Céard é Cárta Leap TFI?

Is ionann Cárta Leap TFI agus modh áisiúil chun íoc as iompar poiblí ar fud líonra iompair phoiblí TFI. Is cárta in-athúsáidte réamhíoctha é agus is féidir leis sábháil airgid suas go 31% a chur ar fáil duit i gcomparáid le táillí singile. Níl le déanamh ach do chreidmheas a bhreisiú, an cárta a chuimilt in aghaidh an bhailíochtóra agus taisteal.

Is féidir Cárta Leap TFI a úsáid ar na seirbhísí seo a leanas:

  • Bus Éireann
  • Bus Átha Cliath
  • Go-Ahead Ireland
  • DART agus seirbhísí comaitéireachta Iarnród Éireann sa chrios ‘Gearrthurais’ agus ar
  • línte traenach ó Chorcaigh go dtí an Cóbh/Mainistir na Corann i gCorcaigh
  • Luas
  • Oibreoirí príobháideacha amhail Ashbourne Connect, City Direct, Matthews Coaches agus Wexford Bus.

Chun teacht ar liosta iomlán féach láithreán gréasáin Chárta Leap TFI, le do thoil.

Cineálacha éagsúla cártaí

Tá roinnt cineálacha éagsúla cárta Leap TFI ann.

  • Cárta Duine Fásta
  • Cárta Pearsantaithe Duine Fásta
  • Cárta Mic Léinn
  • Cárta linbh 5 – 15 bliana d’aois
  • Cárta linbh 16 – 18 mbliana d’aois
  • Cuairteoir

Tá difríochtaí ann maidir le táillí, úsáid agus teidlíochtaí agus sin ag brath ar an gcárta a bhfuil tú i dteideal é a cheannach.

Áiteanna inar féidir cárta a cheannach

Is féidir cártaí le haghaidh duine fásta gan ainm agus cártaí linbh 5 – 15 bliana d’aois a cheannach ó aon ghníomhaire Leap TFI, ar láithreán gréasáin Chárta Leap TFI nó ó mheaisíní ticéad áirithe DART i mBaile Átha Cliath.

Is féidir cárta pearsantaithe do dhuine fásta a ordú ar láithreán gréasáin Chárta Leap TFI

Is féidir cártaí linbh 16 – 18 mbliana d’aois a ordú ar líne. Sula seolfar cárta chuig iarratasóir, ní mór aois an iarratasóra a fhíorú ag ionad bailíochtaithe.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar Chárta Mic Léinn ag áitreabh ghníomhairí Leap Mic Léinn, ag na Seónna Bóthair Leap Mic Léinn a bhíonn ann i mí Mhéan Fómhair agus i mí Eanáir gach bliain i gcoláistí tríú leibhéal ar fud na tíre nó leis an bpost.

Is féidir Cárta Cuairteora Leap TFI a cheannach ar láithreán gréasáin Chárta Leap TFI nó ó ghníomhaire áirithe in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Conas creidmheas a bhreisiú

Is féidir creidmheas do Chárta Leap TFI a bhreisiú ar roinnt bealaí éagsúla:

  1. Má tá fón póca Android NFC-chumasaithe agat, is é an bealach is fusa é chun an creidmheas a bhreisiú Aip Bhreisithe Creidmheasa Leap a íoslódáil. Nuair atá an aip agat is féidir leat creidmheas do chárta a bhreisiú ar d’fhón póca.
  2. Má shocraíonn tú Breisiú Uathoibríoch ar do Chárta Leap TFI ní bheidh tú gan creidmheas taistil riamh. Nuair a thiteann do chreidmheas go suim níos ísle ná €10, déanfar é a bhreisiú go huathoibríoch de réir cibé suim atá roghnaithe agat (€30, €40 nó €50).
  3. Breisiú a dhéanamh ag easraisí laistigh de chrios íocaíochta Chárta Leap TFI. Aimsigh an gníomhaire is gaire duit ar láithreán gréasáin Leap TFI.
  4. Breisiú a dhéanamh ar mheaisíní ticéid iarnróid comaitéireachta de chuid LUAS, DART & Iarnród Éireann.
  5. Breisiú a dhéanamh ar bord seirbhísí oibreoirí áirithe lena n-áirítear Wexford Bus, Matthews Coaches agus Swords Express.
  6. Breisiú a dhéanamh Ar Líne: ach tabhair do d’aire, le do thoil, gurb amhlaidh, má dhéanann tú breisiú ar líne, nach mór duit do Chreidmheas Taistil nó do thicéad a bhailiú in áitreamh gníomhaire de chuid Chárta Leap TFI nó in ionad eile ainmnithe.

