Bí ar an eolas faoi cad ba cheart a dhéanamh nuair a bhuaileann taom titimis duine éigin ar bhus, ar thram, ar thraein nó i dtacsaí
Mar thaca le Titimeas Éireann, is mian leis an ÚNI meabhrú don phobal nó do bhaill tionscail go bhfuil sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoi na rudaí ar cheart a dhéanamh nuair a bhuaileann taom titimis duine éigin ar bhus, ar thram, ar thraein nó i dtacsaí.
Is mise Paul Guy. Is Stiúrthóir Margaíochta mé. Cosúil le 45,000 duine in Éirinn, tá titimeas orm.
Má bhuaileann taom titimis duine éigin cosúil liomsa, tomhais cén fhad a mhaireann sé, fan leo agus coinnigh sábháilte iad.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thitimeas, tabhair cuairt ar www.epilepsy.ie
Is mise Lucy Prevo. Is mac léinn scannánaíochta mé. Cosúil le 45,000 duine in Éirinn, tá titimeas orm.
Má bhuaileann taom titimis duine éigin cosúil liomsa, tomhais cén fhad a mhaireann sé, fan leo agus coinnigh sábháilte iad.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thitimeas, tabhair cuairt ar www.epilepsy.ie
Na rudaí ar cheart do dhuine a dhéanamh dá mbuailfeadh taom titimis duine éigin.
Tá trí fhocal thábhachtacha forbartha ag Titimeas Éireann ar cheart cuimhneamh orthu maidir le garchabhair le taom titimis, agus is éard atá iontu ná:
TOMHAIS, SÁBHÁILTE, FAN.
TOMHAIS
SÁBHÁILTE
Coinnigh an duine SÁBHÁILTE le linn an taoma titimis. Má bhuaileann taom tritheamhach titimis duine éigin, cosain ceann an duine le rud bog más féidir agus bain aon rudaí díobhálacha, e.g. troscán, dá dtimpeallacht. NÁ CUIR rud ar bith i mbéal an duine RIAMH agus ná cuir srian orthu le linn an taoma titimis.
FAN
Tá tuilleadh eolais, cathain ba cheart glaoch a chur ar otharcharr san áireamh – ar fáil anseo