An nuashonrú is deireanaí: 17/02/2026

Tá an Fógra Príobháideachais seo eisithe ag Údarás Náisiúnta Iompair faoin seoladh Haymarket House, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7, D07 CF98 (“ÚNI”, “muid”, “ár”), atá freagrach as seirbhísí Transport for Ireland (TFI).

Tá sé mar aidhm ag an bhfógra seo eolas a thabhairt duit maidir leis na sonraí a bhaineann leat a bhailímid agus a úsáidimid i ndáil le hardáin na meán sóisialta agus an úsáid (lena n-áirítear nochtaí do thríú páirtithe) a bhainimid as na sonraí céanna. Níl ÚNI freagrach as an ábhar ná as na cleachtais phríobháideachais de chuid aon suíomhanna gaolmhara.

Má tá aon cheist agat faoinár n-úsáid de do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn ag info@nationaltransport.ie nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag privacy@nationaltransport.ie.

Ár gCainéil Meán Sóisialta

Úsáideann TFI na hardáin seo a leanas chun nuashonruithe, feachtais agus faisnéis taistil a chomhroinnt:

Spotify, Facebook, Instagram, LinkedIn, X (Twitter), TikTok.

Faisnéis a Bhailímid

Cuirfear aon leaganacha nuashonraithe den pholasaí seo amach anseo ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Ardán Sonraí a Bhailímid Sonraí a Bhailíonn an tArdán Sonraí a Sheolann an tArdán Chugainn
Meta (Facebook & Instagram) Faisnéis a sholáthraíonn tú dúinn go díreach ar ár leathanaigh amháin, amhail nótaí tráchta, teachtaireachtaí agus aon ábhar a chuireann tú isteach de do dheoin féin. Bailíonn Meta imeachtaí a rianaítear le Pixel (amhairc leathanaigh, cliceanna, foirmeacha a chuirtear isteach, idirghníomhaíochtaí táirgí), iompar úsáideoirí ar sheirbhísí Meta, sonraí gléasanna, stampaí ama, URLanna atreoraithe agus suíomh bunaithe ar IP. Ní sholáthraíonn Meta ach anailísíocht chomhiomlánaithe, gan ainm amhail lucht teagmhála, taispeáintí, iomláin rannpháirtíochta agus achoimrí déimeagrafacha. Ní chomhroinntear aon sonraí pearsanta inaitheanta.
TikTok Faisnéis phróifíle (ainm, etc.) agus nótaí tráchta a fhágann tú ar ár bpostálacha agus aon teachtaireachtaí díreacha a sheolann tú chugainn. Bailíonn TikTok amhairc físeáin, comhaireamh lucht teagmhála (uathúil ach ní féidir é a aithint), amhairc phróifíle, staitisticí leantóirí, agus méadracht rannpháirtíochta (na rudaí is maith leat, nótaí tráchta, na rudaí a chomhroinneann tú). Soláthraíonn TikTok anailísíocht chomhiomlánaithe ar fheidhmíocht físeáin, lucht teagmhála, iomláin rannpháirtíochta, líon leantóirí agus amhairc phróifíle. Ní chomhroinntear aon sonraí pearsanta inaitheanta.
LinkedIn Faisnéis phróifíle (ainm, sonraí próifíle poiblí, etc.) agus faisnéis a sholáthraíonn tú go díreach trí nótaí tráchta, trí idirghníomhaíochtaí postála nó trí theachtaireachtaí a sheoltar chuig ár Leathanach. Bailíonn LinkedIn achoimrí déimeagrafacha ar chuairteoirí agus ar leantóirí (tionscail, teidil post, sinsearacht, suíomhanna), sonraí rannpháirtíochta (taispeáintí, cliceanna, freagairtí, nótaí tráchta, athphostálacha) agus léargas ar chuma chuardaigh (eochairfhocail a úsáidtear). Soláthraíonn LinkedIn anailísíocht chomhiomlánaithe lena n-áirítear iomláin rannpháirtíochta, taispeáintí, céatadáin dhéimeagrafacha agus méadracht feidhmíochta ábhair. Ní sholáthraítear aon sonraí pearsanta inaitheanta.
Spotify Ní bhailímid aon sonraí pearsanta trí Spotify. Ní chuireann an t-ardán aon ghnéithe de sheoladh teachtaireachtaí, nótaí tráchta ná anailísíocht ar fáil dár gcuntas. Bailíonn Spotify déimeagrafaic éisteoirí, sonraí suímh, faisnéis faoi ghléasanna, gníomhaíocht éisteachta agus faisnéis faoi leantóirí chun críocha a sheirbhíse féin, ach ní chomhroinneann sé linn iad sin. Ní sheolann Spotify aon anailísíocht ná sonraí chugainn. Ní chomhroinntear aon fhaisnéis inaitheanta ná chomhiomlánaithe éisteoirí lenár gcuntas.

 

Bonn Dleathach

Is é an bonn dleathach atá leis an bpróiseáil sonraí seo ná comhlíonadh tascanna a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail (Airteagal 6(1)(e) RGCS). Tá sé sin i gcomhréir le hAirteagal 57 d’Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath, 2008.

An Chaoi/an Chúis a nÚsáidimid d’Eolas

  • Chun nuashonruithe taistil agus faisnéis iompair phoiblí a chomhroinnt.
  • Chun freagra a thabhairt ar do cheisteanna agus ar do nótaí tráchta.
  • Chun feachtais, comórtais agus promóisin a reáchtáil.
  • Chun ár seirbhísí a fheabhsú trí léargas rannpháirtíochta.

