Bhí Gradaim na Mac Léinn um Thaisteal Níos Cliste 2025 ar siúl Déardaoin, 24 Aibreán, sa Phictiúrlann Lighthouse i mBaile Átha Cliath. Tugann an imeacht seo aitheantas don tallann agus cruthaitheacht den scoth atá ag mic léinn ar fud na hÉireann.
Chuir Campais Chomhpháirtithe Chlár Taistil Níos Cliste TFI ó thimpeall na tíre tionscadail isteach a spreagann taisteal inbhuanaithe agus gníomhach ar an turas comaitéireachta agus níos faide i gcéin. Bhain an líon is airde riamh d’iontrálacha le Gradaim na bliana seo, agus cuireadh 58 tionscadal ar an ngearrliosta sa bhabhta ceannais as breis agus 260 aighneacht a rinne breis is 580 mac léinn thar 17 gcampas.
I measc na gcatagóirí gradaim bhí Innealtóireacht & Nuálaíocht, Margaíocht Shóisialta agus na Meáin. Cuireadh tionscadail isteach i bhfoirm póstaer agus rinne painéal neamhspleách de shaineolaithe tionscail measúnú ar na haighneachtaí, le tionscadail ó fhógraí raidió, beochana agus físeáin, go fréamhshamhlacha innealtóireachta, feidhmiúcháin taistil, agus imeachtaí siúlóide agus rothaíochta ar an gcampas.
Dúirt John O’Flynn, Ceann ar Thaithí Custaiméara ag an Údarás Náisiúnta Iompair: “Léiríonn Gradaim na Mac Léinn um Thaisteal Níos Cliste scileanna agus cruthaitheacht na mac léinn ar fud na hÉireann. Cruthaítear nósanna taistil inbhuanaithe ag aois óg, mar sin is ábhar misnigh é an t-imeacht bliantúil seo a fheiceáil ag fás agus táimid ag tnúth le níos mó iontrálacha fós an bhliain seo chugainn”.
Spreagtar baill foirne acadúla ó choláistí tríú leibhéal páirt a ghlacadh i nGradaim na Mac Léinn agus Taisteal Níos Cliste a ionchorprú ina gcuid oibre cúrsa grádaithe. Ní hamháin go dtugann sé seo deis do mhic léinn a bheith rannpháirteach i dtionscadal praiticiúil agus taithí a fháil ar na buntáistí a bhaineann leis, ach cuireann sé ardán ar fáil freisin chun a CV agus a bportfóilió gairmiúil a fhorbairt.
Leathnaigh na gradaim a gcatagóirí freisin, rud a chiallaíonn gur féidir le raon níos leithne mac léinn ó chúlraí acadúla éagsúla cur isteach.
Tá Gradaim na Mac Léinn um Thaisteal Níos Cliste á n-ullmhú cheana féin do 2025/26, is féidir leat ríomhphost a chur chuig an bhFoireann Taistil Níos Cliste ag info@smartertravelcampus.ie .
Is féidir tuilleadh eolais a fháil thíos ag smartertravelstudentawards.ie.
Catagóir: Innealtóireacht & Nuálaíocht – Dearadh
Catagóir: Innealtóireacht & Nuálaíocht – Dearadh Digiteach/Coincheapa
Catagóir: Innealtóireacht & Nuálaíocht – Nuálaíocht Shóisialta & Fiontraíocht
Catagóir: Margaíocht Shóisialta – Margaíocht & Cumarsáid
Catagóir: Margaíocht Shóisialta – Cláir & Abhcóideacht
Catagóir: Na Meáin – Beochan
Catagóir: Na Meáin – Fís
Catagóir: Na Meáin – Fuaim
Catagóir: Na Meáin – Dearadh Grafach agus Léaráid