D’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) inniu seoladh píolótach nua Iompair Chliste atá Freagrach don Éileamh (IFÉ) i gCill Airne, atá le tosú ag feidhmiú ó Luan 11 Lúnasa 2025.
Is é an tionscnamh píolótach seo, atá mar chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh de chuid an ÚNI, an dara ceann dá leithéid a tugadh isteach agus tá sé mar aidhm leis, an chaoi a ndéanann pobail iompar poiblí a rochtain a athrú ó bhonn trí sheirbhís sholúbtha, atá bunaithe ar aip a chur ar fáil atá curtha in oiriúint do riachtanais áitiúla. Tagann sé seo sna sála ar sheoladh rathúil TFI Anseo in Acaill, Co. Mhaigh Eo, an mhí seo caite.
Cuirfidh an tionscnamh píolótach i gCill Airne seirbhís iompair phoiblí solúbtha, teicneolaíochta-chumasaithe ar fáil, a bhfuil sé mar aidhm aige trácht a mhaolú agus rochtain ar sheirbhísí riachtanacha a fheabhsú, lena n-áirítear coinní dochtúra, imeachtaí sóisialta agus limistéir mhiondíola.
Trí aip ‘TFI Anseo’ a úsáid, beidh paisinéirí in ann aistir feithicle ar éileamh a chur in áirithe go héasca — lena dtugtar le chéile áisiúlacht na comhroinnte síbe nua-aimseartha agus iontaofacht agus inacmhainneacht an iompair phoiblí.
Murab ionann agus seirbhísí bealaigh sheasta traidisiúnta, ligeann an tsamhail nuálach IFÉ Cliste seo do phaisinéirí iarraidh go mbailítear nó go bhfágtar iad áit ar bith laistigh de chrios ainmnithe Chill Airne, rud a chuireann solúbthacht agus inrochtaineacht níos fearr ar fáil do chách.
Tá scéim phíolótach IFÉ Cliste faoi threoir chóras bainistithe iompair atá comhtháite go hiomlán. Mar aon leis an aip paisinéara, cuimsítear leis an réiteach, aip tiománaí, tacaíocht ionaid teagmhála, deaiseanna oibritheora, teicneolaíocht bealaí chliste, ionsamhlúcháin iompair, agus bogearraí mar sheirbhís ó cheann go ceann agus seirbhísí comhairleacha.
Beidh an tseirbhís ar siúl seacht lá na seachtaine, ar feadh na bliana agus í á oibriú ag Nasc Áitiúil TFI Chiarraí agus trí úsáid a bhaint as feithiclí TFI Anseo atá brandáilte go soiléir. Tá sé mar aidhm aige an líonra iompair atá ann cheana a neartú trí mhinicíocht na seirbhísí a mhéadú agus rogha soghluaisteachta níos áisiúla, níos iontaofa agus níos infheicthe a thairiscint do chónaitheoirí laistigh den cheantar.
Chomh maith le tairbhí maidir le spriocanna aeráide agus maidir leis an líon aistear carr a laghdú, is é is aidhm do scéimeanna píolótacha IFÉ cliste nascacht an chéad mhíle agus an mhíle dheireanaigh a fheabhsú trí naisc inacmhainne áisiúla a chur ar fáil do líonraí iompair níos leithne.
Cosnóidh táillí formhór na dturas €3 nó níos lú, rud a chinnteoidh go mbeidh an tseirbhís inacmhainne do gach úsáideoir.
Dúirt Blathin McElligott, Ceann Seirbhísí Corparáideacha ag an Údarás Náisiúnta Iompair: “Is céim shuntasach chun cinn é seoladh píolótach TFI Anseo i gCill Airne inár misean athmhúnlú a dhéanamh ar an gcaoi a mbogann daoine timpeall ceantair uirbeacha na hÉireann. Úsáideann an tseirbhís nuálach seo—a forbraíodh i ndlúthchomhar le Nasc Áitiúil TFI Chiarraí agus Via Transportation—teicneolaíocht chliste agus léargas áitiúil chun réiteach iompair a sheachadadh atá solúbtha, cuimsitheach agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ceanglaíonn TFI Anseo daoine le poist, le hoideachas, le cúram sláinte agus le deiseanna sóisialta, agus ag an am céanna tacaíonn sé le spriocanna aeráide na hÉireann. Ós rud é gur tugadh an deis dom cur leis an tionscadal seo, táim bródúil as an méid atá bainte amach againn le chéile, agus molaim do gach duine sa phobal leas a bhaint as an tseirbhís nua seo.”
Dúirt Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil TFI Chiarraí, Alan O’Connell: : “Tá áthas orainn a bheith i gcomhpháirtíocht leis an Údarás Náisiúnta Iompair maidir leis an seirbhís bus TFI Anseo do Chill Airne.
“Is mór an difear a dhéanfaidh an tionscadal píolótach nuálach seo do Chill Airne trí sheirbhís seacht lá na seachtaine a sholáthar atá deartha le bheith ina rogha iompair phoiblí solúbtha, iontaofa agus inacmhainne.
“Trí dhaoine a nascadh le cinn scríbe tábhachtacha – amhail imeachtaí sóisialta, deiseanna fostaíochta, oideachas, cúram sláinte agus caitheamh aimsire – ní hamháin go bhfuilimid ag feabhsú inrochtaineachta ach táimid ag tacú le roghanna taistil níos inbhuanaithe freisin. Táimid muiníneach go ndéanfaidh TFI Anseo difríocht shuntasach i saol mhuintir Chill Airne.”
Leanfaidh an scéim phíolótach i gCill Airne ar feadh 12 mhí ar dtús. Molann ÚNI do chónaitheoirí triail a bhaint as an tseirbhís le linn na céime píolótaí agus aiseolas a thabhairt chun cuidiú le todhchaí na soghluaisteacha uirbí a mhúnlú.
Tá an tionscadal píolótach seo maoinithe faoi Chiste Gníomhaíochta Aeráide an Rialtais, ag tacú le réitigh iompair nuálacha a chuireann le spriocanna aeráide na hÉireann. Tá sé beartaithe limistéir phíolótacha bhreise a chur i bhfeidhm go luath amach anseo mar chuid de leathnú leanúnach chlár IFÉ Cliste.
Tá tuilleadh eolais faoin scéim phíolótach agus conas aip TFI Anseo a úsáid ar fáil ag Aip TFI Anseo – Transport for Ireland.
Is mórthionscnamh iompair phoiblí é an Plean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh a d’fhorbair an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) agus é mar aidhm aige nascacht a mhéadú, go háirithe do dhaoine a bhfuil cónaí orthu lasmuigh dár bpríomhbhailte agus dár gcathracha. Tá sé mar aidhm ag an bplean feabhas a chur ar shoghluaisteacht i gceantair thuaithe trí sheirbhísí iompair rialta agus inacmhainne a sholáthar a thairgeann saoirse taistil agus naisc iompair inbhuanaithe.