Fógraíocht & Spriocdhíriú

Féadfaimid uirlisí fógraíochta sna meáin shóisialta a úsáid chun nuashonruithe ábhartha a chomhroinnt. Is féidir leat sainroghanna fógraí a bhainistiú i socruithe do chuntais meán sóisialta.

  • Tá fógraí bunaithe ar réimsí spéise ginearálta an lucht spéise, ní ar shonraí íogaire.
  • dhéanaimid fógraíocht do leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois.

Ábhar Arna Ghiniúint ag Úsáideoirí

Má chomhroinneann tú grianghraif, físeáin nó scéalta linn:

  • Ní athphostálfaimid ná ní úsáidfimid iad ach amháin le do thoiliú.
  • I gcás mionaoiseach, teastaíonn toiliú tuismitheoirí uainn.

Fianáin & Rianú

Féadfaidh ardáin meán sóisialta fianáin nó teicneolaíochtaí rianaithe a úsáid nuair a fhéachann tú ar ár n-ábhar.

  • Tá siad faoi rialú ag beartais an ardáin féin maidir le príobháideachas.
  • Is féidir leat do shainroghanna a bhainistiú i socruithe do chuntais.

Is féidir Polasaithe dár gCainéil Meán Sóisialta maidir le Príobháideachas agus Fianáin a fháil ar shuíomhanna gréasáin an ardáin.

Do Chearta

Faoi RGCS, tá na cearta seo a leanas agat:

  • An Ceart Rochtana: Is féidir leat cóip de na sonraí pearsanta atá againn fút a iarraidh.
  • An Ceart go nDéanfaí Ceartúchán: Is féidir leat iarraidh orainn sonraí míchruinne nó neamhiomlána a cheartú.
  • An Ceart go nDéanfaí Léirscriosadh (“An Ceart go nDéanfaí Ligean i nDearmad”): Is féidir leat a iarraidh go scriosfar do shonraí i gcás nach bhfuil aon chúis dhlíthiúil ann dúinn iad a choinneáil.
  • An Ceart go gCuirfí Srian le Próiseáil: Is féidir leat iarraidh orainn teorainn a chur leis an gcaoi a n-úsáidimid do shonraí (e.g., nuair a bhíonn gearán á imscrúdú).
  • An Ceart chun Agóid a Dhéanamh: Is féidir leat agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála chun críocha margaíochta nó críocha eile bunaithe ar leasanna dlisteanacha.
  • An Ceart chun Iniomparthacht Sonraí: Is féidir leat do shonraí a iarraidh i bhformáid struchtúrtha, atá inléite ag meaisín agus iad a aistriú chuig soláthraí eile.
  • An Ceart chun Toiliú a Tharraingt Siar: Má bhraithimid ar thoiliú, is féidir leat é a tharraingt siar am ar bith.
  • An Ceart gan a bheith faoi réir Cinnteoireacht Uathoibrithe: Is féidir leat athbhreithniú daonna a iarraidh má dhéantar cinntí trí mhodhanna uathoibrithe amháin.

An chaoi chun do chearta a fheidhmiú:
Seol ríomhphost chuig privacy@nationaltransport.ie nó scríobh chuig ár seoladh thuas. Tabharfaimid freagra duit laistigh de mhí amháin (nó suas le trí mhí i gcás iarratais chasta). Mar mhalairt air sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ag www.dataprotection.ie.

Comhroinnt Sonraí

  • Ní dhíolaimid do shonraí.
  • Ní chomhroinnimid sonraí ach le hardáin meán sóisialta agus le soláthraithe seirbhíse a bhfuil gá leo chun feachtais a reáchtáil.

Na hardáin tríú páirtí a úsáidimid:

Hootsuite

Is ardán bainistíochta meán sóisialta é an t-ardán seo a ligeann d’úsáideoirí ábhar a sceidealú, a bhainistiú agus a anailísiú ar líonraí meán sóisialta éagsúla ó dheais amháin. Is féidir leat beartais Hootsuite maidir le príobháideachas agus fianáin a fháil ar a shuíomh gréasáin.

Cé Chomh Fada is a Choinnímid Sonraí

  • Ceisteanna/gearáin: 13 mhí.
  • Éilimh dhlíthiúla: 7 mbliana.
  • Iarratais a bhaineann le Saoráil Faisnéise: Ar feadh tréimhse éiginnte (ceanglas dlíthiúil).
  • Cuntais aipeanna: Fógra príobháideachais in aghaidh na haipe.

Do Shonraí a Choinneáil Sábháilte

Úsáidimid córais shlána agus leanaimid prionsabail RGCS.
I gcás sárú sonraí, agus má cheanglaítear orainn déanamh amhlaidh, cuirfimid na húsáideoirí a raibh tionchar orthu agus an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar an eolas laistigh de 72 uair an chloig tar éis dúinn teacht ar an eolas faoin sárú.

Ceisteanna nó Gearáin

Seol ríomhphost chuig privacy@nationaltransport.ie nó déan teagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ag www.dataprotection.ie.

Achoimre

  • Is é an bonn dlíthiúil atá leis an bpróiseáil sonraí seo ná comhlíonadh tascanna a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail (Airteagal 6(1)(e)). Tá sé sin i gcomhréir le hAirteagal 57 d’Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath, 2008.
  • Tá meas againn ar do phríobháideachas ar gach ardán meán sóisialta.
  • Ní úsáidimid do shonraí ach le haghaidh rannpháirtíochta, feachtas agus nuashonruithe seirbhíse.
  • Tá smacht agat ar do chuid sonraí agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn am ar bith