Dheimhnigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) inniu gur leathadh amach go rathúil an teicneolaíocht chun íocaíochtaí cárta gan tadhall a dhéanamh ar fud sheirbhísí uile Nasc Áitiúil TFI Laoise agus Uíbh Fhailí.
Táillí a íoc trí chárta dochair nó creidmheasa a úsáidÓn lá inniu ar aghaidh, is féidir le paisinéirí a úsáideann gnáthsheirbhísí Nasc Áitiúil TFI Laoise agus Uíbh Fhailí a dtáillí a íoc trí chárta dochair nó creidmheasa a úsáid, chomh maith le roghanna íocaíochta móibíleacha amhail Apple Pay agus Google Pay. Leanann an leathadh amach sin an tionscadal píolótach rathúil d’íocaíochtaí cárta gan tadhall sa Chabhán agus i Muineachán agus leathadh amach na teicneolaíochta i dTiobraid Árainn i mí na Nollag.
Glacfar le híocaíochtaí gan tadhall le haghaidh táillí aon turais, agus leanfar de tháirgí laethúla agus seachtainiúla a bheith ar fáil trí shuíomh gréasáin Leap agus aip Leap Top-Up de chuid TFI. Is féidir le paisinéirí leanúint d’íocaíochtaí a dhéanamh trí Chártaí Leap TFI agus airgead tirim freisin, agus tá Cártaí Saorthaistil bailí go fóill ar gach seirbhís incháilithe.
Tá an t-uasghrádú mar chuid de chlár níos leithne de chuid ÚNI chun córais íocaíochta táille a nuachóiriú ar fud na tíre, rud a fheabhsóidh inrochtaineacht agus eispéireas foriomlán na bpaisinéirí, go háirithe do phobail i gceantair thuaithe agus réigiúnacha.
D’fháiltigh Edmund Betagh, Bainisteoir Nasc Áitiúil TFI, roimh an bhforbairt. Dúirt sé:
“Is céim mhór chun tosaigh iad íocaíochtaí gan tadhall a thabhairt isteach don iompar poiblí i Laois agus in Uíbh Fhailí. Leis sin, cuirtear níos mó solúbthachta ar fáil do phaisinéirí, táthar in ann daoine a chur ar bord níos gasta, agus cinntítear go leanann ár seirbhísí de riachtanais pobal áitiúil a chomhlíonadh.”
Dúirt Frances Byrne, Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil TFI Laoise agus Uíbh Fhailí, freisin:
“Táimid tiomanta d’iompar poiblí a dhéanamh chomh háisiúil agus chomh héasca d’úsáideoirí agus is féidir. Mar thoradh ar roghanna íocaíochtaí nua-aimseartha a chur ar fáil, beidh sé níos éasca do níos mó daoine taisteal inbhuanaithe a roghnú agus seirbhísí ríthábhachtacha a rochtain ar fud an réigiúin.”
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI Laoise agus Uíbh Fhailí, tabhair cuairt ar https://locallinklaoisoffaly.ie/
nó Nasc Áitiúil TFI – Transport for Ireland