Ón lá inniu, is féidir le paisinéirí ar sheirbhísí rialta Nasc Áitiúil TFI Mhaigh Eo a dtáillí a íoc trí úsáid a bhaint as roghanna íocaíochta gan tadhall, lena n-áirítear cártaí dochair agus creidmheasa, chomh maith le tiachóga móibíleacha ar nós Apple Pay agus Google Pay.

Cashless-TFI-Local link 300x300Dheimhnigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair gur éirigh le feidhmiú céimneach an chórais nua, tar éis thorthaí rathúla an chláir phíolótaigh tosaigh sa Chabhán agus i Muineachán, agus íocaíochtaí gan tadhall ar sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI i dTiobraid Árann, Laois agus Uíbh Fhailí a tugadh isteach le déanaí.

Glacfar le híocaíochtaí gan tadhall le haghaidh táillí aon turais, agus leanfar de tháirgí laethúla agus seachtainiúla a bheith ar fáil trí shuíomh gréasáin Leap agus aip Leap Top-Up de chuid TFI. Is féidir le paisinéirí leanúint d’íocaíochtaí a dhéanamh trí Chártaí Leap TFI agus airgead tirim freisin, agus tá Cártaí Saorthaistil bailí go fóill ar gach seirbhís incháilithe.

Tá an t-uasghrádú mar chuid de chlár níos leithne de chuid ÚNI chun córais íocaíochta táille a nuachóiriú ar fud na tíre, rud a fheabhsóidh inrochtaineacht agus eispéireas foriomlán na bpaisinéirí, go háirithe do phobail i gceantair thuaithe agus réigiúnacha.

D’fháiltigh Edmund Betagh, Bainisteoir Cláir Nasc Áitiúil TFI ag ÚNI, roimh an bhforbairt. Dúirt sé:

“Cloch mhíle shuntasach d’iompar tuaithe i Maigh Eo is ea íocaíochtaí gan tadhall a thabhairt isteach. Tugtar níos mó solúbthachta do phaisinéirí i mbailte agus i sráidbhailte beaga leis maidir leis an gcaoi a n-íocann siad, agus neartaítear ról Nasc Áitiúil TFI i ndáil le pobail ar fud an chontae a nascadh.”

Nasc Aitiúil TFI Local link logo in Irish

Dúirt Sarah Togher, Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil TFI Mhaigh Eo:

“Is céim thábhachtach iad íocaíochtaí gan tadhall chun iompar poiblí i Maigh Eo a nuachóiriú. Trí bhealaí tapa áisiúla íocaíochta a thairiscint, táimid ag déanamh níos éasca do phaisinéirí é taisteal go hinbhuanaithe agus na seirbhísí a theastaíonn uathu a rochtain.”

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI Mhaigh Eo, tabhair cuairt ar https://locallinkmayo.ie/