Néaltrú: Seolann Tuiscint le Chéile siombail nua pobail atá ionchuimsitheach do dhaoine le néaltrú
Údar mór bróid do Transport for Ireland (TFI) a bheith mar chuid d’fheachtas Néaltrú: Tuiscint le Chéile trí thacú le seoladh na siombaile nua atá ionchuimsitheach do dhaoine le néaltrú.
Cruthaíodh an tsiombail nua agus daoine le néaltrú orthu ag croí na forbartha. Tá TFI i mbun comhoibrithe le 40 comhpháirtí eile, idir grúpaí deonacha agus pobail, seirbhísí sláinte agus acadúla agus seirbhísí miondíola agus airgeadais chun tacú le daoine a bhfuil néaltrú orthu, a gclanna agus a gcairde.
Néaltrú: Áirítear sna spriocanna fheachtas Tuiscint le Chéile:
Trí thuiscint le chéile, is féidir linn ar fad difríocht a dhéanamh agus cabhrú leis na daoine inár bpobail a bheith nasctha agus fáilte á gcur rompu. Más mian leat a bheith bainteach leis an bhfeachtas, tuilleadh eolais a lorg, tabhairt faoi oiliúint agus/nó ábhair fógraíochta a ordú tabhair cuairt ar www.understandtogether.ie/get-involved