Beannachtaí na Féile Pádraig!

Beannachtaí na Féile Pádraig ort! Ba mhian linn in TFI Lá Fhéile Pádraig faoi mhaise a ghuí ar ár gcustaiméirí go léir. Cuimhnigh ar na sonraí seirbhíse a sheiceáil roimh do thuras toisc go bhféadfadh roinnt malairtí slí nó athruithe cláir ama a bheith i bhfeidhm.

Téigh chuig suíomh gréasáin d’oibritheora le haghaidh tuilleadh eolais.

Más ag taisteal trí Chathair Bhaile Átha Cliath atá tú, beidh roinnt bóithre dúnta don pharáid.

Beidh roinnt malairtí slí i bhfeidhm um Lá Fhéile Pádraig 2026. Cliceáil na naisc thíos le haghaidh tuilleadh eolais faoi na malairtí slí.

Seirbhís Nitelink
Beidh seirbhís Nitelink ar fáil Aoine an 13, Satharn an 14 agus Máirt an 17 Márta 2026.

Seirbhísí 24 uair
Beidh seirbhísí 24 uair ar fáil seacht lá na seachtaine ar chúig bhealach déag.

Máirt an 17 Márta 2026 – Lá Fhéile Pádraig
Beidh seirbhís Domhnaigh ar fáil ar gach bealach ar Lá Fhéile Pádraig.

Malairtí slí

Malairtí slí le linn pharáid na Féile Pádraig i gCathair Bhaile Átha Cliath

Lá Fhéile Pádraig ar Lá Saoire Bainc Mháirt an 17 Márta

  • Beidh seirbhísí Idirchathrach ar fáil ar gach bealach
  • Beidh clár ama Domhnaigh agus roinnt seirbhísí breise i bhfeidhm ar sheirbhísí DART agus Comaitéireachta.
  • Bíodh custaiméirí ar an eolas go ndúnfar Stáisiún Shráid na Teamhrach go dtí 4 PM, d’fhonn socruithe bainistíochta sluaite na nGardaí don pharáid a éascú. Bain úsáid as Stáisiún Uí Chonghaile nó Stáisiún na bPiarsach le linn na tréimhse sin.
  • Seiceáil ie nó aip Iarnród Éireann le haghaidh an eolais is déanaí.
  • Beidh na hathruithe thíos i bhfeidhm chun paráid na Féile Pádraig i gCathair Bhaile Átha Cliath an 17 Márta a éascú.
  • Beidh clár ama Domhnaigh i bhfeidhm ar na tramanna.
  • Ní bheidh tramanna na Líne Deirge ag feidhmiú idir Margadh na Feirme agus Stáisiún Uí Chonghaile ó 10 AM go dtí 3 PM. Is idir Tamhlacht/Teach Sagard agus Margadh na Feirme amháin a bheidh tramanna na Líne Deirge ag feidhmiú le linn na tréimhse sin. (faoi réir athruithe ar gearrfhógra)
  • Ní bheidh tramanna na Líne Uaine ag feidhmiú idir Faiche Stiabhna agus Doiminic ó 7 AM go dtí 6 PM. Is idir Droichead Broome agus Doiminic agus idir Faiche Stiabhna agus Gleann Bhríde amháin a bheidh na tramanna sin ag feidhmiú le linn na tréimhse sin. (faoi réir deimhnithe)
  • Téigh anseo le haghaidh an eolais is déanaí

Cuirfear roinnt bealaí de chuid Go-Ahead Ireland ar mhalairt slí Máirt an 17 Márta. Féach na sonraí ar shuíomh gréasáin Go-Ahead Ireland.

Is de réir clár ama Domhnaigh a bheidh seirbhísí Bus Éireann ar fáil an 17 Márta. Beidh roinnt malairtí slí i bhfeidhm ar na seirbhísí sin freisin.