Madraí treoracha agus cuidithe

Ceadaítear Madraí treoracha agus Madraí cuidithe ar gach seirbhís TFI.

guide dog with man on board 400x600

Ní mór don mhadra treorach nó cuidithe cóta, bonn agus iall oifigiúil a chaitheamh chun é a aithint mar mhadra oibre, a bhfuil an oiliúint ábhartha aige, seachas mar pheata. Ba cheart go mbeidh cárta aitheantas don mhadra ag tuismitheoir nó caomhnóir atá in éindí le páiste a bhfuil madra cuidithe aige.

Madraí agus ainmhithe eile

Bus

Ní cheadaítear madraí (cé is moite de mhadraí treoracha agus cuidithe a shonraítear thuas), cait ná aon ainmhí eile ná éanlaith bheo de chineál ar bith a iompar ar sheirbhísí bus TFI.

  • Bus Éireann
    • Madraí treoracha agus cuidithe amháin. Ní cheadaímid madraí, cait, ná aon ainmhí eile ná éanlaith bheo de chineál ar bith a iompar ar ár seirbhísí.
      Ní mór do gach úinéir madra threoraigh cártaí aitheantais a iompar, agus beidh clib ar iall an mhadra agus “Madra Treorach do na Daill in Éirinn” scríofa ar.
  • Bus Átha Cliath:
    • Faoi Fhodhlíthe Bhus Átha Cliath, ní thabharfaidh custaiméirí aon éan, ainmhí, earra ná rud ar bhus más dóigh go gcruthóidís crá nó go ndéanfaidh siad damáiste d’aon chustaiméir nó d’aon mhaoin i dtuairim fostaí de chuid Bhus Átha Cliath (tiománaí nó cigire).
      An t-aon eisceacht ar an dlí seo ná i gcás custaiméara a bhfuil Madra Treorach nó Madra Cuidithe aige nó aici. Ní mór d’úinéirí an t-aitheantas ceart a iompar agus a chinntiú go bhfuil an chlib nó an cóta ceart á chaitheamh ag an madra.
  • Go Ahead Ireland:
    • Cuirtear fáilte roimh mhadraí treoracha agus madraí cuidithe ar ár mbusanna agus ba cheart go suífidh siad ag cosa an duine atá freagrach astu gan a bheith sa bhealach ar an bpasáiste. Mar mhalairt air sin, glactar le hainmhithe beaga a bheith suite in ucht an chustaiméara ach ní ar an suíochán féin toisc go bhfuil baol ann go ndéanfar salach é. Tá sé mar pholasaí againn discréid a úsáid maidir le hiompar. Diúltófar taisteal go múinte d’aon éan nó ainmhí a iompar más dóigh go gcruthóidís crá nó go ndéanfaidh siad damáiste d’aon chustaiméir nó don fheithicil.

Tram

Ceadaítear ainmhithe ar sheirbhísí Luas ar choinníoll go bhfuil siad i gcás / bosca iompráin peataí dúnta oiriúnach.

Traein

Ligeann Iarnród Éireann ainmhithe ar bord a gcuid seirbhísí faoi réir na gcoinníollacha thíos:

  • Is féidir madraí beaga a iompar saor in aisce ar an gcoinníoll go dtéann siad in ucht an úinéara. Ní mór iall a bheith ar an madra an t-am ar fad seachas má choimeádtar i gciseán nó i gcoimeádán oiriúnach é. Ní mór béalóg a bheith ar mhadraí atá ar liosta na bpórtha teoranta agus iad ag taisteal ar bord seirbhísí Iarnród Éireann
  • Is féidir cait bheaga a iompar saor in aisce ar an gcoinníoll go mbíonn siad in iomprán daingean in ucht an chustaiméara.
  • Ní cheadaítear ainmhithe i gcarráistí bialainne cé is moite de mhadraí treoracha nó madraí cuidithe.
  • Má chuireann custaiméir i gcoinne madra a bheith ina c(h)arráiste, iarrfar ar an úinéir bogadh go dtí cuid eile den traein.
  • Ní féidir madraí faoi thionlacan a thabhairt ar sheirbhísí Idirchathrach ach amháin i Veain an Gharda (urrann neamh-phaisinéirí) má tá fáil air (e.g. seirbhísí Bhaile Átha Cliath/Corcaigh agus Baile Átha Cliath/Béal Feirste amháin). Beidh táillí i bhfeidhm.
  • Mura bhfuil veain an gharda (urrann neamh-phaisinéirí) ar sheirbhís, ní féidir madraí (seachas Madraí Treoracha, Madraí Cuidithe agus madraí beaga/madra glúine) a iompar ar an traein sin. Ní mór do mhadraí a iompraítear i Veain an Gharda na ceanglais thíos a chomhlíonadh:
    • A bheith daingnithe le coiléar agus slabhra agus béalóg a bheith orthu go héifeachtach.
    • Ní mór déanamh na béalóige a fhágáil nach féidir leis an madra greim a bhaint as duine ná ainmhí ar bith, ach níor cheart go gcuirfeadh sé cosc ar an madra análú gan srian nó uisce a ól; nó ní mór an madra a choinneáil i gcás adhmaid, caighean, cliabh nó ciseán de dhéanamh a fhágann nach féidir leis an madra greim a bhaint as duine ná ainmhí ar bith.
    • Ní mór don choimeádán a bheith sách mór le go bhféadfaidh an madra seasamh suas agus luí síos go héasca agus go compordach agus caithfidh sé a bheith aeráilte go cuí.
    • Ní mór lipéad cuí a bheith ar gach madra a iompraítear i Veain an Gharda (urrann neamh-phaisinéirí) agus ainm, seoladh agus ceann scríbe an úinéara scríofa air.

*Tá sé de cheart ag foireann oibreoirí iompair diúltú d’aon ainmhí a iompar, nó iad a bhaint, a chuireann as do phaisinéirí, nó a d’fhéadfadh cur as dóibh, de bharr a mhéide nó a iompair.