Ó Dé Céadaoin 16ú Samhain seolfaidh Nasc Áitiúil TFI, Gaillimh, Bealach 432 ón gCeathrú Rua go dtí an Clochán. Seirbhís nua a oibreoidh seacht lá sa tseachtain a bheidh sa bhealach.

Oibreoidh an tseirbhís trí sheirbhís fillte sa lá, agus an Cheathrú Rua, Casla, Scríb, Doire Iorrais, Cill Chiaráin, Carna, Leitheanach, Cloch na Rón, Baile Conaola agus an Clochán á gcumhdach, agus nasc nua á chruthú idir Cloch na Rón agus Casla.

Chomh maith leis sin, soláthróidh an tseirbhís nua seirbhís bhuaic-ama nua a idirmhalartóidh le seirbhísí díreacha go Gaillimh agus nascacht fheabhsaithe chuig seirbhísí réigiúnacha bus ó Chasla do chomaitéirí.

Tá an bealach nua seo á chistiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair mar chuid den ghréasán Transport for Ireland.

Dúirt Hildegarde Naughton TD, Aire sa Roinn Iompair atá lonnaithe i nGaillimh: “Tá áthas an domhain orm chun an lainseáil nua de sheirbhís Bealach 432, atá ag ceangail An Cheathrú Rua agus An Clochán, a fheiceáil. Is as Gaillimh ó dhúchas mé agus tuigim go hiomlán go bhfuil gá ann chun daoine agus áiteanna a cheangal, go háirithe in áiteanna iargúlta. Caithfidh go bhfuil seirbhísí d’ard chaighdeán, insroichte, inacmhainne agus sábháilte do chuile dhuine. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag na seirbhísí seo as ucht an aistriú ó iompar príobháideach, go hiompar poiblí, a chuir chun cinn. Ní amháin rogha neamhdíobhálach é iompar poiblí. Is rogha cuimsitheach go sóisialta agus insroichte go heacnamaíoch é chomh maith. Tháinig an tseirbhís nua seo díreach in am agus muid ag teacht isteach sa Gheimhreadh leis an gcostais breosla costais eile ag ardú.”

Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt Joe Greally, Bainisteoir Nasc Áitiúil TFI, Gaillimh: “Cuirfidh sé seo go mór le Gréasán Nasc Áitiúil, Gaillimh, agus cuirimid fearadh na fáilte roimhe. Táimid an-tógtha faoi bheith in ann é seo a fhógairt tar éis na míonna a caitheadh i mbun comhairliúcháin agus pleanála. Táimid cinnte go gcuirfidh an tseirbhís nua seo feabhas ar shaol an phobail a bhíonn ag taisteal agus go mbeidh sí ina rogha inmharthana eile ar an iompar príobháideach laistigh den réigiún seo“.

Is é atá i seirbhísí iompair tuaithe Nasc Áitiúil TFI ná cuid thábhachtach den saol laethúil, agus daoine á nascadh acu chuig poist agus chuig saoráidí oideachais, cúram sláinte, siopadóireachta agus áineasa/turasóireachta. Bíonn ag bonneagar iompair inbhuanaithe a dhearadh tionchar bunúsach ar shláinte agus folláine daoine sa phobal. Cabhraíonn sé le dul i ngleic le haonrú sóisialta, cuireann sé feabhas ar inrochtaineacht fhoriomlán agus soláthraíonn sé deiseanna le haghaidh gníomhaíocht iompair ghníomhaigh ar bhonn tráthrialta agus le haghaidh gníomhaíocht fhisiciúil laethúil.

Chun faisnéis a fháil faoi bhealaí agus faoi amchláir, cuir glao ar (091) 842 384 nó tabhair cuairt ar locallinkgalway.ie