D’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), i gcomhpháirtíocht le City Direct, feabhsú suntasach inniu do sheirbhís bus Chathair Chill Chainnigh.

Ó Domhnach an 27 Iúil, bainfidh paisinéirí leas as 104 seirbhís sheachtainiúil bhreise, rud a léiríonn méadú níos mó ná 12% ar leibhéil seirbhíse.

Tá sé mar aidhm ag na feabhsaithe seirbhís bus baile níos iontaofa agus níos minice a sholáthar don phobal áitiúil, rud a neartóidh nascacht ar fud na cathrach. Tacóidh na feabhsaithe seo le taisteal chun críocha oibre, oideachais agus fóillíochta, agus ag an am céanna é a dhéanamh níos éasca rochtain a fháil ar naisc ar aghaidh le líonraí náisiúnta bus agus iarnróid.

Bealach KK1

Beidh 26 seirbhís fillte seachtainiúla breise ar Bhealach KK1, agus bainfidh Bealach KK2 leas as méadú de 26 seirbhís fillte. I rith na seachtaine, cuirfidh KK1 17 seirbhís fillte eile ar fáil.

Bealach KK2

Cuirfidh KK2 20 seirbhís fillte eile ar fáil i rith na seachtaine chomh maith. Feabhsófar seirbhísí Dé Sathairn freisin, agus méadófar 4 thuras fillte ar KK1 agus 3 thuras fillte ar KK2, agus gheobhaidh an dá bhealach 4 sheirbhís fillte breise ar an Domhnach.

Kilkenny City bus by City Direct & TFI

Áireofar seirbhísí nua go moch ar maidin agus go déanach san oíche ó Luan go Déardaoin leis na seirbhísí breise seo, chomh maith le seirbhísí breise go moch ar maidin Dé hAoine agus Dé Sathairn. Bainfidh paisinéirí leas as seirbhísí nua go moch ar maidin agus go déanach san oíche ar an Domhnach freisin, cuirfidh sé seo solúbthacht agus inrochtaineacht níos fearr ar fáil.

Ina theannta sin, athrófar amanna imeachta Bhealach KK1 ó dheas ó chríochfort An Ghleann Bháin (ar a dtugtar stad timpeallán an N77 roimhe seo) chun imeacht ar an uair agus ar leathuair tar éis na huaire, ag cur in ionad an sceidil imeachta reatha ag ceathrú tar éis na huaire agus ceathrú chun na huaire.

Ó tugadh isteach iad in 2019, tá breis is 1.4 milliún paisinéir iompartha ag seirbhísí bus KK1 agus KK2, agus tá líon na bpaisinéirí bliantúil ag fás go seasta ó 107,000 in 2020 go dtí níos mó ná 404,000 in 2024. Le beagnach 150,000 paisinéir cheana féin faoi 2025, tá an tseirbhís á feabhsú anois chun freastal ar an éileamh atá ag méadú agus chun nascacht réigiúnach a fheabhsú.

104 seirbhís seachtainiúla bhreise

Ag labhairt faoin bhfeabhsú, dúirt Ceann Pleanála Seirbhísí Iompair Phoiblí, John Nott, ag an Údarás Náisiúnta Iompair: “Is cloch mhíle thábhachtach eile inár dtiomantas seirbhísí iompair phoiblí níos fearr a sholáthar do chathracha agus do bhailte ar fud na hÉireann é leathnú Líonra Bus Chathair Chill Chainnigh. Cuirfidh na 104 seirbhís seachtainiúla bhreise seo níos mó solúbthachta, minicíocht níos fearr, agus nascacht fheabhsaithe ar fáil do mhuintir Chill Chainnigh. Is cuma más comaitéireacht chun oibre, dul ar scoil nó coláiste, nó rochtain a fháil ar shiopaí agus taitneamhachtaí áitiúla atá i gceist, baineann na feabhsaithe seo le turais laethúla a dhéanamh níos éasca agus níos inbhuanaithe. Leagann an infheistíocht seo béim ar iarrachtaí leanúnacha an ÚNI chun tacú le pobail dea-nasctha, bríomhar trí iompar poiblí iontaofa d’ardchaighdeáin, a chur ar fáil.

Dúirt Jonathan McDaid, Stiúrthóir Oibríochtaí ag City Direct Bus Ltd: “Tá áthas orainn a bheith ag obair i gcomhar leis an ÚNI i leathnú Líonra Bus Chathair Chill Chainnigh. Tá City Direct Bus Ltd tiomanta do sheirbhísí iompair phoiblí níos fearr a sholáthar in Éirinn. Beidh na seirbhísí breise seo an-tairbheach agus feabhsóidh siad nascacht mhuintir Chill Chainnigh le gach cineál iompair phoiblí. Cuirimid fáilte roimh an infheistíocht seo ón ÚNI in iompar poiblí iontaofa

Le haghaidh tuilleadh eolais

Tá an dá sheirbhís comhtháite leis an Aip TFI Live, a chuireann ar chumas pleanáil taistil i bhfíor-am agus a thacaíonn le híocaíochtaí gan airgead tirim tríd an gcóras Leap Card Fare. Glacfar le Pasanna Saorthaistil ar sheirbhísí infheidhme freisin.

Tá an feabhsú seo ag cur leis an rath a baineadh as Seirbhís Bus Bhaile Phort Laoise agus leis an bhfeabhsú a rinneadh ar Sheirbhís Bus Bhaile Shligigh níos luaithe i mbliana, mar chuid de Chlár Bus Baile (& Cathair) an ÚNI.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Seirbhís Bus Chathair Chill Chainnigh, amchláir agus léarscáileanna nuashonraithe san áireamh, tabhair cuairt ar:

Seirbhísí Bus Chathair Chill Chainnigh