Inniu d’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair torthaí a shuirbhé is déanaí ar nósanna taistil de shiúl na gcos, ar áis siúil agus ar rothar i Limistéar Phort Láirge, suirbhé ina bhfuil léirithe gur mian le 51% de chónaitheoirí fásta dul ag siúl nó ar áis siúil (is é sin, cathaoir rothaí nó scútar soghluaisteachta) níos minice agus gur mian le 32% dul ag rothaíocht níos minice. Léiríodh sa suirbhé go mbíonn 45% d’aosaigh Phort Láirge ag siúl agus ag úsáid áis siúil cúig huaire sa tseachtain ar a laghad, agus go rothaíonn 12% uair sa tseachtain ar a laghad.
Soláthraíonn an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta an measúnú is mó ar shiúl, rothlú agus rothaíocht in Éirinn agus sa RA. Is i gcomhar le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus Comhairle Contae Chill Chainnigh; leis an Údarás Náisiúnta Iompair; agus leis an gcarthanas iompair inbhuanaithe, Walk Wheel Cycle Trust, a chuirtear ar fáil é. In éineacht le hInnéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Phort Láirge, tá tuarascálacha Innéacs le foilsiú ag Limistéir Chathrach Chorcaí, Luimnigh agus Cheantar na Sionainne, na Gaillimhe agus Bhaile Átha Cliath inniu freisin.
Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Phort Láirge 2025
Tá Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Phort Láirge bunaithe ar shuirbhé neamhspleách atá ionadaíoch ó thaobh na déimeagrafaice de, seachas ar choisithe, úsáideoirí áiseanna siúil agus rothaithe amháin, ach ar bhreis agus 1,100 cónaitheoir atá 16 bliana nó níos sine agus iad ar fud Limistéar Cathrach Phort Láirge. Is iad Cathair Phort Láirge agus a fo-bhailte, lena n-áirítear an Pasáiste agus an Sliabh Rua, agus Port an Chalaidh i gCill Chainnigh atá cuimsithe sa Limistéar Cathrach.
Léiríodh ann go bhfuil 78% de chónaitheoirí i bhfách le hinfheistíocht bhreise sa taisteal de shiúl na gcos agus ar áis siúil, suas ó 68% in 2023, agus go bhfuil 74% i bhfách le hinfheistíocht bhreise sa rothaíocht, suas ó 63% in 2023. Léiríodh sa suirbhé freisin go mbaintear suas le 15,000 carr gach lá de bhóithre Limistéar Cathrach Phort Láirge de thairbhe daoine a bheith ag roghnú shiúl na gcos, áis siúil nó rothair thar an gcarr ar thurais neamhfhóillíochta.
Fuarthas amach sa tuarascáil go gcruthaítear sochar geilleagrach €67 milliún do dhaoine aonair agus do Limistéar Cathrach Phort Láirge de thairbhe shiúl na gcos, áiseanna siúil agus rothar. Áirítear leis sin glansochair gheilleagracha €1.62 agus €1.14, faoi seach, in aghaidh an km a thaistealaítear ar rothar agus de shiúl na gcos in ionad i gcarr. Cinneadh na costais sin trí anailís a dhéanamh ar am taistil, costais oibriúcháin feithiclí, buntáistí sláinte, cáilíocht aeir agus cánachas.
Déanann daoine a bhfuil carr acu suas le 15,000 turas fillte de shiúl na gcos, ar áis siúil agus ar rothar i Limistéar Cathrach Phort Láirge gach lá. 70 km de scuaine a bheadh ann dá mbeadh na carranna uile sin ina dtranglam tráchta.
Fuarthas amach sa tuarascáil freisin go sábhálann coisithe, úsáideoirí áiseanna siúil agus rothaithe 2,700 tona d’astaíochtaí gás ceaptha teasa gach bliain, arb ionann é sin agus thart ar 34,000 eitilt ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go hAerfort Heathrow Londan.
Leagadh amach sa tuarascáil na buntáistí do Limistéar Cathrach Phort Láirge a bhaineann le bheith ag siúl, ag úsáid áis siúil agus ag rothaíocht, ar gníomhaíochtaí coirp iad lena gcoisctear 149 cás de riochtaí sláinte fadtéarmacha tromchúiseacha gach bliain. Is ionann é sin agus thart ar €1.8 milliún nó an costas a bhaineann le breis agus 31,000 coinne le DG.
Léiríodh san Innéacs go bhfuil éagsúlacht idir roghanna taistil na gcónaitheoirí agus a dtuairimí maidir le siúl, rothlú agus rothaíocht i measc grúpaí éagsúla. Fuarthas amach ann go mbíonn 52% de chónaitheoirí faoi mhíchumas ag siúl nó ag úsáid áis siúil cúig lá sa tseachtain ar a laghad i Limistéar Phort Láirge, i gcomparáid le 45% díobh siúd nach bhfuil faoi mhíchumas. Rothaíonn 9% de chónaitheoirí faoi mhíchumas uair sa tseachtain ar a laghad, i gcomparáid le 12% díobh siúd nach bhfuil faoi mhíchumas. Fuarthas amach ann freisin, cé go mbíonn 46% de mhná agus 44% d’fhir ag siúl nó ag úsáid áis siúil cúig lá sa tseachtain ar a laghad, is ann do dhealú inscne fós ó thaobh rothaíochta de, ar dá réir a rothaíonn 16% d’fhir uair sa tseachtain ar a laghad, i gcomparáid le 8% de mhná.
