Tá Nasc Áitiúil TFI ina sheirbhís áitiúil bus iompair phoiblí a sholáthraíonn naisc níos fearr idir an t-iompar tuaithe agus seirbhísí bus agus iarnróid náisiúnta ar fud na hÉireann.  Tá seirbhísí bus Nasc Áitiúil TFI ar fáil ar ísealchostas do dhaoine atá ag iarraidh taisteal chuig a mbaile, a sráidbhaile nó a bparóiste áitiúil agus uathu araon.

Ag oibriú dóibh mar Nasc Áitiúil TFI, is iad 15 aonad comhordaithe iompair ar fud na tíre a bhainistíonn seirbhísí Nasc Áitiúil TFI thar ceann an Údaráis Náisiúnta Iompair. Bainistíonn gach oifig na gnáthiarrataí laethúla agus an gnáthsholáthar laethúil seirbhísí bus ina limistéar féin. Bíonn na hoifigí ar oscailt ó 9am – 5pm, an Luan go dtí an Aoine, agus oibríonn siad ar fud na bliana ar fad, ach amháin ar Laethanta Saoire Poiblí.

Is iad an dá chineál seirbhísí bus áitiúla a sholáthraíonn Nasc Áitiúil TFI ná Bealaí ó Dhoras go Doras agus Seirbhísí Tuaithe Rialta. Tá Bealaí ó Dhoras go Doras ina seirbhísí bus tuaithe a bhfuil mar thairbhe bhreise acu paisinéirí a bhailiú agus a fhágáil ag a mbaile. Freagraíonn na seirbhísí don éileamh. Ciallaíonn sé sin gur gá suíochán a chur in áirithe roimh ré leis an oifig de chuid Nasc Áitiúil TFI is cóngaraí duit. B’fhearr go ndéanfá amhlaidh lá amháin roimh an dáta ar a bhfuil tú le bailiú ag do bhaile. Oibríonn Seirbhísí Tuaithe Rialta seirbhís bus laethúil de réir bealach agus amchlár seasta, cosúil le seirbhís chaighdeánach de chuid Bhus Éireann.

Glactar leis an bPas Saorthaistil agus le táillí airgid ar gach seirbhís. Is féidir tuilleadh mionsonraí faoi tháillí Nasc Áitiúil TFI a fháil ar an leathanach Táillí.

Déan teagmháil leis an oifig de chuid Nasc Áitiúil TFI is cóngaraí duit inniu chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Oibríonn Seirbhísí Tuaithe Rialta seirbhís bus laethúil de réir bealach agus amchlár seasta. Bíonn amchláir laghdaithe ar fáil ag an deireadh seachtaine. Agus bailte, sráidbhailte agus paróistí á nascadh lena chéile leo, tá na seirbhísí bus áitiúla sin ar fáil d’aon duine atá ag iarraidh taisteal. Deartar na hamchláir chun nascacht a chinntiú le gréasáin Bhus Éireann agus Iarnród Éireann ionas gur féidir freastal ar phaisinéirí atá ag iarraidh turais amach a thógáil, bíodh sé sin ar chúiseanna oideachais, fostaíochta, sláinte nó áineasa.

Féach an roghchlár anuas chun teacht ar na Seirbhísí Tuaithe Rialta a oibrítear i do limistéar

Tá Bealaí ó Dhoras go Doras ina seirbhísí bus tuaithe a bhfuil mar thairbhe bhreise acu paisinéirí a bhailiú agus a fhágáil ag a mbaile. Freagraíonn na seirbhísí don éileamh. Ciallaíonn sé sin gur gá duit suíochán a chur in áirithe roimh ré leis an oifig de chuid Nasc Áitiúil TFI is cóngaraí duit. B’fhearr go ndéanfá amhlaidh lá amháin roimh an dáta ar a bhfuil tú le taisteal chun a chinntiú go mbaileofar ag do bhaile thú.

Oibrítear Bealaí ó Dhoras go Doras de réir amchláir a bhíonn faoi réir athruithe agus bíonn éagsúlacht ann maidir lena mhinice a oibrítear iad – ar bhonn laethúil, uair amháin sa tseachtain nó uair amháin sa choicís.

