Tá sé fógartha ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) gur féidir le paisinéirí a bhíonn ag taisteal i Sligeach agus Liatroim táillí a íoc anois ar sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI trí íocaíochtaí cárta gan tadhall.

Trí íocaíochtaí gan tadhall a thabhairt isteach, is féidir le paisinéirí cártaí dochair agus creidmheasa, nó roghanna íocaíochta móibílí amhail Apple Pay agus Google Pay, a úsáid anois, lena simplítear an próiseas íocaíochta agus lena bhfeabhsaítear an t-eispéireas taistil go ginearálta.

Cashless-TFI-Local link 300x300Leis an rolladh amach is déanaí seo, fágann sé go bhfuil cúig oifig Nasc Áitiúil TFI a chuireann íocaíochtaí cárta gan tadhall ar fáil agus leanann sé rath cruthaithe an tionscadail phíolótaigh bhunaidh sa Chabhán agus i Muineachán, chomh maith le tabhairt isteach ina dhiaidh sin ar fud Thiobraid Árann, Mhaigh Eo, Laoise agus Uíbh Fhaillí.

Tá íocaíochtaí gan tadhall ar fáil le haghaidh táillí aon turais. Leanfar de tháirgí táille laethúla agus seachtainiúla a bheith ar fáil trí shuíomh gréasáin Leap agus trí Aip Leap Top‑Up TFI. Is féidir le paisinéirí leanúint de chártaí Leap TFI agus airgead tirim a úsáid freisin, agus beidh Cartaí Saorthaistil fós bailí ar gach seirbhís incháilithe Nasc Áitiúil TFI.

Tá tabhairt isteach íocaíochtaí gan tadhall mar chuid de chlár leanúnach ÚNI chun córais táillí iompair phoiblí a nuachóiriú ar bhonn náisiúnta, agus béim láidir á leagan ar inrochtaineacht, éascaíocht úsáide agus eispéireas paisinéirí a fheabhsú, go háirithe i bpobail tuaithe agus réigiúnacha.

Dúirt Edmund Betagh, Bainisteoir Cláir Nasc Áitiúil TFI ag ÚNI:

“Le feidhmiú céimneach íocaíochtaí gan tadhall ar fud Shligigh agus Liatroma, ciallaíonn sé gurb é seo an cúigiú hoifig Nasc Áitiúil TFI a thug isteach an teicneolaíocht seo agus léiríonn sé dul chun cinn leanúnach chun soghluaisteacht tuaithe a neartú ar fud na tíre. Ag tógáil ar rath an fheidhmithe chéimnigh níos luaithe, fágtar leis an leathnú seo go bhfuil sé níos éasca do dhaoine i gceantair thuaithe agus réigiúnacha iompar poiblí a rochtain, lena gcuirtear solúbthacht mhéadaithe ar fáil ag an bpointe íocaíochta agus lena dtacaítear le ról ríthábhachtach Nasc Áitiúil TFI chun pobail a nascadh le fostaíocht, oideachas, cúram sláinte agus deiseanna sóisialta.”

Chomh maith leis sin, dúirt Fiona O’Shea, Bainisteoir Ginearálta, Nasc Áitiúil TFI Dhún na nGall, Shligigh, Liatroma:

“Tá lúcháir orainn íocaíochtaí gan tadhall a thabhairt isteach ar ár seirbhísí ar fud an réigiúin. Leis an uasghrádú sin, léirítear ár ndúthracht seirbhís nua-aimseartha atá dírithe ar an gcustaiméir a sholáthar, lena gcomhlíontar riachtanais laethúla ár bpobal. Ach íocaíochtaí níos tapa agus níos éasca a chur ar fáil, táimid ag cabhrú le tuilleadh daoine iompar poiblí a roghnú dá dturais áitiúla.”

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi sheirbhísí, tabhair cuairt ar: Nasc Áitiúil TFI i Sligeach agus Liatroim,