D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) a Ráiteas Straitéise 2026–2030 inniu, ina leagtar amach a uaillmhianta don chéad cúig bliana eile agus ina n-athdhearbhaítear a thiomantas ar son iompar inbhuanaithe ardchaighdeáin a sholáthar do phobail ar fud na hÉireann.

Faoin straitéis roimhe seo, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an ÚNI maidir le mórthionscadail iompair phoiblí agus taistil ghníomhaigh a chur chun cinn. Tá roinnt céimeanna d’Athdhearadh Líonra BusConnects Bhaile Átha Cliath tugtha isteach cheana féin, rud a thugann seirbhísí bus níos minice, níos iontaofa agus níos inrochtana do phaisinéirí. Tá dul chun cinn mór déanta freisin ar Chroíchonair Bhus BusConnects, a thacóidh le turais bus níos tapúla agus níos iontaofa ar phríomhbhealaí comaitéireachta agus a chruthóidh áiseanna níos fearr le haghaidh siúlóide agus rothaíochta.

Tá infheistíocht ar fud na tíre i dtaisteal gníomhach tar éis dul chun cinn iontach a dhéanamh ar scála mór, ag soláthar bealaí nua siúil agus rothaíochta, naisc fheabhsaithe le scoileanna, bealaí glasa feabhsaithe agus bonneagar níos sábháilte do dhaoine de gach aois agus cumas.

Tá céimeanna tábhachtacha bainte amach freisin ar Chlár DART Plus, atá ag ullmhú na mbunsraitheanna do sheirbhísí iarnróid leictrithe leathnaithe do phobail i gCill Dara, i gContae na Mí, i gContae Lú agus ar fud Thuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Ag cur leis na héachtaí seo, leagann an straitéis nua amach misean an ÚNI chun muintir agus áiteanna na hÉireann a nascadh, trí bhonneagar agus seirbhísí iompair inbhuanaithe, ar ardchaighdeán agus atá inrochtana a sholáthar, ag cur le pobail spleodracha atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, timpeallacht shláintiúil, forbairt réigiúnach chothrom agus geilleagar láidir. Léiríonn an straitéis tiomantas na heagraíochta bonneagar agus seirbhísí iompair éifeachtacha agus cuimsitheacha a sholáthar, cur leis an mBeartas Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe, agus ionad oibre a chothú inar féidir le baill foirne fás, forbairt agus brath go bhfuil cion orthu.

Díreofar sna cúig bliana amach romhainn ar thaithí na gcustaiméirí a fheabhsú, gealltanais aeráide agus comhshaoil a chur chun cinn, acmhainn iompair phoiblí a leathnú, rialáil agus sábháilteacht a neartú agus a chinntiú go leanfar de bhonneagar straitéiseach iompair a sheachadadh. Chomh maith leis sin, déanfaidh an ÚNI rannpháirtíocht le pobail agus le páirtithe leasmhara a dhoimhniú agus eagraíocht ardfheidhmíochta á forbairt ag an am céanna, agus a gheobhaidh tacaíocht ó chinnteoireacht bunaithe ar fhianaise.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt Anne Shaw, Príomhoifigeach Fheidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair:

“Mar POF is mór an onóir dom a bheith i gceannas ar an eagraíocht chun misean agus fís an ÚNI a sheachadadh, ag obair leis na comhpháirtithe agus na comhghleacaithe go léir atá bainteach le bonneagar agus seirbhísí a sheachadadh a nascann daoine le deiseanna agus a chuireann ar chumas gnólachtaí rathú agus infheistíocht a dhéanamh.

Tá fás suntasach tagtha ar an ÚNI le blianta beaga anuas agus tá sé tábhachtach go gcoimeádaimid ár luachanna agus ár gcultúr uileghabhálachta agus éagsúlachta, agus muid ag forbairt na heagraíochta tuilleadh chun freastal ar an sainordú atá againn atá ag fás agus nascacht a sheachadadh do mhuintir agus d’áiteanna na hÉireann.”

Chun Ráiteas Straitéise an ÚNI (2026-2030) a fheiceáil, tabhair cuairt ar:  Ráiteas Straitéise an ÚNI (2026-2030)