Dé Luain an 3 Deireadh Fómhair, seolfaidh Nasc Áitiúil TFI, Gaillimh, Bealach 431 ó Chlár Chlainne Mhuiris go dtí an Cheathrú Rua. Seirbhís nua a oibreoidh seacht lá sa tseachtain a bheidh sa bhealach.

Oibreoidh an tseirbhís ceithre huaire sa lá, agus clúdóidh sí an Cheathrú Rua, Casla, Scríb, an Teach Dóite, an Mám, Corr na Móna, an Fhairche, Cong, an Éill, Baile an Róba, Ard an Chuilinn agus Clár Chlainne Mhuiris, agus nasc nua á chruthú aici idir Casla agus Clár Chlainne Mhuiris. Chomh maith leis sin, soláthróidh an tseirbhís nua nascacht fheabhsaithe chuig seirbhísí réigiúnacha iarnróid ó Chlár Chlainne Mhuiris agus chuig seirbhísí réigiúnacha bus sa Teach Dóite agus i gCasla araon.

Tá an bealach nua seo á chistiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair mar chuid den ghréasán Transport for Ireland.

Dúirt Hildegarde Naughton TD, Aire sa Roinn Iompair atá lonnaithe i nGaillimh: “Tá ríméad orm seoladh sheirbhís nua Bhealach 431 i nGaillimh a fheiceáil, rud a chruthóidh nasc nua idir Casla agus Clár Chlainne Mhuiris. Rud tábhachtach, cuirfidh an tseirbhís feabhas freisin ar an nascacht atá ag teaghlaigh agus pobail chuig seirbhísí réigiúnacha iarnróid atá ann cheana ó Chlár Chlainne Mhuiris agus chuig seirbhísí réigiúnacha bus sa Teach Dóite agus i gCasla araon. Réiteoidh na bealaí feabhsaithe sin faoi phleananna ‘Éire a Nascadh’ an bealach le haghaidh nascacht fheabhsaithe chuig lár bailte agus tacóidh siad tuilleadh le pobail áitiúla chun an t-aistriú a dhéanamh chuig an iompar poiblí”.

Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt Joe Greally, Bainisteoir Nasc Áitiúil TFI, Gaillimh: “Beidh an tseirbhís nua seo ina rogha thaistil nua den chéad scoth do na daoine sin a chónaíonn feadh an bhealaigh toisc go gcruthóidh sí naisc laethúla chuig Clár Chlainne Mhuiris agus Cathair na Gaillimhe trí Chasla. Is é atá inti ná an toradh ar an bpleanáil agus an comhairliúchán atá ar bun le lear míonna anuas, agus táim cinnte de go dtacófar go mór leis an tseirbhís.

Is é atá i seirbhísí iompair tuaithe Nasc Áitiúil TFI ná cuid thábhachtach den saol laethúil, agus daoine á nascadh acu chuig poist agus chuig saoráidí oideachais, cúram sláinte, siopadóireachta agus áineasa/turasóireachta. Bíonn ag bonneagar iompair inbhuanaithe a dhearadh tionchar bunúsach ar shláinte agus folláine daoine sa phobal. Cabhraíonn sé le dul i ngleic le haonrú sóisialta, cuireann sé feabhas ar inrochtaineacht fhoriomlán agus soláthraíonn sé deiseanna le haghaidh gníomhaíocht iompair ghníomhaigh ar bhonn tráthrialta agus le haghaidh gníomhaíocht fhisiciúil laethúil“.

Chun faisnéis a fháil faoi bhealaí agus faoi amchláir, cuir glao ar (091) 842 384 nó tabhair cuairt ar locallinkgalway.ie