Soláthraíonn Aip Phleanálaí Rothaíochta TFI faisnéis faoi na bealaí rothaíochta is fearr le haghaidh turas i limistéir chathracha Bhaile Átha Cliath, Chorcaí, na Gaillimhe, Luimnigh agus Phort Láirge.

Tá rogha ar fáil ar Phleanálaí Turais TFI chun bealach rothaíochta a phleanáil ach is ceart duit a thabhairt do d’aire nach bhfuil an tseirbhís sin ar fáil ar Aip Phleanálaí Rothaíochta TFI.

Tá stáisiúin Just Eat dublinbike agus stáisiúin Coca-Cola Zero Bike (atá suite i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh) ar fáil ar Phleanálaí Turais TFI, agus is féidir leat úsáid rothair fhruilithe a chur san áireamh le haghaidh an turais iomláin, nó le haghaidh cuid den turas, a phleanálann tú.

Trína Chlár Deontas le haghaidh Bearta Iompair Inbhuanaithe, tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair ag leanúint de thacú le feabhsuithe fisiciúla ar an timpeallacht siúil agus rothaíochta.

Latest Posts

Next Events