Tá tús curtha ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) inniu le hobair allamuigh don Suirbhé Náisiúnta Taistil Teaghlaigh 2025 (SNTT), céim ríthábhachtach i dtaca le tuiscint a fháil ar an gcaoi a dtaistealaíonn daoine ar fud na hÉireann ina saolta laethúla.

Tá sé mar aidhm ag an suirbhé náisiúnta léargas a fháil ar nósanna taistil na hÉireann, agus na staitisticí riachtanacha a sholáthar don ÚNI chun seirbhísí iompair phoiblí a phleanáil agus a fheabhsú chun freastal ar riachtanais atá ag athrú i gcónaí i measc dhaonra uirbeach agus tuaithe.

Roghnófar na teaghlaigh go randamach idir lár Mheán Fómhair agus go luath i mí na Nollag.

Roghnófar breis is 4,000 teaghlach go randamach agus déanfaidh saineolaithe taighde ag Ipsos B&A, atá coimisiúnaithe ag an ÚNI chun an suirbhé a chur i gcrích, teagmháil leo ar an bhfón idir lár Mheán Fómhair agus go luath i mí na Nollag. Iarrfar ar rannpháirtithe ceistneoir gearr teaghlaigh agus dialann taistil a líonadh, agus iad siúd a chur ar ais sa phost.

Roghnófar teaghlaigh le diailiú digití randamacha d’uimhreacha teileafóin (fón póca agus líne thalún). Tiocfaidh glaonna go díreach ó ionadaithe Ipsos B&A.

Cuimseoidh na ceisteanna topaicí lena n-airítear líon na dturas, bunús an turais agus ceann scríbe agus an modh taistil ar úsáideadh.

Beidh gach freagra gan ainm agus láimhseálfar iad i gcomhréir leis an dea-chleachtas i dtaighde suirbhé agus i gcosaint sonraí.

Seo an séú Suirbhé Náisiúnta Taistil Teaghlaigh

Seo an séú Suirbhé Náisiúnta Taistil Teaghlaigh, ó cuireadh tús leis sa bhliain 2012. Tá ról lárnach ag na sonraí i múnlú beartais náisiúnta amhail an Beartas Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe agus an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024.

Tá foireann Ipsos B&A an-oilte i mbailiú sonraí agus tá na sonraí uile dí-ainmnithe roimh anailís, ag teacht le dea-chleachtas taobh istigh den tionscal taighde suirbhé.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun suirbhéanna roimhe seo a fheiceáil, tabhair cuairt ar: https://www.nationaltransport.ie/planning-and-investment/transport-modelling/national-household-travel-survey/