Tairgeann seirbhísí tráthnóna Nasc Áitiúil TFI amchlár fadaithe go dtí 11pm ar roinnt Seirbhísí ó Dhoras go Doras. Féach an roghchlár anuas thíos chun teacht ar amchláir do na seirbhísí tráthnóna breise atá ar fáil i do limistéar.

Moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig de chuid Nasc Áitiúil TFI is cóngaraí duit chun an tseirbhís ba mhaith leat a úsáid a chur in áirithe roimh ré.

Do Thuras a Chur in Áirithe:

  • Roghnaigh an tseirbhís ba mhaith leat a úsáid tríd an roghchlár anuas thíos a chuardach
  • Cuir glao go díreach ar an oifig de chuid Nasc Áitiúil is cóngaraí duit
  • Cuir glao ar an oifig uair an chloig ar a laghad roimh an am ba mhaith leat taisteal. B’fhearr go ndéanfá amhlaidh an lá roimhe
  • Is féidir leat do thuras a chur in áirithe suas le seachtain amháin roimh ré
  • Má theastaíonn turas fillte uait, cuir an oifig ar an eolas faoi sin
  • Má úsáideann tú cathaoir rothaí nó bugaí linbh, cuir an oifig ar an eolas faoi sin agus suíochán á chur in áirithe agat.

Féach an roghchlár anuas thíos chun teacht ar na Bealaí ó Dhoras go Doras a oibrítear i do limistéar.

Oibrítear agus soláthraítear seirbhísí bus tuaithe i 15 cinn de limistéir réigiúnacha Nasc Áitiúil TFI.

Bain úsáid as an léarscáil thíos chun teacht ar shonraí teagmhála don oifig de chuid Nasc Áitiúil TFI is cóngaraí duit agus ar léarscáil de na bailte agus na sráidbhailte ina n-oibríonn Nasc Áitiúil TFI seirbhísí bus faoi láthair.

Cliceáil ar an léarscáil thíos chun amharc ar na Seirbhísí de chuid Nasc Áitiúil atá ar fáil i do limistéar.

Forbairt de chuid an Chláir Iompair Tuaithe is ea Nasc Áitiúil TFI. Seoladh an Clár sa bhliain 2007 chun cur leis an rath a bhí ar an Tionscnamh Iompair Tuaithe, an clár a tháinig roimhe.

Bunaíodh an Tionscnamh Iompair Tuaithe mar threoirthionscadal sa bhliain 2002 chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb an ghanntanais iompair i limistéir thuaithe. Leagadh díriú sonrach sa Tionscnamh ar fhreagairt don iargúltacht tuaithe agus ar fheabhas a chur ar shoghluaisteacht, inrochtaineacht agus rannpháirtíocht sa phobal do mhuintir na háite, go háirithe iad sin atá i mbaol an eisiaimh shóisialta. Léiriú ar an rath a bhí ar an Tionscnamh Iompair Tuaithe agus ar an gClár Iompair Tuaithe a tháinig ina dhiaidh ba ea gur thóg paisinéirí 1.74 milliún turas faoin mbliain 2013.

Roghnaíodh an Clár lena athbhreithniú faoin ‘Tionscnamh Athbhreithnithe Beartais agus Luach ar Airgead’, arb é meastóireacht an Rialtais ar chláir chaiteachais phoiblí é, ar aon dul le gealltanas a tugadh ag seoladh an Chláir Iompair Tuaithe sa bhliain 2007.

Ba í an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt a rinne an tAthbhreithniú agus foilsíodh an tuarascáil go luath sa bhliain 2012. Bhí an Clár faoi bhainistiú ag Pobal go dtí mí Aibreáin 2013. Aistríodh an fhreagracht sin chuig an Údarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás) ansin, áfach, agus cuireadh de chúram ar an Údarás formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí a rinneadh san Athbhreithniú.

Tríd an bhfreagracht as an gClár agus as an iompar comhtháite áitiúil agus tuaithe ar fad a leagan ar an Údarás, éascaítear formhaoirseacht níos fearr ar na seirbhísí iompair áitiúla agus tuaithe uile a fhaigheann cistiú Stáit. Cumasaítear leis naisc níos fearr a fhorbairt idir seirbhísí iompair áitiúla agus tuaithe agus seirbhísí bus agus iarnróid náisiúnta. Cuirtear ar chumas an Údaráis leis freisin bearnaí sa soláthar seirbhíse a shainaithint agus na bearnaí sin a líonadh ar an mbealach is éifeachtaí.

