Le seirbhísí bus Nasc Áitiúil TFI, nasctar pobail ar fud na tuaithe in Éirinn mar chuid de Líonra Iompair Phoiblí TFI. Le 5 bliana anuas, tá ár bhfeachtas Obair Thar Barr (Above & Beyond) tar éis aird a tharraingt ar an tionchar atá ag tiománaithe agus foireann Nasc Áitiúil TFI ar na pobail ina n-oibríonn siad – ní haon eisceacht í an bhliain seo.

I mbliana, inár sraith #Above&Beyond, ceiliúraimid 5 thiománaí a oibríonn réimse seirbhísí bus ar fud líonra Nasc Áitiúil TFI agus a léiríonn gur mó ná seirbhís iompair amháin iad seirbhísí Nasc Áitiúil TFI.

Eddie, Nasc Áitiúil TFI Chill Dara/Bhaile Átha Chliath Theas

Déanaimid ceiliúradh ar Eddie a oibríonn Bealach 821 ó Dhroichead Nua go dtí na Solláin de chuid Nasc Áitiúil TFI Chill Dara/Bhaile Átha Cliath Theas.

Tá go leor samplaí ann a d’fhéadfadh paisinéirí a thabhairt d’Eddie ag déanamh a dhícheall obair thar barr a dhéanamh ar son a phaisinéirí. Tá Eddie an-chairdiúil, eolach, cabhrach, cainteach, spraíúil, ní bhíonn sé i ndrochghiúmar riamh agus tugann sé gach duine slán sábháilte chuig a gceann scríbe i gcónaí.

Dúirt paisinéir amháin: “Braitheann gach paisinéir a théann ar an mbus go bhfuil fáilte rompu. Déanann sé iarracht i gcónaí beannú duit agus fiafraí díot conas a bhí an lá, agus ag deireadh do thurais nuair a thagann tú den bhus, deir sé slán abhaile i gcónaí. Má fhiafraíonn tú d’aon úsáideoir rialta an 821, inseoidh siad duit cé chomh mór is atá meas ag gach duine ar Eddie.”

Kevin Kenny, Nasc Áitiúil TFI Lú/na Mí/Fhine Gall

Déanaimid ceiliúradh ar Kevin a oibríonn Bealach MH 122 Ráth Cheannaigh go dtí an Uaimh de chuid Nasc Áitiúil TFI Lú/na Mí/Fhine Gall.

Tá samplaí gan áireamh comhroinnte ag paisinéirí de Kevin ag déanamh obair thar barr, ag tabhairt cineáltais, foighne agus meangadh gáire cairdiúil le gach turas i gcónaí. Déanann a mheon cairdiúil gealgháireach gnáth-thuras a iompú ina thuras iontach!

Fad a bhí Kevin ag cabhrú le paisinéirí dul isteach ar an mbus lena málaí, dúirt paisinéir amháin linn: “Tá Kevin dearfach, gealchroíoch agus is pléisiúr é a bheith ina chomhluadar”.

Mattie Mills, Nasc Áitiúil TFI Laoise/Uíbh Fhailí

Déanaimid ceiliúradh ar Mattie a oibríonn Bealach 544 Ros Fhionnghlaise go Port Laoise agus Bealach 7092 an Baile Fionn go Tulach Mhór Doras-go-Doras de chuid Nasc Áitiúil TFI Laoise/Uíbh Fhaillí.

Tá cur síos déanta ag paisinéirí ar an iliomad uaireanta a ndearna Mattie obair thar barr agus tá an-tóir air i measc na bpaisinéirí go léir a mbuaileann sé leo. Tá sé thar a bheith cabhrach, gairmiúil, suáilceach, cineálta.

Dúirt paisinéir amháin: “Tá Mattie chomh cabhrach nuair a bhím ag dul ar an mbus agus bíonn gáire mór againn i gcónaí ar ár dturas. Tá meas mór againn go léir air.”

Dúirt paisinéir eile: “Is tiománaí an-chineálta agus tuisceanach é do chách agus díríonn sé ar na rudaí beaga ar nós caint agus caidreamh a dhéanamh le paisinéirí, rud a dhéanann difríocht mhór do roinnt paisinéirí atá an-scoite a thaistealaíonn ar a bhus.”

Dúirt Mattie go mbíonn sé ag tnúth le bualadh le paisinéirí gach seachtain, go gcuireann siad ag gáire é agus go mbíonn scéal le comhroinnt acu i gcónaí.

Denise Downey, Nasc Áitiúil TFI Laoise/Uíbh Fhaillí

Déanaimid ceiliúradh ar Denise Downey a oibríonn Bealach 834 ó Phort Laois go Ros Cré de chuid Nasc Áitiúil TFI Laoise/Uíbh Fhailí.

Déantar cur síos ar Denise mar dhuine a bhfuil ardmheas uirthi i measc a paisinéirí agus i measc na dtiománaithe eile a n-oibríonn sí leo chomh maith. Bíonn meangadh gáire uirthi agus fáilte aici i gcónaí do chách.

Dúirt paisinéir amháin: “Bhaineamar úsáid as bhealach 834 le 12 dhalta ónár seomra ranga Uathachais chun iad a chur ar an eolas faoi iompar poiblí. Bhí Denise an-fhoighneach leis na buachaillí agus iad ag dul ar bord an bhus, chuir sí fáilte rompu go léir agus chabhraigh sí leo a gCártaí Leap TFI a úsáid. Bhí sí chomh cineálta le gach uile leanbh. Bhí sé spreagúil do na buachaillí agus bhí meas againn go léir uirthi.”

Dúirt Denise í féin gur breá léi bualadh le daoine nua gach lá agus nuair a thagann siad chun bheith ina bpaisinéirí rialta “a chuireann aithne orm de réir m’ainm tosaigh, tugann sé sin mothú iontach éachta dom.”

John Cogley, Nasc Áitiúil TFI Loch Garman

Déanaimid ceiliúradh ar John Cogley a oibríonn réimse bealaí Doras-go-Doras de chuid Nasc Áitiúil TFI Loch Garman.

Tá aithne ag gach duine ar John agus tá aithne ag John ar gach duine; Agus tá a fhios ag gach duine go mbeidh turas amach le John go maith!

Tá sé lán le spraoi agus cúram dár bpaisinéirí go léir. Déanann sé obair thar barr i gcónaí sa mhéid a dhéanann sé.

Mar a dúirt custaiméir amháin: “Mura mbeadh John agus an Nasc Áitiúil ann, bheinn sáinnithe sa bhaile agus ní fheicfinn duine ó cheann ceann na seachtaine. Tá cairde iontacha déanta agam ar an tseirbhís agus is fear uasal é John a mbím ag tnúth le feiceáil”.