Príomhghnéithe

  • Faigh amach cén t-am a bhfuil seirbhísí i do cheantar féin ag imeacht, san áit a bhfuil siad ag teastáil uait.
  • Pleanáil turas iomlán trí úsáid a bhaint as an ngné Turais, lena n-áirítear Bus, Luas, Iarnród Éireann agus amanna do sheirbhísí farantóireachta.
  • Sábháil turais a rinneadh cheana chun go mbeidh tú ábalta teacht orthu go héasca arís.
  • Zúmáil isteach trí úsáid a bhaint as mapaí chun stadanna taistil a aimsiú de réir ceantair agus breathnú ar eolas faoi amchláir do na seirbhísí sin.
  • Faigh na fógraí is déanaí faoi bhriseadh i seirbhísí iompair agus déan cinnte go nglacfaidh tú na bealaí is fearr.
  • Clúdach uile-Éireann lena n-áirítear ceantair thuaithe agus cathracha (32 contae go léir na hÉireann).
  • Gach modh taistil sa chóras iompair phoiblí, lena n-áirítear traenacha, busanna, cóistí, báid farantóireachta agus tramanna.
  • Mapáil zúmála agus scrollála dhinimiciúil.
  • GPS trí úsáid a bhaint as ‘an áit a bhfuilim’.
  • Sábhálann sé na háiteanna is fearr leat agus turais a rinneadh le gairid.
  • Feidhmeanna ríomhphoist agus féilire.

Pleanálaí ó dhoras go doras is ea Pleanálaí Turas TFI ina gcuirtear eolas faoi sheirbhísí, treoracha agus meastacháin ama ar fáil chun turas a dhéanamh le gach soláthróir iompair phoiblí ceadúnaithe ar fud na hÉireann.

Is féidir leat Pleanálaí Turas TFI a úsáid ar líne anseo nó íoslódáil an Aip Pleanálaí Turas TFI in aisce ón Apple App store do iPhone agus iPad, nó ón Google Play store do ghairis Android.

Cuirtear pleananna ar fáil maidir le traenacha, busanna, tramanna, báid farantóireachta agus seirbhísí tacsaí agus tugtar iad le chéile i bpleananna turas atá éasca le léamh. Feidhmíonn an aip mar phleanálaí turas ó dhoras go doras agus cuirtear eolas ar fáil faoi imeachtaí sceidealaithe agus turais gar do d’áit reatha, agus ó aon phointe faoi leith. Féadann tú pleananna a dhéanamh don am i láthair nó amach anseo.

Chun do thuras a phleanáil roghnaigh an rogha ‘turais’ sa roghchlár, cuir isteach do phointe imeachta agus an áit ar mhaith leat taisteal chuici. Ina dhiaidh sin taispeánfar roinnt roghanna duit san aip idir shiúil, bhus, Luas agus mar sin de. Roghnaigh an rogha is fearr a oireann duit agus taispeánfar an bealach duit san aip; mar aon leis an gcostas a bhainfidh leis an turas (nuair is indéanta) a thaispeáint duit in airgead tirim nó i dtáille Carta Leap TFI.

Is féidir leat an aip taistil d’Éirinn, Pleanálaí Turas TFI, a íoslódáil in aisce ón Apple App store do iPhone agus iPad, nó ón Google Play store do ghairis Android.