Tá sé fógartha ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) go bhféadfaidh paisinéirí a thaistealaíonn ar sheirbhísí ardmhinicíochta bus Nasc Áitiúil TFI i gCiarraí íoc as a dturais anois trí íocaíocht gan tadhall a úsáid.

Is féidir le paisinéirí cártaí dochair agus creidmheasa nó roghanna íocaíochta móibíleacha a úsáid

contactless tfi local linkFéadfaidh paisinéirí tapáil air go simplí trína gcárta dochair nó creidmheasa a úsáid, nó modhanna íocaíochta móibíleacha ar nós Apple Pay nó Google Pay a roghnú, rud a chuireann rogha agus caoithiúlacht níos fearr ar fáil do phaisinéirí agus iad ag íoc as a dturas.

Leis an gcéim is déanaí seo, cuirtear leis an tionscadal píolótach rathúil i gCabhán agus i Muineachán agus tagann sí sna sála ar íocaíochtaí gan tadhall a thabhairt isteach i gceithre cheantar Nasc Áitiúil TFI eile ar fud na tíre. Léirítear leis an leathnú leanúnach an fhreagairt láidir ó phaisinéirí agus tiomantas ÚNI roghanna íocaíochta nua-aimseartha soláimhsithe a chur ar fáil d’úsáideoirí iompair phoiblí tuaithe agus réigiúnaigh.

Íocaíochtaí gan tadhall ar fáil

Tá an íocaíocht gan tadhall ar fáil faoi láthair le haghaidh táillí turais aonair. Leanfaidh táirgí táillí laethúla agus seachtainiúla de bheith ar fáil trí shuíomh gréasáin Leap agus Aip Leap Top‑Up TFI. Tá cártaí Leap TFI, íocaíochtaí airgid thirim agus Cártaí Saorthaistil fós bailí lena n-úsáid ar gach seirbhís incháilithe Nasc Áitiúil TFI.

Is cuid de chlár leanúnach ÚNI í an fhorbairt seo chun córais táillí iompair phoiblí a nuachóiriú ar fud na tíre, agus cuirtear béim ar leith léi ar inrochtaineacht agus eispéireas an phaisinéara a fheabhsú i bpobail tuaithe agus réigiúnacha.

Béim láidir ar inrochtaineacht, éascaíocht úsáide agus eispéireas an phaisinéara a fheabhsú

Dúirt Edmund Betagh, Bainisteoir Cláir Nasc Áitiúil TFI ag an ÚNI:

“Tá lúcháir orainn íocaíochtaí gan tadhall a chur ar fáil do phaisinéirí i gCiarraí mar chuid dár leathadh amach náisiúnta leanúnach. Le gach céim nua, leagtar béim ar an tionchar dearfach atá ag an uasghrádú seo, agus solúbthacht níos fearr dár gcustaiméirí san áireamh. De réir mar a leathnaímid chun níos mó seirbhísí tuaithe agus réigiúnacha a chumhdach, táimid ag cinntiú go mbainfidh pobail, idir bheag agus mhór, tairbhe as líonra iompair phoiblí atá níos nua-aimseartha, níos áisiúla agus níos inrochtana.”

Dúirt Alan O’Connell, Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil TFI Chiarraí:

“Dul chun cinn eile a gcuirimid fáilte roimhe is ea tabhairt isteach na n-íocaíochtaí gan tadhall le haghaidh iompar poiblí i gCiarraí. Cuireann sé le mórthionscadail eile sa Chontae, lena n-áirítear leathnú sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI agus seachadadh TFI Anseo i gCill Airne, ar tionscnamh iontach eile é a thugann cumhacht níos láidre do phobail áitiúla ar a gcuid roghanna iompair. Trí íocaíocht agus taisteal a dhéanamh níos éasca fós fiú do dhaoine, leanaimid de líonra iompair nua-aimseartha iontaofa atá dírithe ar an gcustaiméir a fhorbairt le haghaidh turais laethúla.”

Nasc Aitiúil TFI Local link logo in Irish

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig : sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI i gCiarraí.