I measc na moltaí a rinneadh sa Tionscnamh Athbhreithnithe Beartais agus Luach ar Airgead, mionsonraíodh plean le haghaidh athstruchtúrú eagrúcháin an Chláir. Leagadh díriú sa phlean sin ar 15 cinn de Limistéir oibriúcháin Nasc Áitiúil a bhunú le haghaidh seirbhísí iompair áitiúla agus tuaithe sna limistéir sin.

Tabhair cuairt ar an oifig de chuid Nasc Áitiúil TFI is cóngaraí duit chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na seirbhísí de chuid Nasc Áitiúil TFI a oibrítear i do limistéar.

Cén fáth a bhfuil Seirbhísí Iompair Tuaithe chomh tábhachtach sin?

Tá seirbhísí Nasc Áitiúil TFI ar fáil do gach duine, agus béim shuntasach ann ar roghanna iompair inrochtana a thabhairt do phaisinéirí. Glactar le Pasanna Saorthaistil ar gach seirbhís de chuid Nasc Áitiúil TFI agus tá táillí airgid iníoctha ag aon duine nach bhfuil Pas Saorthaistil aige nó aici. Gné ar leith de Nasc Áitiúil TFI is ea na seirbhísí ó Dhoras go Doras. Trí iad a bhailiú agus a fhágáil ag a mbaile, tugtar mórshuaimhneas intinne do phaisinéirí a chónaíonn i limistéir thuaithe agus nach mbeadh in ann an t-iompar poiblí a rochtain ar shlí eile.

Gné eile de Nasc Áitiúil TFI, atá fóinteach do chuid mhór custaiméirí, is ea an toilteanas atá ag tiománaithe agus ag baill foirne eile cúnamh a thabhairt dóibh. Is féidir le rudaí beaga fíordhifear a dhéanamh do dhuine a chónaíonn i limistéar iargúlta nuair a chinneann sé nó sí dul amach sa phobal.

Is gá do dhaoine bheith in ann bogadh thart ionas gur féidir leo a bheith ina gcuid den phobal áitiúil go fóill agus taitneamhachtaí áitiúla a rochtain. Tá taisteal bus áitiúil ina líne tharrthála do chuid mhór daoine nach dtiomáineann. Ina lán cásanna, níl sé de rogha ag daoine ach tiomáint más rud é go gcónaíonn siad i limistéir thuaithe nó nach bhfuil seirbhís bus áitiúil ar fáil dóibh. I gcás daoine eile, is féidir go gcuireann an meath ar a soghluaisteacht cosc orthu an t-iompar poiblí a úsáid mar gheall ar an gcúnamh breise a theastaíonn uathu.

Is é ráiteas misin an Chláir Iompair Tuaithe “córas pobalbhunaithe náisiúnta iompair phoiblí den scoth a fhreagraíonn do riachtanais áitiúla a sholáthar i gceantar tuaithe na hÉireann”, a dúirt Margaret Malone, Bainisteoir an Chláir Iompair Tuaithe. “Áirítear le príomhthosaíochtaí an Chláir Iompair Tuaithe go fóill aghaidh a thabhairt ar an eisiamh sóisialta faoin tuath agus seirbhísí iompair tuaithe a chomhtháthú le seirbhísí eile iompair phoiblí,” a dúirt Malone. “I gcomhar le hoifigí Nasc Áitiúil, leanfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair le sainaithint a dhéanamh ar réimsí inar féidir feabhas a chur ar sheirbhísí atá ann cheana agus le bealaí nua cuí a fhorbairt bunaithe ar an bhfáil atá ar acmhainní. Aidhm thábhachtach eile atá leis an gClár go fóill is ea seirbhísí iompair phoiblí atá ann cheana a chomhtháthú tuilleadh le bailte/sráidbhailte”.

“Fuair m’fhear céile bás agus d’inis mo dheirfiúr dom faoin tseirbhís. D’oibrigh mé ar an gCaisleán Nua blianta ó shin agus thaitníodh na siopaí i gcónaí liom. Cheangail mé arís le seanchairde ar an gCaisleán Nua agus Charleville. Bhunathraigh an tseirbhís mo shaol chun feabhais”.

Baineann Mary Sheehan as Drom Collachair úsáid as Nasc Áitiúil Luimnigh