Céard é SPSV?

Is ionann SPSV agus Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí. Is tacsaithe, hacnaithe nó limisíní iad. In Éirinn, is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) a rialálann ceadúnais SPSV.

Is é an Garda Síochána a eisíonn agus a rialálann ceadúnas an tiománaí.

Táillí

Mar phaisinéir, tá ort an táille iomlán mhéadraithe a íoc gach uair a fhruilíonn tú an fheithicil, sin nó táille chomhaontaithe is lú ná sin a íoc. Is ceart táille réamh-chomhaontaithe a thaifeadadh i scríbhinn sula dtosaíonn an turas.

Tá oibleagáid ar thiománaithe tacsaí admháil phrinteáilte a thairiscint ag deireadh an turais.

Ríomhtar táillí trí úsáid a bhaint as tacsaímhéadar, is é sin, feiste mheicniúil a bhíonn suiteáilte i dtacsaithe agus lena ríomhtar táillí paisinéara ar bhonn an achair a thaistealaítear agus an ama feithimh.

Ní gá tacsaímhéadar a bheith suiteáilte i hacnaithe ná i limisíní. Comhaontaítear do tháille roimh an turas.

Tacsaí

Is ionann tacsaí agus SPSV ar féidir é a fhruiliú ar an tsráid nó ag stad tacsaithe nó is féidir é a chur in áirithe roimh ré. Ní mór brandáil fhorordaithe a bheith ar thacsaithe (féach cártaí faisnéise do chustaiméirí) agus ní mór tacsaímhéadar, printéir agus comhartha dín a bheith feistithe acu. Ina theannta sin, ceadaítear do thacsaithe lánaí bus a úsáid nuair a bhíonn an fheithicil á húsáid mar thacsaí.

Tacsaí atá Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí (WAT)

Ní mór roinnt ceanglas breise a chomhlíonadh i leith na dtacsaithe sin ar ceanglais iad atá ceaptha chun a chinntiú, ar a laghad, gur féidir le duine amháin, agus é nó í ina shuí nó ina suí sa chathaoir rothaí, mar aon le duine amháin eile, a bheith ann san fheithicil. Ina theannta sin, ní mór tús áite a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas a chuireann in áirithe iad.

Mar choinníoll a ghabhann le ceadúnais d’fheithiclí atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí, ní mór mionsonraí áirithinte i leith na gceadúnas sin a choimeád ar chlár an NTA. Is amhlaidh atá an cás chun a chumasú do phaisinéirí a bhfuil sé i gceist acu tacsaí den sórt sin a úsáid an tseirbhís a fhruiliú.

Má bhíonn deacracht agat seirbhís tacsaí den sórt sin a fháil, d’fhéadfadh sé go mbeidh NTA in ann mionsonraí teagmhála a chur ar fáil duit maidir le hoibreoir sa cheantar ina bhfuil tú. Cuir glaoch ar Líne Faisnéis NTA, is é sin, 0818 064 000 nó cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig taxis@nationaltransport.ie

Hacnaí

Is ionann hacnaí agus SPSV nach mbíonn ar fáil ach amháin trína chur in áirithe roimh ré. Ní cheadaítear dóibh glacadh le paisinéirí atá ag iarraidh tacsaí a fháil ar an tsráid nó ag stad tacsaithe. Ní mór an táille a chomhaontú leis an bpaisinéir sula dtosaíonn an turas. Ní cheadaítear do hacnaithe lánaí bus a úsáid agus ní gá tacsaímhéadar a bheith feistithe iontu. Tá oibleagáid ar an tiománaí cruthúnas ar áirithint a choimeád i leith na dtáillí go léir.

Hacnaí atá Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí (WAH)

Mar an gcéanna le WAT-anna, ní mór go mbeidh hacnaithe den sórt seo a bheith in ann paisinéir amháin, ar a laghad, agus é nó í ina shuí nó ina suí ina chathaoir rothaí nó ina cathaoir rothaí, mar aon le paisinéir amháin eile, a iompar.

