Bealach 18km ar fad, atá ag dul ó Bhaile an Chollaigh go Mahon Point atá beartaithe do Luas Chorcaí oscailte anois ar mhaithe le comhairliúchán poiblí
Rinne an Taoiseach Micheál Martin TD, an Bealach is Dealraithí a Roghnófar (EPR) le haghaidh Luas Chorcaí a sheoladh inniu ag Halla Cathrach Chorcaí.
D’fhoilsigh Bonneagar Iompair Éireann an Bealach is Dealraithí a Roghnófar agus cuireann siad fáilte roimh an bpobal a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an bplean atá beartaithe. Tá an comhairliúchán poiblí oscailte ar feadh ocht seachtaine go dtí an Luan 9 Meitheamh ag 5.30pm.
Líne iarnróid éadrom atá 18km ar fad agus suas le 25 stad uirthi
Tá sé beartaithe go mbeadh líne iarnróid éadrom atá 18km ar fad agus suas le 25 stad uirthi mar chuid de Luas Chorcaí, ag dul ó Bhaile an Chollaigh go Mahon Point agus cinn scríbe tábhachtacha ar nós MTU, Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, Lár chathair Chorcaí, Stáisiún an Cheanntaigh, Dugaí Chorcaí, An Dúcharraig agus Machain, á nascadh le chéile.
Beidh droichead iompar poiblí nua mar chuid den scéim agus Stáisiún an Cheanntaigh agus Cé Uí Chinnéide á nascadh le chéile aige, agus beidh bonneagar nua rothaíochta ar feadh cuid mhaith den bhealach. Tá áis Páirceála agus Taistil a bheidh in ann freastal ar 1000 feithicil ag Baile an Chollaigh, beartaithe mar chuid den Bhealach is Dealraithí a Roghnófar chomh maith, agus Mol Soghluaisteachta i Machain.
Corcaigh – an chathair is mó fáis in Éirinn
Tá sé beartaithe go mbeidh Corcaigh ar an gcathair is mó fáis in Éirinn sna 20 bliain atá amach romhainn agus ceaptar go dtiocfaidh fás idir 50 go 60 faoin gcéad ar an daonra. Tá tionscadail iompair ar ardchaighdeán ar nós Luas Chorcaí ríthábhachtach chun an infheistíocht agus athghiniúint mhórscála atá beartaithe do Chorcaigh a sheachadadh, ar nós forbairt Dhugaí Chathair Chorcaí, áit a meastar go dtógfar 20,000 teach nua agus a chruthóidh beagnach 25,000 post ar fud an tsuímh, 4.2 acra talún ag Cé Uí Chinnéide.
Cuireann TII agus ÚNI fáilte roimh an bpobal a bheith rannpháirteach sa chomhairliúchán seo a leanas ar www.luascork.ie áit a bhfuil eolas maidir leis na moltaí foilsithe. Beidh roinnt laethanta oscailte ar siúl ar fud na cathrach le linn an chomhairliúcháin inar féidir líníochtaí a iniúchadh agus beidh baill foirne ó TII ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt.
Cuirfidh Luas Chorcaí feabhas mór ar nascacht sa chathair
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin: “Is céim shuntasach maidir le tionscadal bonneagair a mbeidh athrú ó bhonn ar chathair Chorcaí dá bharr, í fógra an lae inniu ar an mBealach is Dealraithí a Roghnófar do Luas Chorcaí.
“Cuirfidh Luas Chorcaí feabhas mór ar nascacht sa chathair agus gréasán iompair phoiblí na cathrach a nuachóiriú dá bharr, beidh sé níos inrochtana agus cruthófar deiseanna nua do chónaitheoirí, do chuairteoirí agus do ghnólachtaí áitiúla. Tá sé an-dearfach an tionscadal seo a fheiceáil ag dul chun cinn, agus ar an gcúis sin, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag Bonneagar Iompair Éireann, ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus go deimhin ag Comhairle Cathrach Chorcaí.
“Mholfainn do gach duine, agus an próiseas comhairliúcháin oscailte anois, an deis seo a thapú chun a n-aiseolas a thabhairt agus a dtuairimí a roinnt maidir leis an togra spreagúil seo.”
Leag an tAire Iompair Darragh O’Brien TD béim ar an tábhacht a bhaineann le Corcaigh a bheith roghnaithe ag an gCoimisiún Eorpach mar cheann de na chéad chathracha atá neodrach ó thaobh na haeráide de. Tagann an t-ainmniú seo leis an tionscnamh an AE 100 Cathair Neodrach ó thaobh na haeráide agus na clisteachta de faoin mbliain 2030, agus é mar sprioc leis dlús a chur le claochlú uirbeach inbhuanaithe ar fud na hEorpa.
“Beidh ról lárnach ag forbairt Luas Chorcaí chun an sprioc seo a bhaint amach. Agus rogha maidir le hiompar poiblí nua-aimseartha, iontaofa agus éifeachtach a chur ar fáil, spreagfaidh Luas Chorcaí aistriú ó úsáid carranna príobháideacha, brú tráchta a laghdú, astaíochtaí carbóin a laghdú, agus cáilíocht an aeir a fheabhsú. Rachaidh an tionscadal chun tairbhe go mór le tionscnaimh iompair inbhuanaithe eile freisin, amhail seirbhísí bus leathnaithe agus bonneagar feabhsaithe rothaíochta agus coisithe.”
Dúirt Ardmhéara Chathair Chorcaigh Dan Boyle; “Cuirtear an-fháilte roimh an bhfógra go bhfuil an bealach is dealraithí a roghnófar le haghaidh Luas Chorcaí seolta. Nasc atá ar iarraidh agus a bhfuil daoine ag fanacht leis le fada an lá, ach atá ríthábhachtach i mbonneagar iompair na cathrach, soláthróidh sé fíor-rogha ionas go mbeidh níos mó daoine ag taisteal ar iompar poiblí, spleáchas gluaisteán a laghdú, suíomhanna tábhachtacha a nascadh agus fás suntasach breise a cheadú i bhforbairt na cathrach. Is é an dúshlán a bhaineann leis ná a chinntiú go bhfuil sé tógtha agus ag feidhmiú sa tréimhse ama is giorra is gur féidir.”
Dúirt POF Eatramhach an ÚNI Hugh Creegan: “Is cuid lárnach de Straitéis Iompair Cheantar Chathrach Chorcaí é Luas Chorcaí (CMATS). Cuirfidh CMATS sraith seirbhísí iompair phoiblí ar fáil, lena n-áirítear Luas Chorcaí, BusConnects Chorcaí, feabhsúcháin ar iarnróid throma, infreastruchtúr sábháilte rothaíochta agus siúlóide. Cuirfear ar chumas Chorcaí agus an ré nua iompair phoiblí seo ar bun, forbairt a dhéanamh, agus beidh sí ina cathair inrochtana, ceangailte agus bhríomhar.”
Dúirt Peter Walsh, POF TII: “Tá sé léirithe arís agus arís eile ag TII go bhfuilimid trédhearcach maidir le rannpháirtíocht phoiblí, agus táimid ag tnúth le cloisteáil ón uile dhuine sula rachaimid ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den dearadh ar an tionscadal iompair phoiblí claochlaitheach seo do chathair Chorcaí.”
Má tá breis eolais uait ar thionscadal Luas Chorcaí www.luascork.ie