Cearta agus Freagrachtaí Custaiméirí

Cearta an chustaiméara

Táillí agus admhálacha

Tacsaithe: Ní cheadaítear do thiománaithe tacsaí táille a ghearradh atá níos mó ná an táille mhéadraithe agus ní mór dóibh admháil phriontáilte a thabhairt do chustaiméirí. Hacnaithe agus limisíní: Ní cheadaítear do thiománaithe táille a ghearradh atá níos mó ná an táille chomhaontaithe agus ní mór dóibh admháil i scríbhinn a thabhairt do chustaiméirí.

Seirbhís a dhiúltú go neamhréasúnach

Ní cheadaítear do thiománaithe seirbhís a dhiúltú go neamhréasúnach i leith turais 30km nó níos lú.

Seirbhís chustaiméara

Is ceart d’oibreoirí SPSV a bheith cúirtéiseach agus cuiditheach agus is ceart dóibh a bheith gléasta go néata. Is ceart d’oibreoirí SPSV eolas maith oibre a bheith acu ar mhórbhealaí agus ar chinn scríbe agus is ceart dóibh déanamh de réir aon treorach a thabharfaidh an paisinéir nó de réir aon bhealaigh a roghnóidh an paisinéir. Ní mór do thiománaithe SPSV cúnamh réasúnach a thairiscint i dtaca le bagáiste de. Is ceart an fheithicil a bheith glan agus ród-acmhainneach.

Rialacháin

Ní mór do thiománaithe SPSV a gcárta aitheantais tiománaí, mar aon leis an gcárta faisnéise do phaisinéirí, a chur ar taispeáint le go mbeidh siad le feiceáil go soiléir ag an gcustaiméir. Ag stad tacsaithe, féadfaidh an paisinéir a roghnú taisteal i dtacsaí seachas an ceann ag barr na scuaine.

Madraí treorach/madraí cúnaimh/áiseanna soghluaisteachta

Ní mór do SPSV-anna madraí treorach agus áiseanna soghluaisteachta a iompar gan aon chostas breise ar chustaiméirí ar gá dóibh madraí nó áiseanna den sórt sin a bheith acu.

Freagrachtaí an chustaiméara

Táillí

Tacsaithe: Tá sé de cheangal ar chustaiméirí an táille iomlán mhéadraithe nó an táille chomhaontaithe a íoc maidir le gach fruiliú, lena n-áirítear táillí áirithinte más cuí. Hacnaithe agus limisíní: Ní mór do chustaiméirí an táille a chomhaontú sula dtosaíonn an turas.

Sula n-aontaítear glacadh leis an bhfruiliú, féadfaidh an tiománaí a iarraidh ar an gcustaiméir éarlais a thabhairt nó a thaispeáint gur féidir leis/léi an táille a íoc.

Iompraíocht

Is ceart don chustaiméir é/í féin a iompar ar bhealach sibhialta ordúil. Ní cheadaítear do chustaiméirí damáiste a dhéanamh don fheithicil nó an fheithicil a shalú, bia a chaitheamh inti nó deochanna a ól inti, ná ní cheadaítear dóibh tobac a chaitheamh inti. Bíonn muirear salaithe iníoctha ag paisinéirí a shalaíonn nó a dhamáistíonn tacsaí go feadh an méid gur gá é a thógáil as seirbhís nó gur gá é a ghlanadh nó a dheisiú ar chostas. Sábháilteacht

Sábháilteacht

Ní ceart do chustaiméirí a iarraidh ar an tiománaí níos mó paisinéirí a iompar ná an líon a thaispeántar ar an diosca ceadúnais crioscaíldíonach. Ní ceart do chustaiméirí a iarraidh ar an tiománaí sárú a dhéanamh ar aon reachtaíocht tráchta bóthair – mar shampla, an luasteorainn a shárú.

Bíodh Tuiscint agat ar do Tháille

Ach amháin i gcás comhaontú i scríbhinn a bheith ann roimh ré, ní ceart do thiománaithe táille is mó ná an táille mhéadraithe a mhuirearú agus ní mór dóibh admháil phriontáilte a thabhairt má iarrtar sin.

Mar phaisinéir, tá ort an táille iomlán mhéadraithe a íoc gach uair a fhruilíonn tú an fheithicil, sin nó táille chomhaontaithe is lú ná sin a íoc. Is ceart táille réamh-chomhaontaithe a thaifeadadh i scríbhinn sula dtosaíonn an turas.

Tá oibleagáid ar thiománaithe tacsaí admháil phriontáilte a thairiscint ag deireadh an turais.

Ní cheadaítear do hacnaithe nó do limisíní táille atá níos mó ná an táille chomhaontaithe a ghearradh ort agus ní mór dóibh admháil a thabhairt duit má iarrtar orthu déanamh amhlaidh.

  • Maidir le gach paisinéir aosach breise, cuir €1 leis an táille mhéadraithe
  • Tar éis an chéad linbh saor in aisce, cuir €1 leis an táille mhéadraithe i ndáil le gach beirt leanbh faoi bhun 12 bhliain d’aois
  • Is ionann do tháille áirithinte agus €2 de bhreis ar an táille mhéadraithe
  • Déantar muirir dholaí bóthair a chur san áireamh de réir mar a thabhaítear iad agus is ceart iad a thaifeadadh ar an admháil
  • Má shalaítear an tacsaí cuirtear muirear uasta €140 i bhfeidhm
  • Más rud é nach n-íocann tú an táille nó más rud é go n-íocann tú táille is lú ná mar a chomhaontaítear, tá cion déanta agat faoin Ordú um Muirir Íosta
  • Féadfaidh tiománaí a iarraidh ort cruthúnas a chur ar fail go bhfuil tú in ann do tháille a íoc sula n-aontaítear fruiliú a dhéanamh

De réir do chuid Ceart Custaiméara ní mór do gach tiománaí SPSV (beagfheithicil seirbhíse poiblí) a gcárta aitheantais tiománaí agus an cárta faisnéise do phaisinéirí a chur ar taispeáint ar shlí ina bhfuil radharc soiléir ag an gcustaiméir orthu.

Tacsaímhéadar: feiste mheicniúil nó leictreonach a bhíonn suiteáilte i dtacsaithe agus lena ríomhtar táillí paisinéara ar bhonn an achair a thaistealaítear agus an ama feithimh.

Íocaíocht Gan Airgead Tirim i dTacsaithe
Ón 01 Meán Fómhair i leith, caithfidh gach tacsaí in Éirinn glacadh le híocaíochtaí cárta creidmheasa agus cárta dochair (Visa, Mastercard, American Express) agus le hairgead tirim – is faoin bpaisinéir a bheidh sé. Ní fhéadfaidh tiománaithe aon fhormhuirir a ghearradh i leith aon íocaíochtaí cárta.
Ní foláir don tiománaí an admháil ón tacsaiméadar (agus ní ón teirminéal cárta) le haghaidh na huastáille dlíthiúla tacsaí a thairiscint do phaisinéirí. Is féidir le paisinéirí amharc ar an tacsaiméadar chun súil a choinneáil ar an táille ar fud a dturais. Ba cheart do phaisinéirí an admháil ón tacsaiméadar a choinneáil i gcás aon cheisteanna tar éis an turais. Léirítear uirthi mionsonraí faoin tiománaí agus faoin turas.

Gaeilge

English