Hacnaí Ceantair Áitiúil (LAH)

Bíonn hacnaí den sórt seo ceadúnaithe chun paisinéirí a bhailiú laistigh de limistéar ainmnithe, ar limistéar é atá laistigh d’achar idir 2 chiliméadar agus 7 gciliméadar, de ghnáth, ó sheoladh shealbhóir an cheadúnais. Tá LAH-anna thar a bheith tábhachtach i bpobail tuaithe nach féidir iompar poiblí a chur ar fáil iontu faoi láthair nó nach bhfuil iompar poiblí ar fáil iontu ag na tráthanna a mbíonn gá leis.

Limisín

Is ionann limisín agus SPSV a úsáidtear le haghaidh ócáidí searmanais nó corpáráide nó le haghaidh ócáidí gradamúla eile. Ní féidir é a úsáid ach amháin trína chur in áirithe roimh ré agus ní mór an táille a chomhaontú roimh ré. Ní cheadaítear do limisíní lánaí bus a úsáid agus ní gá tacsaímhéadar a bheith feistithe iontu.

Tá oibleagáid ar an tiománaí cruthúnas ar áirithint a iompar le haghaidh gach táille ach amháin i gcás ina mbíonn siad á bhfruiliú le haghaidh seirbhísí pósta nó sochraide.

Oibreoirí Áirithinte

Soláthraíonn Oibreoirí Áirithinte seirbhís áirithinte nó saoráid eile chun turais SPSV a eagrú agus ceadúnaíonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair iad.

Maoin Chaillte

Ní rud neamhghnách é ítim phearsanta a fhágáil i do dhiaidh i dtacsaí nó i hacnaí. Má tharlaíonn sé sin duit seo a leanas an méid is ceart duit a dhéanamh:

Má rinne tú áirithint trí oibreoir áirithinte, déan teagmháil leo a luaithe is féidir ós rud é go bhféadfadh sé go mbeidh siad in ann cabhrú leat teacht ar do mhaoin.

Más rud é nach féidir leis an tiománaí an ítim a thabhairt ar ais duit go díreach, is gnách go dtabharfaidh sé nó só do stáisiún Garda Síochána is gaire dó nó di.

Féach mionsonraí teagmhála anseo le haghaidh na stáisiún Garda ar fud na tíre.

Tá freagracht ar an nGarda Síochána i ndáil le maoin chaillte a sheachadann oibreoirí SPSV orthu. Nuair a sheachadtar maoin ar an nGarda Síochána, coinnítear í ar feadh 31 lá ar a laghad, agus ar feadh tréimhse suas go 366 lá, ach sin ag brath ar chineál nó ar luach na hítime, agus déantar amhlaidh chun deis a thabhairt don úinéir í a aisghabháil.

Is ceart duit teagmháil a dhéanamh leis an stáisiún Garda i do cheantar agus beidh siad in ann a rá leat ar seachadadh an mhaoin ar aon stáisiún Garda.

Is mó an seans go mbeidh na Gardaí in ann do mhaoin a aisghabháil más féidir leat uimhir cheadúnais an tacsaí a d’úsáid tú a thabhairt dóibh agus bíonn an uimhir sin ar taispeáint ar d’admháil.

Más rud é nach mbíonn teacht ar an ítim nuair a dhéanann tú fiosrú ar dtús, d’fhéadfadh sé gurbh fhiú fiosrú eile a dhéanamh seachtain nó mar sin ina dhiaidh sin ó tharla go mb’fhéidir nach dtabharfaidh an tiománaí don Gharda Síochána í láithreach i ndiaidh teacht uirthi.

Is ceart duit cruthúnas ar chéannacht a bheith agat nuair a bhíonn do mhaoin á haisghabháil agat mar go lorgóidh an Garda Síochána an cruthúnas sin sula dtabharfaidh siad an ítim ar ais duit.