 

Ceisteanna a Chuirtear go minic

Ag brath ar an oibreoir, is féidir leat suim airgid suas go 31% a shábháil i gcomparáid le híoc as do thuras in airgead tirim. Is féidir Cárta Leap TFI a úsáid ar sheirbhísí oibreoirí éagsúla lena n-áirítear Bus Átha Cliath, Luas, DART & seirbhísí iarnróid comaitéireachta Iarnród Éireann, Go-Ahead Ireland agus Bus Éireann, chomh maith le hoibreoirí eile bus amhail Swords Express, Ashbourne Connect, Wexford Bus, Matthews Coaches (seirbhísí ar leith) agus Collins Coaches.

Seiceáil táillí Chárta Leap TFI chun mionsonraí a fháil faoi gach oibreoir ar leith.

Cuireann Cárta Leap TFI teorainn ar an méid creidmheasa a chaitheann tú ar thaisteal agus, dá bhrí sin, nuair a shroicheann tú teorainn infheidhme ar Bhus Átha Cliath, ar Luas, ar DART, ar sheirbhísí iarnróid comaitéireachta Iarnród Éireann agus ar Go-Ahead Ireland i mBaile Átha Cliath is féidir leat taisteal saor in aisce ar na seirbhísí sin ar feadh an chuid eile den lá nó den tseachtain (Luan-Satharn).

Faigh tuilleadh eolais faoi Theorannú Chárta Leap TFI anseo.

Nuair a úsáideann tú Creidmheas Taistil chun íoc as dhá thuras nó níos mó laistigh de 90 nóiméad ón tráth a thosaigh do chéad turas, cuirfear lascaine i bhfeidhm i leith an dara táille agus i leith na dtáillí ina dhiaidh sin. Ligeann sé sin duit aistriú ó sheirbhís go seirbhís a mhéid a bhaineann le Bus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland, LUAS, DART agus seirbhísí iarnróid comaitéireachta Iarnród Éireann.

Níl feidhm aige sin maidir le haistriú Luas – Luas ná le DART– iarnród comaitéireachta ós rud é go bhfuil táillí lascainithe ann cheana féin maidir leis na táillí sin.

Chun tuilleadh eolais agus na coinníollacha a fháil, féach anseo chun na lascainí Leap 90 atá ar fáil a fheiceáil.

  • Má tá fón póca Android NFC-chumasaithe agat, is féidir leat seiceáil a dhéanamh faoi d’iarmhéid creidmheasa trí úsáid a bhaint as Aip Bhreisithe Creidmheasa TFI. Níl le déanamh agat ach do Chárta Leap TFI a chuimilt in aghaidh chúl d’fhóin póca.
  • Ina theannta sin, is féidir leat breathnú ar d’iarmhéid creidmheasa taistil ar líne agus chomh maith leis sin, ar idirbhearta atá déanta ar do chárta. (D’fhéadfadh sé go dtógfaidh sé suas go 24 huaire an chloig sula mbeidh idirbhearta le feiceáil ar do chuntas ar líne).
  • Chomh maith leis sin, is féidir leat breathnú ar d’iarmhéid trí fhiosrú iarmhéid a dhéanamh ag aon chrios íocaíochta Chárta Leap TFI nó trí do chárta a chur isteach in aon mheaisín ticéid comaitéireachta LUAS/DART/Iarnróid Comaitéireachta agus déanamh de réir na dtreoracha ar scáileán an mheaisín díola.

Tar éis duit do Chárta Leap TFI a chlárú, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chárta ionaid nó ar aisíocaíocht, ach sin ag brath ar an gcineál cárta atá agat:

  • Is féidir cárta ionaid a fháil le haghaidh cárta duine fásta agus linbh nó is féidir aisíocaíocht a fháil ina leith. Má tá cárta ionaid á fháil agat le haghaidh cárta pearsantaithe, d’fhéadfadh sé go mbeidh ort do ghrianghraf a chur ar fáil athuair.
  • Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le Cárta Sábhála Cánach Leap TFI, is féidir cárta ionaid a fháil trí láithreán gréasáin Leap TFI.
  • I gcás cártaí mic léinn, ní féidir ach creidmheas taistil agus ticéid a aisíoc (gan táille Chárta Mic Léinn €10 a áireamh).
  • Níl le déanamh ach logáil isteach i do chuntas ar líne, an rogha ‘Aisíocaíocht nó Cárta Ionaid’ a roghnú, agus déanamh de réir an phróisis.

Más rud é go gcailltear nó go ngoidtear do chárta, agus nár cláraíodh an cárta, ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar chárta ionaid/aisíocaíocht. Molaimid duit do chárta a chlárú a luaithe a gheobhaidh tú é chun d’iarmhéid a chosaint má chailltear nó má ghoidtear é.