fhéadfadh muirir breise a bheith le n-íoc nuair a théitear ar bord traein eile le linn do thurais ar an lá céanna, mura rud é go roghnaítear ticéad solúbtha.

Sábháil suas le 32% ar chostas do thicéid nuair a úsáideann tú Cárta Leap TFI i gcomparáid le táillí le haghaidh seirbhísí DART, seirbhísí chomaitéireachta iarnróid i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh (an líne ó Chorcaigh go dtí an Cóbh/Mainistir na Corann), seirbhísí Bhus Átha Cliath agus seirbhísí LUAS a n-íoctar astu le hairgead tirim. Ar an gcárta cliste in-athúsáidte, stóráiltear creidmheas a úsáidtear gach uair a úsáideann tú iompar poiblí. Is féidir Cárta Leap TFI a úsáid le haghaidh an “Crios Gearrthurais” ina n-áirítear gach stáisiún i limistéar Bhaile Átha Cliath ó Chill Chomhghaill go Baile Brigín agus Stáisiúin chomaitéireachta ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath go Cill Choca agus ó Stáisiún Sheáin Heuston go dtí na Solláin agus an Nás.

Is féidir le sealbhóirí Charta Leap TFI tairbhiú ó theorannú táillí agus ó Lascaine Leap 90 atá sonraithe thíos, agus faightear lascainí go huathoibríoch nuair a chuirtear tús le turas agus nuair a chríochnaítear turas. Is féidir Cártaí Leap TFI a cheannach ag meaisíní díola ticéad i stáisiún “Crios Gearrthurais”, ar líne trí láithreán gréasáin Chárta Leap nó in easraisí áirithe miondíola.

Teorannú Táillí

An bhfuil a fhios agat go gcuirtear teorainn i bhfeidhm nuair a úsáideann tú do Charta Leap TFI?

Má bhaineann tú úsáid as seirbhísí iolracha iompair phoiblí (Bus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland, LUAS, DART agus iarnród comaitéireachta) aon lá nó aon seachtaine (Luan-Domhnach), beidh áthas ort a bheith ar an eolas go gcuirfimid teorainn uathoibríoch ar an bpraghas le nach gcaithfidh tú praghas iomarcach ar sheirbhísí iompair phoiblí.

Tá tuilleadh faisnéise le fáil sa tábla thíos, is é sin, tar éis d’Aosach €9.50 a chaitheamh ar sheirbhísí laethúla teorannóidh an cárta na costais ionas gur féidir le duine taisteal saor in aisce ar feadh an chuid eile den lá. Mar an gcéanna maidir leis an teorainn sheachtainiúil ar sheirbhísí Iarnród Éireann/Irish Rail, tar éis d’Aosach €37 a chaitheamh laistigh d’aon seachtain amháin i dtaca leis na hoibreoirí iompair phoiblí sin, ní bheidh aon táille eile le n-íoc i rith na seachtaine sin. Nuair a shroicheann tú an teorainn laethúil nó an teorainn sheachtainiúil, ní ghearrfar aon Chreidmheas Taistil eile ar do Chárta Leap TFI.

Teorainneacha Táille DART & Iarnróid Comaitéireachta

Aosach Mac Léinn Leanbh
Teorainn Laethúil €9.50 €7.00 €3.20
Teorainn Sheachtainiúil (Luan – Domh) €37.00 €27.00 €12.50

Lascaine Leap 90

Tairbhe bhreise eile a ghabhann le húsáid Cárta Leap TFI is ea é an Lascaine Leap 90. Nuair a úsáideann tú do chárta ar dhá thuras nó níos mó laistigh de 90 nóiméad óna chéile ar oibreoirí sheirbhísí Bhus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland, Luas nó DART/iarnróid comaitéireachta*, beidh feidhm ag lascaine uathoibríoch i ndáil leis an dara táille agus le táillí ina dhiaidh sin. I gcás daoine atá 18 mbliana d’aois agus faoina bhun ag a bhfuil Cárta Linbh Leap TFI, gheobhaidh siad lascaine 75c i leith an dara táille agus i leith táillí ina dhiaidh sin.

Seo a leanas turais a thairbhíonn ó Lascaine Leap 90:

  • Luas – Bus Chathair Bhaile Átha Cliath agus Bus Chathair Baile Átha Cliath – Luas
  • Luas – DART/iarnród comaitéireachta agus DART/iarnród comaitéireacht – Luas
  • DART/iarnród comaitéireacht – Bus Chathair Bhaile Átha Cliath agus Bus Chathair Bhaile Átha Cliath – DART/iarnród comaitéireachta
  • Bus Chathair Bhaile Átha Cliath – Bus Chathair Bhaile Átha Cliath

*Níl feidhm ag Lascaine Leap 90 le Luas go Luas ná le DART/iarnród comaitéireachta go DART/iarnród comaitéireachta ós rud é go bhfuil táillí lascainithe ann cheana féin maidir leis na táillí sin.

Faisnéis maidir le Rochtain

Is féidir glaoch a chur ar Iarnród Éireann/Irish Rail ar (01) 8366 222 (Luan – Aoine, 08.30 – 18-00, gan laethanta saoire poiblí san áireamh) nó is féidir teagmháil a dhéanamh le do stáisiún áitiúil má bhíonn cúnamh ag teastáil uait ar sheirbhísí Iarnród Éireann/Irish Rail. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar láithreán gréasáin Iarnród Éireann/Irish Rail.

Mionsonraí Teagmhála

Idirlíon: www.irishrail.ie

Teileafón: 1850 366 222

Facebook: Irish Rail | Facebook

Twitter: @irishrail