Cead isteach saor in aisce chuig láithreáin Oidhreachta le haghaidh seanóirí á fhógairt ag Transport for Ireland agus Oifig na nOibreacha Poiblí nuair a úsáideann paisinéirí seirbhísí Nasc Áitiúil TFI le haghaidh mí na Bealtaine.
Inniu an 30 Aibreán d’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), i gcomhar le Transport for Ireland (TFI), tionscnamh speisialta ar bhonn náisiúnta lena dtairgtear cead isteach saor in aisce chuig láithreáin oidhreachta áirithe do dhaoine aosta a úsáideann seirbhís Nasc Áitiúil TFI ar feadh mhí na Bealtaine.
Chun cloch mhíle 30 bliain d’Fhéile na Bealtaine a chomóradh, tá ríméad ar OOP a fhógairt go mbeidh cead isteach saor in aisce ag seanóirí chuig láithreáin oidhreachta áitrithe trí Thicéad Nasc Áitiúil TFI nó Pas Taistil a chur i láthair ag an bpointe iontrála ón 1 go dtí an 31 Bealtaine 2025.
Leis an tionscnamh seo leagtar béim ar chomhchuspóir idir OOP, an Roinn Iompair agus Transport for Ireland chun taisteal inbhuanaithe a spreagadh agus cuirtear deis iontach ar fáil do chuairteoirí chun machnamh a dhéanamh ar a n-oidhreacht chultúrtha.
I measc na láithreán atá rannpháirteach áirítear cuid de na sainchomharthaí tíre ar fearr aithne orthu in Éirinn, tithe stairiúla, caisleáin agus gairdíní, lena gcuirtear raon éagsúil d’eispéiris ar fáil do chuairteoirí de gach cineál.
Agus fáilte á cur aige roimh an tionscnamh dúirt, An tAire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin “Boxer” Moran:
“Tá ríméad ar OOP comhoibriú le Líonra Nasc Áitiúil Transport for Ireland mar thaca le féile na Bealtaine le linn mhí na Bealtaine beag seo.
Tá sé mar aidhm lenár gcomhpháirtíocht le Transport for Ireland aird a tharraingt ar an tseirbhís Nasc Áitiúil agus chun seanóirí a spreagadh chun leas a bhaint as an tseirbhís iontach seo agus dul amach chun cuairt a thabhairt ar do láithreán oidhreachta áitiúil.
Tá an t-ádh orainn go bhfuil a leithéid de láithreáin aitheanta againn amuigh faoin tuath in Éirinn ar líonra na Nasc Áitiúil – lena n-áirítear Láithreáin Mhainistreacha Ghleann Dá Loch agus Chluain Mhic Nóis, Mainistir na hInse agus Ionad an Bhlascaoid”.
Chuir Blathin McElligott, Bainisteoir Clár Nasc Áitiúil TFI, fáilte roimh an tionscnamh freisin, agus dúirt sí:
“Tá ríméad ar an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) / Transport for Ireland (TFI) tacú leis an tionscnamh seo lena n-aithnítear an ról tábhachtach a imrítear le hiompar poiblí inrochtana agus inacmhainne chun daoine a nascadh lenár gcultúr agus lenár stair.
Molaimid do dhaoine tairbhe a bhaint as an tionscnamh seo agus leas a bhaint as an rochtain saor in aisce ar láithreáin oidhreachta ar fud na tíre.”
D’fhógair OOP clár breá imeachtaí mar thaca le Féile na Bealtaine le déanaí. Idir thurais threoraithe agus ióga agus ghrúpaí líníochta; tá raon imeachtaí agus tionscnamh éagsúil agus spreagúil le haghaidh seanóirí ag láithreacha éagsúla ar fud na tíre chun teacht le Féile na Bealtaine – “Na hEalaíona agus an Chruthaitheacht a Cheiliúradh agus muid ag dul in Aois le linn mhí na Bealtaine beag seo.”
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an tsraith imeachtaí agus clár Fhéile na Bealtaine, téigh chuig heritageireland.ie/whats-on/bealtaine-festival-events-2025 áit ar féidir sceideal iomlán na n-imeachtaí ag láithreáin OOP a fheiceáil.