Ní bheadh a fhios agat dá bhfeicfeá mé ach…

 

Chruthaigh Transport For Ireland i gcomhpháirtíocht le Míchumas Dofheicthe Éireann an Suaitheantas agus an Cárta “Tabhair Suíochán Dom, Le Do Thoil”. Do dhaoine faoi mhíchumas dofheicthe le húsáid agus rochtain a bheith acu ar iompair phoiblí.

Tá thart ar 80% de na míchumais uile dofheicthe, agus is féidir leo bac a chur ar iarrachtaí duine dul ar scoil, obair, sóisialú, agus níos mó. Is ionann iad seo agus céatadán mór den daonra faoi mhíchumas ach is beag ionadaíocht, feasacht, tuiscint ná tacaíocht atá acu. Cinntíonn an Suaitheantas agus an Cárta “Tabhair Suíochán dom le do thoil” go bhfuil suíochán ag daoine faoi mhíchumas folaithe i réimsí tosaíochta ar iompar poiblí.

I gcás paisinéirí faoi mhíchumas folaithe, is é ár suaitheantas a chuireann daoine eile ar an eolas faoi, gan aon rud a rá.

Tabhair Suíochán Dom, Le Do Thoil – scéalta pearsanta

Is mise Annie, agus tá fibrimiailge orm. Níl aon siomptóm ar an taobh amuigh, ach ciallaíonn maireachtáil le fibrimiailge go mbíonn pian forleathan i mo mhatáin agus i m’ailt gach lá. Ciallaíonn sé freisin, fiú ar lá ‘maith’, go mbíonn tuirse orm nuair a dhúisím. Ciallaíonn laethanta ‘dona’ nach féidir liom éirí as an leaba, mar gheall ar an bpian, an tuirse, nó an dá rud. Níl a fhios agam go dtí go ndúisím cén sórt lae a bheidh ann, agus is féidir le ráig a tharlú am ar bith, is cuma cé chomh cúramach is atáim.

Is féidir leis an turas chun na hoibre gach rud a liostaigh mé thuas a dhéanamh níos measa. Nuair a chaithfidh mé seasamh, bíonn sé pianmhar dom a bheith á bhualadh ag paisinéirí eile. Má bhíonn greim agam ar ráille láimhe, mar thoradh air sin, b’fhéidir nach mbeadh mé in ann greim a choinneáil ar pheann nuair a théim isteach san oifig mura chuirim faoi uisce fuar é nó mura gcuirim paca oighir air. Tá a fhios ag gach duine i ndiaidh Covid faoi mheabhrall a bheith ort, ach bhí Fibrimheabhral ann i bhfad roimhe sin. Méadaíonn pian an fibrimheabhrall, mar sin bíonn amhras orm faoi bheagnach gach cinneadh, gach ríomhphost, le bheith cinnte bhfuil dearmad déanta agam ar aon rud tábhachtach.

Tá sé seo ar fad níos measa agus mé ag dul abhaile. Bíonn aon lá ag an obair tuirsiúil, mar sin bíonn aon siomptóm atá agam níos measa. Ós rud é nach bhfuil a fhios agam an bhfaighidh mé suíochán, bíonn sé de chlaonadh ionaim lá níos faide a chaitheamh ag obair, toisc go bhfágaim an baile níos luaithe agus an oifig níos déanaí díreach le suíochán a fháil. Agus mé i mo shuí, is féidir liom an pian i mbonn mo chosa a mhaolú trí iad a ardú den talamh, nó is féidir liom mo ghuaillí a rolladh chun teannas a mhaolú. Ciallaíonn sé freisin go bhfuil níos lú seans ann go mbuailfidh daoine isteach ionaim, rud a fhágann go bhfuil níos lú pian orm mar thoradh air sin. Má chuirtear suíochán ar fáil dom, ciallaíonn sé sin go bhfuil seans níos fearr go mbeidh mé in ann scíth a ligean sa bhaile, codladh níos fearr san oíche agus seans go mbeidh lá ‘maith’ agam nuair a dhúisím.

Is mise Emily agus tá mé 26 bliain d’aois. Tá Airtríteas Soiriáise, Fibrimiailge agus Mígréin orm, i measc rudaí eile. Rinneadh diagnóis airtríteas orm agus mé 18 mí d’aois agus tá bailiúchán suntasach diagnóisí forbartha agam de réir a chéile ó shin. Ós rud é go raibh mé ag déileáil le pian ainsealach agus tuirse ar feadh mo shaoil, d’fhoghlaim mé conas a bheith i mo phleanálaí den scoth—is riachtanas dom mo bhealach a dhéanamh timpeall Bhaile Átha Cliath leis an méid is lú siúlóide ar mo laethanta dona, ach ní féidir le go leor réamhsmaoinimh agus pleanáil mhaith cabhrú liom nuair nach bhfuil aon suíochán fágtha ar an mbus agus nuair a bhíonn náire orm iarraidh ar dhuine a suíocháin a thabhairt suas. Breathnaím óg agus cumasach ar an taobh amuigh agus mar sin bíonnn a dtuairimí féin ag daoine—ní chuirfinn an milleán orthu, ach is féidir go mbíonn sé an-deacair agus an-strusmhar labhairt amach ar mo shon féin nuair a bhím thar a bheith tuirseach agus ag iarraidh teacht abhaile tar éis lá fada sa choláiste.

