D’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) inniu go leathnófar uaireanta feidhmiúcháin na seirbhíse TFI Anseo i nAcaill, rud a chuirfidh feabhas suntasach ar roghanna iompair áitiúla agus ar nascacht do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon.
Ón Luan, an 20ú Deireadh Fómhair, beidh an tseirbhís ag feidhmiú óna 7rn go dtí 8in, rud a sholáthróidh cúig huaire an chloig bhreise de sheirbhís gach lá. Tá sé i gceist leis an síneadh sin le huaireanta oibriúcháin go ndéanfar freastal níos fearr ar riachtanais na bpobal áitiúl trí níos mó roghanna taistil a chur ar fáil ar mhaithe le héascaíocht agus inrochtaineacht fheabhsaithe.
Cuirfidh na huaireanta breise sin feabhas freisin ar roghanna nascachta le haghaidh turais ar aghaidh ón oileán, lena n-áirítear naisc le Local Link 460a Gob an Choire go Caisleán an Bharraigh agus Bus Éireann 450 Dumhach – Cathair na Mart.
Is forbairt thábhachtach í an fhógra seo ar an tionscnamh píolótach Iompair Chliste atá Freagrach don Éileamh (IFÉ), atá trí mhí ar an bhfód anois. Ó seoladh an tionscnamh píolótach i mí Iúil, tá misneach le baint as líon na bpaisinéirí, agus méadú suntasach taghta ar úsáideoirí athfhillteacha, rud a léiríonn tábhacht na seirbhíse mar nasc iompair do chónaitheoirí i gceantair ina bhfuil deiseanna taistil teoranta.
Is tionscnamh nuálach é an tionscnamh píolótach sin faoi Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh ÚNI, a bhfuil d’aidhm leis feabhas a chur ar rochtain pobail thuaithe ar iompar poiblí.
Ag trácht di ar an bhfógra, dúirt Sarah Togher, Bainisteoir Ginearálta Nasc Áitiúil Mhaigh Eo: “Is freagra díreach iad na huaireanta leathnaithe ar aiseolas ó ár bpaisinéirí agus ar an éileamh méadaithe ar roghanna iompair níos inrochtana. Tá áthas orainn a fheiceáil go bhfuil an pobal ag glacadh leis an tseirbhís TFI Anseo agus táimid tiomanta leanúint d’fheabhsú na seirbhíse chun freastal ar riachtanais an cheantair.”
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi TFI Anseo agus chun an aip a íoslódáil, tabhair cuairt ar: Aip TFI Anseo – Transport for Ireland
Tá an tionscadal seo á mhaoiniú faoin gCiste Gníomhaíochta Aeráide (CAF) Rialtais, a thacaíonn le réitigh iompair nuálacha a chuireann le hÉirinn níos glaise agus níos nasctha. Bunaíodh an ciste chun dlús a chur le dul chun cinn i dtreo spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh, agus soláthraíonn sé tacaíocht airgeadais d’fheachtais cheannródaíocha nach mbeadh indéanta murach sin. Tá bainistiú an chiste faoi chúram na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil (DCEE).