Tá daoine cumasacha, díograiseacha á lorg againn chun páirt a ghlacadh inár bhfoireann gairmithe tiomanta chun cabhrú le todhchaí an iompair phoiblí in Éirinn a mhúnlú agus a sholáthar.

Is eagraíocht lena mbaineann luas, é síorathraitheach, atá ag dul i méid é an tÚdarás Náisiúnta Iompair. Táimid páirteach faoi láthair i gcur chun feidhme roinnt tionscadal móra lena n-airítear an clár BusConnects, MetroLink, DART+, seirbhísí iompair phoiblí nua, mar aon le teicneolaíocht a thacaíonn le Cárta Leap, Eolas Fíor-ama do Phaisinéirí agus an t-athrú chuig íocaíochtaí gan airgead tirim as seirbhísí.

Is eagraíocht uileghabhálach é ÚNI a chuireann réimse leathan sochar fostaíochta ar fáil, mar shampla, beartais a thugann tacaíocht don fhoireann maidir le cothromaíocht oibre agus saoil. Táimid ag earcú daoine cumasacha, tiomanta agus díograiseacha do na poist seo a leanas:

  • Bainisteoir Teicniúil TFC
  • Ceannaire ar Sholáthar Seirbhíse
  • Samhaltóir Iompair
  • Comhordaitheoir um Chomhlíonadh Iompair
  • Oifigeach Freagrach um IS agus Bainisteoir Sonraí
  • Bainisteoir Conarthaí Iompair Phoiblí

Tá obair dhúshlánach ach tairbheach roimh iarrthóirí rathúla, chomh maith le traenáil den scoth agus deiseanna forbartha.

Chun na leabhráin a íoslódáil, foirmeacha iarratais san áireamh, agus chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár sochair fostaíochta, téigh go dtí ár suíomh gréasáin https://www.nationaltransport.ie/about-us/careers/.

Dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 12pm Dé hAoine, an 10 Deireadh Fómhair 2025.