Tá go leor taithí agam ar osna géara agus ar bhreathnuithe breithiúnacha daoine nuair nach seasaim suas láithreach nuair a thagann duine eile a bhfuil suíochán de dhíth air/uirthi ar an mbus. B’fhéidir nach bhfuil sé le feiceáil, ach an chuid is mó de na laethanta nílim ach chomh maith le bean scothaosta le bata siúil agus mé ag seasamh. Tá sé contúirteach domsa, d’fhéadfainn titim, nuair a bhuaileann daoine isteach ionaim, bíonn sé thar a bheith pianmhar agus bíonn m’ailt ag gortú ar feadh uaireanta chloig, nó laethanta fiú ina dhiaidh sin nuair a sheasaim. Is minic a thug mé suas mo shuíochán ar an mbus do dhuine a raibh míchumas soiléir air/uirthi nó a bhí scothaosta toisc nach raibh aon duine eile ag iarraidh é a dhéanamh, mar aithním a bpian, tá a fhios agam conas a bhraitheann sé agus tú streachailt agus ní féidir liom aon duine a fhágáil ina s(h)easamh a bhféadfadh deacracht a bheith aige/aici, nuair a bhíonn a fhios agam cad atá i ndán dóibh níos déanaí má bhíonn siad ina s(h)easamh.

Is mise Lorraine, agus ar an 1 Iúil 2016 bhuail stróc mé.Ar an 2 Iúil 2016, aimsíodh siad inchinne le scanadh CT/MRI. Ó shin i leith, tá mo chorp lag, tá taobh deas m’aghaidh tite agus tá an mothú imithe as.

Táim ag fáil athshlánúcháin le 6 bliana anuas le haghaidh afáise léiritheach, próiseáil éisteachta agus scileanna luaile/céadfacha, toisc go bhfuil siad laghdaithe ar an taobh deas de mo chorp. Tá deacrachtaí agam freisin focail a aimsiú, chomh maith le líofacht bhriathartha laghdaithe agus luas próiseála éisteachta níos moille.

Bíonn tuirse orm go rialta rud a fhágann go bhfuil sé deacair roinnt tascanna a chur i gcrích. Tá crith i mo lámha agus tá mo chothromaíocht buailte leis agus mar thoradh air bím míshocair agus mé ag siúl.

Is féidir go mbeadh sé deacair uaireanta iompar poiblí a úsáid mar de gnáth bíonn mearbhall agus díchuimhne orm. Bíonn gach áit a gcuirtear an Cárta Seirbhísí Poiblí ‘taistil saor in aisce’ isteach difriúil, mar sin nuair a bhím ag taisteal ón tuath ar bhus Bus Éireann go Bus Átha Cliath agus an Luas, déanaim dearmad ar an mbealach le húsáid a bhaint as an meaisín svaidhpeála nó an meaisín díola. Cuireann sé seo go leor imní orm fiú sula dtéim ar bord agus bíonn leibhéil torainn an bhus agus an tráchta thar a bheith ard.

Nuair a shuím ar an suíochán is gaire dom (den chuid is mó do dhaoine scothaosta a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu nó d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí), mothaím go bhféadfadh daoine breithiúnas a thabhairt orm. Níl aon chuma ar an scéal go bhfuil aon mhíchumas orm agus creidim go bhféadfadh siad a cheapadh ‘níor cheart duit a bheith i do shuí sa suíochán míchumais’.

Nuair nach mbíonn suíocháin ann, ní bhím treallúsach go leor chun suíochán a iarraidh ar aon duine, mar sin dá mbeadh orm seasamh ar feadh tréimhsí fada, d’fhéadfadh meadhrán teacht orm agus mé ag fulaingt veirtige. Má bhíonn orm ráillí láimhe an bhus/Luas, bíonn sé seo dúshlánach dom mar go bhfuil bodhaire i mo lámh dheas. Nílim ag iarraidh titim nuair a bhuaileann an bus/Luas na coscáin go tobann.

Bíonn mé sách míshocair nuair a bhím ar bhus atá ag gluaiseacht agus nuair a luasghéaraíonn sé. Is deacair dom cothromaíocht a choinneáil agus mé ar an mbus agus nuair a bhím ag imeacht as an mbus/Luas.

Mar gheall ar mo dhiosfáise, bíonn sé deacair orm focail a aimsiú agus a mhíniú don tiománaí bus cá bhfuilim ag dul. Fiú ceisteanna simplí a chur amhail “cá bhfuil an bus ag dul?” nó an rud is tábhachtaí “an féidir liom suíochán a fháil, le do thoil?” Is féidir leo bheith deacair. Creidim go mbeadh sé níos cabhraí suaitheantas a chaitheamh agus tú ag fiafraí de dhuine go cineálta an bhféadfainn a suíochán a úsáid.

 

 

 

 

Please offer me a seat badge

 

Ní gá míniú a thabhairt

Is féidir leat do shuaitheantas agus do chárta “Tabhair Suíochán Dom, Le Do Thoil” a fháil ó na hoibreoirí seo a leanas:

Suíomh: 59 Sráid Uí Chonaill Uachtarach

Fón: 01 873 4222
Ríomhphost: customercomment@dublinbus.ie
Suíomh Gréasáin: www.dublinbus.ie

Meáin Shóisialta

Twitter
Facebook
Instagram

Suíomhanna:

Fón: 01 8366111
Ríomhphost: CustomerCare@buseireann.ie
Suíomh Gréasáin: www.buseireann.ie

Meáin Shóisialta

Twitter
Facebook
Instagram

Suíomh: Iosta na Bó Deirge – Timpeallán na Bó Deirge, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22

Glaoigh le do thoil ar: 0818 294 015

Lasmuigh d’Éirinn, glaoigh ar: +353 1575 6110

  • 7am – 7pm le linn na seachtaine
  • 8am – 6pm ar an Satharn
  • 10am – 6pm ar an Domhnach agus Saoire Poiblí

Foirm Teagmhála: Foirm Teagmhála Luas

Ríomhphost: info@luas.ie

X (Twitter): @TFIupdates