Mar fhreagra ar cheist maidir le réitigh chun dul ag siúl nó ar áis siúil níos minice, luaigh cónaitheoirí Limistéar Cathrach Phort Láirge gur mian leo rochtain fheabhsaithe ar chosáin atá níos leithne, lena n-áirítear colbhaí íslithe ag pointí trasnaithe, áiteanna níos deise scíthe feadh sráideanna, níos lú carranna páirceáilte ar chosáin agus pointí trasnaithe níos rialta ar gairide a n-amanna feithimh. Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil trasrian tiomnaithe coisithe ar 92% de na bóithre a thagann le chéile ag acomhal soilse tráchta i Limistéar Cathrach Phort Láirge.
Mar fhreagra ar cheist maidir le réitigh chun dul ag rothaíocht níos minice, luaigh formhór na gcónaitheoirí fásta gur mian leo feabhsuithe bonneagair amhail raonta saor ó thrácht trí pháirceanna nó glasbhealaí agus raonta rothar feadh bóithre atá scartha go fisiciúil ó thrácht agus coisithe.
Is láidir an tacaíocht fós i leith bonneagar rothar níos cosanta a fhorbairt i Limistéar Cathrach Phort Láirge, a dtacaíonn 86% dá chónaitheoirí le tógáil raonta rothar a bheadh scartha go fisiciúil ó thrácht agus coisithe, fiú dá mba lú an spás le haghaidh trácht eile, suas ó 76% in 2023.

Aithníonn cónaitheoirí Phort Láirge a thábhachtaí agus atá comharsanachtaí inchónaithe freisin. Tacaíonn 87% de chónaitheoirí le cruthú comharsanachtaí ‘ar bheagán tráchta’ ina ndéanfaí laghdú mór ar thrácht na mótarfheithiclí a théann “trí” ghrúpaí sráideanna a bhfuil príomhbhóithre timpeall orthu. Tá 90% i bhfabhar luasteorainneacha a laghdú, pointí trasnaithe a fheabhsú agus raonta cosanta rothar a thabhairt isteach i gcomharsanachtaí scoile. Tá 58% i bhfabhar cosc a chur ar charranna ar shráideanna cónaithe in aice le scoileanna le linn amanna fágála agus bailithe.
Ag labhairt faoin Innéacs Siúil agus Rothaíochta, dúirt an Clr Seamus Ryan, Méara Chomhairle Cathrach Phort Láirge:
“Mar Mhéara, tá áthas orm fáiltiú roimh an dara heagrán d’ Innéacs Siúil agus Rothaíochta Phort Láirge. Sa tuarascáil seo, tá léargas soiléir ar nósanna taistil ár gcónaitheoirí agus cé chomh mór is atá siúl na gcos, áiseanna siúil agus rothaíocht acu. Agus mé i mo chónaí i bPort Láirge, tá tugtha faoi deara agam go bhfuil cruth nua á chur ar ár gcathair leis an taisteal gníomhach.
Le hinfheistíocht leanúnach ón ÚNI, rannpháirtíocht láidir ón bpobal agus ceannasaíocht dhíograiseach ó gach páirtí leasmhar, is féidir linn an bealach a dtaistealaímid a chlaochlú chun cur le comhshaol, sláinte agus inchónaitheacht ár gcathrach. Is léir an teachtaireacht atá curtha in iúl sa tuarascáil sin: is mian leis an bpobal go ndéanfar tuilleadh infheistíochta sa taisteal gníomhach. Leanfaimid orainn a bheith ar son todhchaí bhríomhar inbhuanaithe do gach aon chónaitheoir, gairmí, cuairteoir agus infheisteoir san áit seo.”
Dúirt an Clr Mary Hilda Kavanagh, Cathaoirleach Chomhairle Contae Chill Chainnigh:
“Mar Chathaoirleach Chomhairle Contae Chill Chainnigh, is cúis ríméid dom fáiltiú roimh an dara heagrán d’Innéacs Siúil agus Rothaíochta Phort Láirge. De réir mar a bhíonn ár gcathracha agus ár mbailte ag fás, is den ríthábhacht iad an taisteal gníomhach agus an t-iompar poiblí chun ár bpobail a choinneáil ag bogadh gan srian ar bhealach inacmhainne inbhuanaithe.
Tá infheistíocht leanúnach mar ghné lárnach chun timpeallachtaí sábháilte, tarraingteacha agus inrochtana a chruthú ina mbeidh an taisteal neamhspleách ar fáil ag gach duine arís, agus iad gníomhach agus ceangailte le chéile go seasta. Sa tuarascáil seo, tá an fhianaise leagtha amach is gá chun roghanna réadúla is inmhianaithe do chách a dhéanamh de shiúl na gcos agus den rothaíocht.”
Dúirt Anne Shaw, POF an Údaráis Náisiúnta Iompair:
“Soláthraítear an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta don ÚNI agus dár gcomhpháirtithe údaráis áitiúla léargais luachmhara ar conas a thaistealaíonn daoine inár gcúig Cheantar Uirbeach agus cad atá ag teastáil uathu chun siúl agus rothaíocht a dhéanamh níos sábháilte, níos éasca agus níos mealltaí.
Tá sé thar a bheith spreagúil leibhéil tacaíochta chomh láidir seo do níos mó infheistíochta i siúl agus rothaíocht. Úsáidfidh muid na sonraí seo lenár n-obair a threorú ag muid ag leanúint de bheith ag soláthar bonneagar siúil agus rothaíochta, bealaí níos sábháilte chun na scoile agus líonraí taistil gníomhaigh a nascann tithe daoine lena n-obair, scoil agus conláistí áitiúla.”
Is féidir rochtain a fháil ar Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Phort Láirge anseo ag Innéacs Siúil agus Rothaíochta Limistéar Cathrach Phort Láirge 2025