Is é atá i mbeagfheithiclí seirbhíse poiblí (SPSV) ná tacsaithe, hacnaithe agus limisíní.

Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair an t-údarás ceadúnúcháin le haghaidh ceadúnais feithicle agus is é an Garda Síochána an t-údarás ceadúnúcháin i leith ceadúnais tiománaithe SPSV a eisiúint agus a athnuachan – is é sin le rá an ceadúnas chun tacsaí, hacnaí nó limisín a thiomáint.

Is féidir Aip Seiceála Tiománaithe TFI a íoslódáil saor in aisce ó Google Play agus ó stóras iTunes. Ligeann an Aip d’úsáideoirí seiceáil a dhéanamh i dtaobh an bhfuil a dtiománaí ceadúnaithe agus is féidir leo an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig cara. Cuirtear an fhaisnéis sin ar fáil ar mhaithe le suaimhneas intinne a thabhairt don úsáideoir go bhfuil sé/sí ag taisteal go sábháilte agus go bhfuil taifead ar fáil ar a thuras/turas.

Ligeann Meastóir na dTáillí Tacsaí duit buiséad a dhéanamh i leith do thurais. Is táillí garbha iad na táillí a ríomhtar agus beidh siad ag brath ar bhrú tráchta.

Comhlánaigh ár bhFoirm Molta agus Gearáin i leith Tacsaithe chun aiseolas a thabhairt faoi do thuras.